Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) atá ar fáil d’fhostaithe a bhfuil clann acu. Tá sé ann le cuidiú le daoine ar phá íseal. Ní cháileoidh tú don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) má tá tú féinfhostaithe, ní mór duit a bheith i d’fhostaí le cáiliú.
Ní mór duit leanbh amháin ar a laghad a bheith agat a bhfuil gnáthchónaí air/uirthi in éineacht leat nó atá ag fáil tacaíocht airgeadais uait. Ní mór dod' pháiste a bheith faoi 18 mbliana d'aois nó idir 18 mbliana agus 22 bliain d'aois agus in oideachas lánaimseartha.
Le go mbeadh FIT ag dul duit, ní mór meánioncam seachtainiúil an teaghlaigh a bheith faoi leibhéal áirithe de réir líon do chlainne. Is 60% den difríocht idir ioncam glan do theaghlaigh agus an t-uasioncam atá ceadaithe do do theaghlach, an FIT atá duit. (Féach tuilleadh faoi ioncam glan teaghlaigh i ‘Rátaí’ thíos).
Má tá tú ag fáil FIT d’fheadfadh sé go bhfuil Liúntas Éadaigh agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag dul duit freisin.
Má cheapann tú gur diúltaíodh tú go héagórach faoi FIT, nó mura bhfuil tú sásta le cinneadh an Oifigeach Réitigh Leasa Shóisialaigh faoi do liúntais, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh.
Ní thógtar d'ioncam ó FIT san áireamh agus tú do do mheas i gcomhair Cárta Leighis.
Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é FIT do fhostaithe:
Go hiondúil leanann an íocaíocht ar feadh bliana agus ní thagann aon athrú uirthi de bharr ardú pá, mar shampla, nó aon ioncam breise a fhaigheann an teaghlach.
D’fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal FIT go fiú agus tú ag fáil Liúntas Chun Filleadh ar an Obair, má bhíonn do ioncam níos lú ná an t-íosmhéid atá ceadaithe do do theaghlach.
Ní féidir leat FIT a fháil má tá tú ag glacadh páirt i Scéim Fostaíochta Pobail nó in aon scéim eile de chuid FÁS seachas Tionscnamh Jabanna .
Níl FIT duit in éineacht le:
Má tá do chéile, do pháirtí sibhialta nó do chomháiritheoir ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo, is féidir leat a bheith i dteideal FIS. Ach, déanfar measúnú ar a (h)íocaíocht leasa shóisialaigh mar ioncam ar mhaithe le FIS. Má tá tú i dteideal FIS ní bhfaighidh siad íocaíocht duit níos mó agus beidh tionchar aige ar aon Ardú do Leanaí Cáilithe (IQC).
Féadfaidh tuismitheoir scartha cur isteach ar FIT má chomhlíonann sé nó sí na coinníollacha cáilitheacha agus
Ciallaíonn cothabháil go hiomlán gurb é an t airgead cothabhála a íocann tú, an t iarratasóir ar FIT, an t aon ioncam amháin atá ag d’iar-chéile/iar-pháirtnéir sibhialta/iar-chomhchónaitheoir.
Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach ar leith.
Cothabháil a íoc:
Más tuismitheoir idirscartha tú agus má tú ag íoc cothabhála
d’fhéadfadh sé go gcáileodh tú don FIT. Le cáiliú ní mór go mbeifeá
ag cothabháil an tuismitheora a bhfuil cónaí ar na leanaí leis/léi go
hiomlán nó i bpáirt. Ní féidir ach aon íocaíocht FIT amháin a dhéanamh
maidir le haon teaghlach, ní fhéadfaidh an tuismitheoir a bhfuil tú ag íoc
cothabhála leis/léi a bheith ag fáil FIT.
Má tá tú ag íoc cothabhála mar thoradh ar ordú cúirte nó comhaontú atá ina cheangal dlí le haghaidh teaghlach eile, ní dhéanfar méid na híocaíochta cothabhála sin a bhaint den ioncam le measúnú i gcomhair FIT.
Cothabháil a fháil:
Má tá tú ag fáil cothabhála, déanfar méid iomlán d’íocaíochta
cothabhála a mheasúnú mar ioncam i gcomhair FIT. Ní féidir ach aon
íocaíocht FIT amháin a dhéanamh maidir le haon teaghlach, ní fhéadfaidh
an tuismitheoir a bhfuil tú ag fáil cothabhála uaidh/uaithi a bheith ag
fáil FIT.
I gcás tuismitheora atá ag fáil cothabhála i gcomhair linbh incháilithe déanfar an chothabháil sin a mheasúnú i gcomhair FIT.
Má laghdaítear do phá san ionad oibre ní bheidh athrú íocaíochta ar bith don Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh (FIT) Ní bheidh méadú i gceist. Mar sin féin, nuair a chríochnaíonn d’íocaíocht FIT, is féidir leat iarratas a dhéanamh in athuair ag tabhairt sonraí den ioncam nua-laghdaithe atá agat. (Íoctar FIT ar feadh 52 seachtain go hiondúil. Ag deireadh an 52 seachtain, is féidir iarratas a dhéanamh in athuair ar FIT).
Má laghdaítear na huaireanta oibre a oibríonn tú gach seachtain go dtí faoi bhun 19 uair in aghaidh na seachtaine (38 uair in aghaidh na coicíse), ní bheidh tú i dteideal do FIT níos mó. Ba chóir duit fógra a thabhairt don rannóg FIT má thiteann do chuid uaireanta faoi bhun an riachtanais íosta.
Má chailleann tú do phost ní bheidh tú i dteideal FIT níos mó. Caithfidh tú fógra a thabhairt don rannóg FIT.
Áirítear FIT mar seo: 60% den difríocht idir uasioncam an teaghlaigh de réir líon na clainne agus ioncam inmheasta an duine/na ndaoine a bhfuil an gasúr/na gasúir faoina chúram/gcúram. I gcás lánúna (pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag maireachtáil i bhfochair a chéile) cuirtear an dá ioncam san áireamh.
Déantar ioncam ó aon fhoinse (seachas na neamhshuimeanna a luaitear thíos) a mheasúnú mar mhaoin, ach, cé nach bhfuil aon rialacha a chiallaíonn nach féidir caipiteal a mheasúnú, ní dhéanann an Roinn measúnú ar chaipiteal ná scrúdú ar do shonraí cuntais bainc i gcomhair FIT go hiondúil.
Seo a leanas na príomhnithe a chuirtear san áireamh le hioncam a mheas:
Ní áirítear na híocaíochtaí seo, áfach, mar ioncam teaghlaigh:
Ioncam a ríomh le haghaidh FIT
Áiríonn an Roinn Coimirce Sóisialaí do ioncam inmheasta agus do
mheánioncam thar thréimhse áirithe.
Más in aghaidh na seachtaine nó na coicíse a íoctar thú, áirítear do mheánioncam seachtainiúil thar thréimhse ceithre seachtaine. Más in aghaidh na míosa a íoctar thú, áirítear do mheánioncam seachtainiúil thar thréimhse ar leith dhá mhí. Má tá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir féinfhostaithe, áirítear a m(h)eánioncam seachtainiúil ar a (h)ioncam sa tréimhse 12 mí sula ndearna tú do iarratas.
Arís, le go mbeadh FIT ag dul duit ní mór meánioncam seachtainiúil an teaghlaigh a bheith faoi leibhéal áirithe de réir líon do chlainne.
| Líon páistí | Ioncaim teaghlaigh níos lú ná |
| páiste amháin | €506 |
| beirt pháistí | €602 |
| triuir páistí | €703 |
| ceathrar páistí | €824 |
| cúigear páistí | €950 |
| seisear páistí | €1,066 |
| seachtar páistí | €1,202 |
| ochtar páistí | €1,298 |
Tá sé tábhachtach go mbeadh fhios agat go bhfaighidh tú €20 ar a laghad in aghaidh na seachtaine, is cuma cé chomh beag an liúntas atá duit.
Féadfaidh tú foirm iarratais FIT a fháil anseo (pdf) nó féadfaidh tú cóip den fhoirm a fháil ón Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil. Tabharfaidh foireann an Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó Lárionad Faisnéise do Shaoránaigh chuile chúnamh dhuit leis an bhfoirm a líonadh.
Le dlús a chur le próiseáil do iarratais ar FIT bí cinnte go seolfaidh tú na cáipéisí seo in éineacht leis an bhfoirm iarratais: an fhoirm P60 is deireannaí, 2 duillín pá a fuair tú le gairid agus cóip den Teastas Creidmheasanna Cánach a fuair tú don bhliain chánach reatha.
Cuir an fhoirm iarratais chomhlánaithe chuig:
An Rannóg um Fhorlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.