Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh le Teaghlaigh agus le Leanaí > Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil

Print Page Send to a Friend

Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil

Eolas

Tá an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil ann chun cabhrú le scoláirí atá ag freastal ar scoil costais scoile agus bróga a ghlanadh. Oibríonn an scéim ó 1ú Meitheamh go dtí an 30ú Meán Fomhair.

Chun a bheith i dteideal an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil, tá coinníollacha áirithe go gcaithfidh an iarrthóir (tuismitheoir nó caomhnóir) a chomhlíonadh:

Tá an scéim dúnta anois. Scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí gach iarratas faighte (nach bhfuil próiseáilte fós).

Rialacha

D'fhéadfá a bheith i dteideal an Liúntais Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil má tá tú i gceann de na grúpaí seo a leanas:

  • Tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh (Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh nó íocaíocht FSS san áireamh)
  • Tá tú ag glacadh páirt i scéim fostaíochta aitheanta
  • Tá tú ag glacadh páirt i gcúrsa aitheanta oideachais nó traenála
  • Tá tú páirteach i Scéim Pháirtíocht Ceantair
  • Tá tú ag freastal ar scéim traenála de chuid FÁS, Fáilte Ireland nó LES

Teorainn ioncam

Chun a bheith i dteideal an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil, ní mór ioncam iomlán an teaghlaigh a bheith faoi bhun na figiúirí atá leagtha amach sa tábla thíos.

Séard atá i gceist le ioncam iomlán an teaghlaigh na do phríomh íocaíocht leasa shóisialaigh nó FSS, an ioncam ó aon pháistí cleithiúnach atá ar Youthreach agus aon ioncam eile atá agat, páigh ina measc (roimh cháin ach ÁSPC agus costaisí taistil réasúnta as an áireamh) agus cothabháil.

Tá measúnú do chostais taisteal ag brath ar an áit ina bhfuil tú i do chónaí. De ghnáth i gceantair uirbeach ceadaítear fíorchostas iompair phoiblí. I gceantair thuaithe, ceadaítear úinéirí gluaisteáin, míleáiste ar ráta 30 cent in aghaidh an mhíle nó 18 cent in aghaidh an chiliméadair, chomh maith le €50 sa tseachtain chun buanmhuirir (dímheas agus costais reatha) a chlúdach. Más rud é go dteastaíonn dhá ghluaisteán ó lánúin chun taisteal chun oibre, ceadaítear méid dúbailte. Áfach, is féidir leis an Oifigeach Leasa Phobal a dhéanann measúnú ar d’iarratas ar Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil bealach difriúil a úsáid chun do chostais taisteal a mheasúnú. Ba chóir duit déan teagmháil leis an Oifig Leasa Phobal atá ag déileáil le d’iarratas chun aimsiú conas a bheith do chostais taisteal measúnaithe – féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Meastar luach infheistíochtaí, taisce nó maoine (ach ní luach do bhaile féin) de réir na foirmle seo a leanas:

Caipiteal Acmhainn sheachtainiúil mheasúnaithe
An chéad €5,000 Ní ghlactar san áireamh
An chéad €10,000 eile €1 sa €1,000
An chéad €25,000 eile €2 sa €1,000
Iarmhéid €4 sa €1,000

Ní chuirtear san áireamh aon ioncam a fhaigheann tú ó thaobh forlíonadh cíosa nó ús morgáiste, Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh, Liúntas Leasa do Dhall, Liúntas Traenáil Athshlánú, fostaíocht athshlánúcháin (suas go €120 sa seachtain), cúntóir baile, Liúntas Cúram Baile, Liúntas Soghluaiseachta agus Scéim um Dheontais Ardoideachais.

Lánúin 2011

Lánúin le Teorainn Ioncam i 2011
Páiste amháin €563.60
2 pháiste €593.40
3 pháiste €623.20
4 pháiste €653*

*Déantar méadú €29.80 do gach páiste de bhreis

Tuismitheoirí aonair 2011

Tuismitheoir aonair le Teorainn ioncam i 2011
Páiste amháin €410.10
2 pháiste €439.90
3 pháiste €469.70
4 pháiste €499.50*

*Déantar méadú €29.80 do gach páiste de bhreis

Daoine ar Liúntais Ar Ais Chun Oideachas nó SDOG

Má tá tú ar Liúntais Ar Ais Chun Oideachas nó SDOG, is féidir leat cur isteach ar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil. Déanfar measúnú ort ar an tástáil mhaoine chaighdeánach agus caithfidh d’ioncam iomlán teaghlaigh a bheith faoin ioncam atá leagtha amach thuas.

Daoine ar scéimeanna áirithe filleadh ar obair

Tá roinnt coinníollacha speisialta ann do dhaoine atá ar scéimeanna mar Liúntas um Fhilleadh ar an Obair (Fostaithe), Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar an Obair, Fostaíocht Pobail, Tionscnamh Poist, Cuidiú Poist Ioncaim, Scéim Shóisialta na Tuaithe, Tús agus an Clár Seirbhísí Pobail (Fostaithe Deontaschúnta).

Má bhí tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh roimh dhul ar cheann de na scéimeanna seo, déanfar measúnú ort ar dtús agus an tástáil mhaoine chaighdeánach don Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil.

Má theipeann ort cáiliú agus an tástáil mhaoine chaighdeánach á húsáid, déanfar athmheasúnú ort le fáil amach an dtiocfadh leat an liúntas a choinneáil mar leas tánaisteach faoi na scéimeanna éagsúla um fhilleadh ar an obair. Faoin athmheasúnú is féidir leat do theidlíocht maidir leis an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil a choinneáil nó cur isteach air mura raibh páiste incháilithe agat roimhe seo, ar an choinníoll go bhfuil d'ioncam teaghlaigh comhlán níos lú ná €317.43.

San athmheasúnú maoine, ní chuirtear luach an Liúntais um Fhilleadh ar an Obair agus an Fhorlíonaidh Ioncaim Teaghlaigh san áireamh agus d’ioncam teaghlaigh comhlán á áireamh.

Nuair a cháilionn tú trí usáid measúnú leas tánaisteach (€317.43) is fearr seans agat má tá tú ag fáil Liúntas um Fhilleadh ar an Obair (Fostaithe) nó Liúntas Fiontair um Fhilleadh ar an Obair.

Rátaí

Sé ráta an liúntais a íoctar do páistí atá idir 2 agus 11 bliana d'aois roimh an 1ú Deireadh Fómhair 2011 ná €200.

Sé ráta an liúntais a íoctar do páistí atá idir 12 agus 17 bliana d'aois roimh an 1ú Deireadh Fómhair 2011 ná €305.

Conas iarratas a dhéanamh

Tá an scéim oscailte ón 1 Meitheamh go dtí an 30 Meán Fómhair.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Ba cheart foirmeacha iarratais chomhlánaithe chomh maith leis an doiciméadú tacaithe a sheoladh ar ais chuig:

An Roinn Coimirce Sóisialta

Bosca PO 131
Leitir Ceannainn
Co. Dhún na nGall

Seans go dtógfaidh cúpla seachtain chun d’iarratas a phróiseáil.

Má tá tú míshásta leis an gcinneadh a rinneadh ar d’iarratas, ba cheart duit litir a sheoladh chuig an Roinn Athbhreithnithe Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua ag an seoladh thíos ag leagadh amach na fáthanna nach bhfuil tú sásta leis an gcinneadh agus ag fiafraí ar athbhreithniú ar an éileamh.

An Roinn Coimirce Sóisialta

Back to School Clothing and Footwear Allowance Review Section
Bosca PO 131
Leitir Ceannainn
Co. Dhún na nGall

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 13 October 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.