Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh le Teaghlaigh agus le Leanaí > Na híocaíochtaí leasa shóisialaigh banchéile thréigthe

Print Page Send to a Friend

Na híocaíochtaí leasa shóisialaigh banchéile thréigthe

Eolas

Is dhá íocaíocht iad Sochar Banchéile Thréigthe agus Liúntas Banchéile Thréigthe a íoctar le mná ar thréig a bhfear céile iad. Dúnadh an dá íocaíocht seo d'iarratais nua i mí Eanáir 1997 nuair a seoladh an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora Leanadh le híoc Sochair Bhanchéile Thréigthe agus Liúntais Bhanchéile Thréigthe le roinnt ban mar bhí siad cáilithe don íocaíocht roimh 2 Eanáir 1997 agus comhlíonann siad na critéir cháilithe go fóill.

Rialacha

Is íocaíocht do bhean ar thréig a fear céile í an Sochar Banchéile Thréigthe. Tá teidlíocht don íocaíocht bunaithe ar ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh atá íoctha ag an mbean nó ag a fear céile. Má tá go leor ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat (ní ag d'fhear céile) is féidir leat aistriú go Pinsean Stáit (Idirthréimse) agus 65 bliain d'aois sroichte agat. Íoctar Pinsean Stáit (Aistriú) ag ráta níos airde ná an Sochar Banchéile Thréigthe. Is féidir le mná atá ag fáil Sochar Banchéile Thréigthe aistriú go Pinsean Stáit (Ranníocach) nuair atá 66 bliain d'aois sroichte acu.

Má bhí ort aistriú ó Shochar Banchéile Thréigthe go hÍocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora chun a bheith aitheanta mar rannpháirtí ar Scéim Fostaíochta Pobail, is féidir leat anois iarratas a chur isteach chun an Sochar Banchéile Thréigthe a athbhunú. Tá an t-uasráta íocaíochta seachtainiúil don Sochar Banchéile Thréigthe níos airde ná an t-uasráta seachtainiúil don Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora. Má cháilíonn tú d'athbhunú do theidlíochta don Sochar Banchéile Thréigthe tá seans ann go mbeidh riaráistí ag dul duit chomh maith.

Is íocaíocht de réir tástála acmhainne an Liúntas Banchéile Thréigthe do mhná faoi 66 bliain d'aois, nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu agus ar thréig a bhfear céile iad agus nach bhfuil cáilithe don Sochar Banchéile Thréigthe. Aistreofar go huathoibríoch mná atá ag fáil an Liúntais Bhanchéile Thréigthe go dtí Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) nuair atá 66 bliain d'aois bainte amach acu.

Rátaí

Rátaí do Shochar Banchéile Thréigthe í 2012:

Ranníocaíochtaí ÁSPC Ráta in aghaidh na seachtaine Ráta in aghaidh na seachtaine: os cionn aois 66
48 nó os a chionn €193.50 €230.30
36-47 €190.70 €225.80
24-35 €188 €220.40

Rátaí laghdaithe Sochair Bhanchéile Thréigthe

Ó Bhealtaine 2007, gheobhaidh tú an t-uasráta Sochair Bhanchéile Thréigthe bunaithe ar do ranníocaíochtaí ÁSPC má tá d'ioncam bliantúil níos lú ná €20,000. Má tá d'ioncam bliantúil níos mó ná €20,000 gheobhaidh tú leath-ráta Sochair Bhanchéile Thréigthe ar feadh sé mhí.

Tá seans ann freisin go bhfaighidh tú ráta laghdaithe Sochair mura bhfuil go leor ranníocaíochtaí ÁSPC íoctha agat chun a bheith cáilithe don uasráta. Is féidir le do thuilleamh agus gan go leor ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag an am céanna d'íocaíocht a laghdú.

Tugtar faoi deara le do thoil nach mbaineann ráta laghdaithe Sochair Bhanchéile Thréigthe bunaithe ar thuilleamh gan go leor íocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat le héilimh a cuireadh isteach roimh an 31 Lúnasa 1992.

Rátaí Liúntais Bhanchéile Thréigthe í 2012:

Uasráta pearsanta in aghaidh na seachtaine €188

Conas iarratas a dhéanamh

Ní féidir iarratas a chur isteach a thuilleadh ar Shochar Banchéile Thréigthe ná ar Liúntas Banchéile Thréigthe - dúnadh na híocaíochtaí seo d' iarratasóirí nua ó Eanáir 1997 i leith.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Le haghaidh níos mó eolais faoi íocaíochtaí Banchéile thréigthe, déan teagmháil le:

Roinn Coimirce Sóisialaí

Rannóg na n-Íocaíochtaí Banchéile Thréigthe
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Cúnamh sóisialach in Éirinn
    Ní mór duit gnáthchónaí a bheith agat in Éirinn agus ní mór duit tástáil acmhainne a shásamh le cáiliú do na híocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh. Liostaíonn an doiciméad seo na híocaíoctaí cúnaimh shóisialaigh éagsúla ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
  • An Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora
    Is íocaíocht d'fhir agus do mhná a bhíonn ag tógáil clainne gan tacaíocht óna pháirtí atá i gceist leis an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
  • Scéim Fhostaíochta Pobail
    Tugann an Scéim Fhostaíochta Pobail cabhair do dhaoine dífhostaithe fadtéarmach agus daoine eile chun dul ar ais ag obair. Cuireann an scéim socrúcháin páirtaimseartha agus sealadacha ar fáil i jabanna pobail áitiúla.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.