Liúntas Banchéile Thréigth

Réamhrá

Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine atá sa Liúntas Banchéile Thréigthe a dhéantar le mná faoi 66 bliain d’aois nach bhfuil aon leanaí cleithiúnacha acu, ar thréig a bhfear céile iad agus nach gcáilíonn do Sochar Banchéile Thréigthe. Tá Liúntas Banchéile Thréigthe dúnta d’iarratais nua ón 2 Eanáir 1997 nuair a tugadh Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora isteach.

Leanann roinnt ban le Liúntas Banchéile Thréigthe a fháil mar gheall gur cháiligh siad don íocaíocht roimh an 2 Eanáir 1997 agus gur lean siad leis na critéir cháilitheacha a shásamh.

Rialacha

Íocaíocht atá i gceist le Liúntas Banchéile Thréigthe a dhéantar le bean ar thréig a fear céile í agus nár cháiligh do Shochar Banchéile Thréigthe (mar gheall nach raibh dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC curtha i gcuntas ar a cuntas féin árachais nó ar chuntas árachais a fir chéile roimh an dáta tréigthe). Íoctar Liúntas Banchéile Thréigthe go dtí do bhreithlá 66 bliain. Is féidir leat iarratas a dhéanamh ansin ar Phinsean Stáit (Neamh-Ranníocach).

Dúnadh an Liúntas d’iarratasóirí nua in Eanáir 1997. Lean roinnt ban le Sochar Banchéile Thréigthe a fháil mar Liúntas mar gheall gur cháiligh siad don íocaíocht roimh an 2 Eanáir 1997 agus gur lean siad leis na critéir cháilitheacha a shásamh, arb iad siúd:

  • Caithfidh nach bhfuil tú ag comhchónaí le haon duine
  • Níor thosaigh tú ag cónaí le d’fhear céile
  • Caithfidh tú tástáil mhaoine a shásamh

Is féidir leat eolas breise a fháil faoi na rialacha chun do Liúntas Banchéile Thréigthe a choimeád.

Ba cheart duit a insint don RCS i gcónaí má thagann aon athruithe ar do chúinsí fad a bhíonn Liúntas Banchéile Thréigthe á fháil agat. Má thagann athrú ar do mhaoin nó do chúinsí, b’fhéidir nach gcáileoidh tú don íocaíocht a thuilleadh nó b’fhéidir go ndéanfar é a laghdú. B’fhéidir go mbeidh ort ró-íocaíocht a aisíoc dá bharr seo.

Rataí

Is é €232 sa tseachtain an t-uasmhéid atá i gceist le Liúntas Banchéile Thréigthe in 2024.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas a dhéanamh a thuilleadh ar Liúntas Banchéile Thréigthe. Dúnadh an íocaíocht d’iarratasóirí nua ó Eanáir 1997 ar aghaidh.

Má tá Liúntas Banchéile Thréigthe á fháil agat, b’fhéidir go mbeidh tú i dteideal sochair bhreise a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS), Liúntas do Mhaireachtáil Aonair agus an Pacáiste Sochair Teaghlaigh san áireamh nuair a bhaineann tú 66 bliain d’aois amach.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Chun teacht ar bhreis eolais faoi Liúntas Banchéile Thréigthe, déan teagmháil le:

Roinn Coimirce Sóisialaí

Rannóg na n-Íocaíochtaí Banchéile Thréigthe

Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil: (071) 915 7100
Lóghlao: 0818 200 400 (Note: the rates charged for using 0818 (Lo-call) numbers may vary)
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2024