Print Page Send to a Friend

Sochar Uchtaíoch

Eolas

Is íocaíocht é Sochar Uchtaíoch a fhaigheann máthair a bhfuil leanbh uchtaithe aici nó fear aonair a uchtaíonn leanbh. Ní mór coinníollacha áirithe ranníocaíochtaí ÁSPC a chomhlíonadh ar do chúrsaí árachais féin.

Íoctar Sochar Uchtaíoch ar feadh tréimhse 24 seachtaine ón dáta ar tháinig an leanbh chugat.

Ba chóir duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Uchtaíoch 5 seachtaine sula mbeartaíonn tú dul ar shaoire uchtaíoch.

Má cheapann tú go bhfuil Sochar Uchtaíoch diúltaithe duit go héagórach nó go raibh cinneadh eile a rinne an Roinn Coimirce Sóisialaí éagórach is féidir achomharc a chur faoi bhráid Oifig na nAchomharc.

Rialacha

Le cáiliú le Sochar Uchtaíoch a fháil ní mór duit a bheith fostaithe i bpost atá clúdaithe faoin Acht um Shaoire Uchtaíoch 1995 díreach roimh an chéad lá de do shaoire uchtaíoch agus caithfidh tú:

  • Ar a laghad 39 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha agat sa tréimhse 12 mí roimh theacht an linbh

  • Ar a laghad 39 seachtaine ÁSPC ó thosaigh tú ag obair den chéad uair agus ar a laghad 39 seachtaine ÁSPC a bheith íoctha agat nó curtha chun creidmheasa sa bhliain chánach ábhartha nó sa bhliain chánach cuí i ndiaidh na bliana cánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire uchtaíoch i 2012, is í 2010 an bhliain chánach ábhartha agus is í 2011 sa bhliain chánach cuí i ndiaidh na bliana cánach ábhartha.

  • Ar a laghad 26 seachtainí ÁSPC íoctha sa bhliain cánach ábhartha agus ar a laghad 26 seachtainí ÁSPC íoctha sa bhliain cánach roimh an bhliain cánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire uchtaíoch i 2012, is í 2010 an bhliain chánach ábhartha agus is í 2009 an bhliain chánach roimh an bhliain chánach ábhartha.

Tá ÁSPC ag comhaireamh Aicmí A, E, agus H

Má bhíodh tú i bhféinfhostaíocht inárachais sular thosaigh tú i bfhostaíocht inárachais (mar fhostaí), b’fhéidir go gcabhróidh na ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme S) a d’íoc tú leat chun cáiliú le haghaidh Sochair Uchtaíoch mura sásaíonn tú na coinníollacha fostaithe mar atá luaite thuas.

Má bhíonn tú féinfhostaithe ní mór duit:

  • 52 seachtaine ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag Aicme S sa bhliain chánach ábhartha

  • 52 seachtaine ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ag Aicme S sa bhliain cánach roimh an bhliain chánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire uchtaíoch i 2012, is í 2010 an bhliain chánach ábhartha agus is í 2009 an bhliain chánach roimh an bhliain chánach ábhartha.

  • 52 ranníocaíocht ÁSPC cháilitheacha íoctha ag Aicme S sa bhliain chánach níos deireanaí ná an bhliain chánach ábhartha. Mar shampla, má bhíonn tú ag dul ar shaoire uchtaíoch i 2012, is í 2010 an bhliain chánach ábhartha agus is í 2011 sa bhliain chánach cuí i ndiaidh na bliana cánach ábhartha.

Má tá tú féinfhostaithe anois ach má bhí tú i bhfostaíocht faoi árachas sula raibh tú féinfhostaithe, d'fhéadfadh na ranníocaíochtaí ÁSPC (Aicme A, E agus H) a rinne tú nuair a bhí tú fostaithe cuidiú leat chun Sochar Uchtaíoch a bhaint amach mura gcomhlíonann tú na coinníolla féinfhostaíochta thuasluaite.

Is éard atá i gceist le bliain chánach ábhartha ná an bhliain dara chánach iomlán roimh an mbliain shocair sula dtosaíonn do shaoire uchtaíoch. Tosaíonn an Bhliain Shochair ar an gcéad Luan de mhí Eanáir gach bliain fhéilire agus críochnaíonn ar an Domhnach díreach roimh an gcéad Luan sa bhliain fhéilire dár gcionn. Mar shampla, i gcás éilimh a rinneadh i 2012, is é 2010 an Bhliain Chánach Ábhartha.

Árachas ó fhostaíocht i dtír eile

Má bhí tú fostaithe cheana i dtír ar bhain rialacháin an AE léi nó tír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh ag Éirinn léi, d'fhéadfá do thuairisc árachais ón tír sin a chur le do ranníocaíochtaí ÁSPC in Éirinn ar an gcoinníoll go bhfuil ar a laghad ranníocaíocht amháin ÁSPC ag an ráta iomlán íoctha agat ó tháinig tú ar ais go hÉirinn chun cabhrú leat cáiliú don Sochar Uchtaíoch. I gcás sin, ba chóír duit d'iarratas ar Shocar Uchtaíoch a chur isteach 12 seachtaine roimh bhreith do linbh.

Tá tuilleadh eolais in ár doiciméad maidir le ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal.

Doiciméid tabhachtacha

Caithfidh tú teastas áirthinte a chur ar fáil, mar chruthúnas ar áirthint do linbh. Caithfidh tú an fhoirm sin a fháil ón nGníomhaireacht Uchtaithe Chláraithe nó ón Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte a bheidh ag réiteach na háirthinte.

Sa chás gur uchtú ó thar lear a bheidh i gceist, ní mór cóip den Dearbhú Oiriúnachta arna eisiúint ag an Údarás Uchtála na hÉireann. Ní féidir aon íocaíocht Sochar Uchtaíoch a dhéanamh go bhfaightear an Teastas Áirithinte nó an Dearbhú Oiriúnachta.

Rátaí

Má tá tú fostaithe, comhdhéantar an ráta seachtainiúil de Shochar Uchtaíoch a gheobhaidh tú trí d'ioncam comhlán sa bhliain chánach chuí a roinnt ar an líon seachtainí ar fad a d'oibrigh tú ar feadh na bliana sin - íoctar 80% de sin go seachtainiúil, faoi réir íosíocaíochta agus ar uasíocaíochta. Is éard atá i gceist le Bliain Chánach Chuí ná an bhliain deiridh cánach iomlán roimh an mbliain sula dtosaíonn do shaoire uchtaíoch.

Má tá tú féinfhostaithe comhdhéantar an ráta seachtainiúil de Shochar Uchtaíoch a gheobhaidh tú trí d'ioncam comhlán sa bhliain chánach chuí a roinnt ar 52 seachtainí - íoctar 80% de sin go seachtainiúil faoi réir íosíocaíochta agus ar uasíocaíochta.

Rátaí íocaíochta í 2012

Íosíocaíocht: €217.80

Uasíocaíocht: €262

Rátaí Laghdaithe

Bionn tú i dteideal Sochar Uchtaíoch leath ráta a fháil má bhíonn tú ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas:

Conas a íoctar Sochar Uctaíoch

Is féidir Sochar Uchtaíoch a íoc isteach díreach chuig do chuntas bainc nó do chuntas cumann foirgníochta (tugtar Íocaíocht Dhíreach air sin) nó trí sheic a chuirtear sa phost agat gach seachtain ar an Máirt.

Conas iarratas a dhéanamh

Comhlíon Foirm AB1 le haghaidh Sochair Uctaíoch (pdf) agus seol ar ais í i dteannta na dteastas ábhartha ar fad chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí ag an seoladh a liostaítear thíos. Tá cóip den fhoirm seo ar fáil chomh maith ó d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó trí theagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Sochair Uchtaithe ag an seoladh nó ag an uimhir theileafóin thíos.

Tabharfaidh d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil cúnamh duit agus tú ag comhlíonadh na foirme agus is féidir leat dul i dteagmháil leis an Rannóg an tSochair Uchtaíoch freisin ach úsáid a bhaint as an eolas teagmhála thíos má bhíonn fiosrú ar bith agat.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg an tSochair Uchtaíoch

Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Buncrana
Dún na nGall
Éire

Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 February 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sochar Máithreachais
    Is íocaíocht í Sochar Máithreachais a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí le mná a bhíonn ar shaoire mháithreachais ón obair. Faigh tuilleadh faoi Shochar Máithreachais agus conas iarratas a dhéanamh.
  • An t-árachas sóisialach in Éirinn
    De thoradh ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh bíonn tú i dteideal réimse leathan sochar atá riartha ag an Roinn Gnóthaí Sóisialacha agus Teaghlaigh.
  • Ranníocaíochtaí deonacha árachais shóisialaigh
    Is féidir le ranníocaíochtaí deonacha árachais shóisialta cuidiú leat cáiliú i gcomhair íocaíochtaí árachais shóisialaigh sa todhchaí. Faigh amach tuilleadh faoi ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.