Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh le Teaghlaigh agus le Leanaí

Print Page Send to a Friend

Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh le Teaghlaigh agus le Leanaí

Overview Document Na híocaíochtaí do theaghlaigh agus leanaí Tá cur síos anseo ar na sochair leasa shóisialaigh ata ar fáil do theaglaigh agus leanaí.

Sochar Máithreachais
Is íocaíocht í Sochar Máithreachais a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí le mná a bhíonn ar shaoire mháithreachais ón obair. Faigh tuilleadh faoi Shochar Máithreachais agus conas iarratas a dhéanamh.

Sochar Linbh
Is íocaíocht Stáit é Sochar Linbh a íoctar le tuismitheoirí nó le caomhnóirí leanaí atá faoi 16 bliana d'aois, nó faoi 18 bliana d'aois má bhíonn an leanbh in oideachas lánaimseartha nó má tá an leanbh faoi mhíchumas.

An Íocaíocht Theaghlaigh Aontuismitheora
Is íocaíocht d'fhir agus do mhná a bhíonn ag tógáil clainne gan tacaíocht óna pháirtí atá i gceist leis an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.

Sochar Sábháilteachta agus Sláinte
Achoimre ar Shochar Sábháilteachta agus Sláinte do mhná in Éirinn atá ag iompar/ag tabhairt bainne cíche dá leanaí.

Sochar Uchtaíoch
Déanann an doiciméad seo cur síos ar an íocaíocht sochar uchtaíoch a íocann an RGSPT le daoine a comhlíonann critéir áirithe. Míníonn sé chomh maith conas a ríomhtar an ráta íocaíochta.

Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh
Íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh do dhaoine ar phá íseal. Le go bhféadfá é a fháil is cuma pósta nó gan a bheith pósta tú ach caithfidh duine clainne amháin ar a laghad a bheith agat.

Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil
Íoctar an Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil gach bliain le teaghlaigh atá ar íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh agus sochair. Cabhraíonn an scéim leo leis an gcostas a bhaineann le páistí a chur ar ais chuig an scoil.

Na híocaíochtaí leasa shóisialaigh banchéile thréigthe
Is íocaíocht árachais shóisialaigh é an Sochar Banchéile Thréigthe a íoctar le bean ar thréig a fear céile í. Is liúntas de réir tástála acmhainne é an Liúntas Banchéile Thréigthe a íoctar le mná nach bhfuil cáilithe do Shochar Banchéile Thréigthe. Cuireadh deireadh leis an dá íocaíocht d' iarratasóirí nua i mí Eanáir 1997. Faigheann roinnt ban, áfach, íocaíocht banchéile thréigthe go fóill.

Toircheas agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh
D'fhéadfadh tionchar a bheith ag toircheas ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh. D'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíocht dhifriúil a fháil nó méadú a fháil id' íocaíocht reatha. Faigh tuilleadh eolais anseo.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.