Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach

Réamhrá

Soláthraíonn an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach (LFG) tacaíocht do dhaoine atá tar éis a bpost a chailleadh agus atá ag iarraidh a ngnó féin a thosú.

Chun a bheith i dteideal na híocaíochta seo, ní mór duit a bheith ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist. Níl aon tréimhse cháilitheach, rud a chiallaíonn nach bhfuil ort a bheith ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist ar feadh tréimhse ar leith. Ach, ní bheidh tú i dteideal na híocaíochta seo má tá tú ag fáil Shochar Cuardaitheora Poist agus ag obair go páirtaimseartha.

An Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach íoctha uait in áit do Shochar Cuardaitheora Poist ar feadh uasmhéid de 9 mí. Críochnaíonn sé nuair a thagann deireadh le do theidlíocht do Shochar Cuardaitheora Poist (is é sin ag ceachtar 9 nó 6 mhí).

Rialacha

Chun a bheith i dteideal Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach ní mór duit a bheith ag fáil nó a bheith i dteideal Shochar Cuardaitheora Poist. Ní mór don ghnó a bhfuil sé i gceist agat a bhunú a bheith:

Faomhadh roimh ré i scríbhinn ag Oifigeach Cáis in oifig leasa shóisialaigh áitiúil/Ionad Intreo nó do Chuideachta Forbartha Comhtháite Áitiúla (ILDC)/Chuideachta Páirtíochta má tá cónaí ort i gceantar Páirtíochta nó ILDC.

Ní bheidh fostaíocht shéasúrach, shealadach nó féin-fhostaíocht pháirt-aimseartha i dteideal Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach.

Ní mór duit teagmháil la dhéanamh leis an Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí láithreach má thagann deireadh le d'fhéin-fhostaíocht nó má ghlacann tú le post.

Deontais Fhostaíochta

Ní bheidh tionchar ag deontais fhostaíochta ó Oifigí Fiontair Áitiúla nó ó Chuideachta Forbartha Comhtháite Áitiúla ar do theideal Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach.

Cabhair ag tosú gnó

Chomh maith le tacaíocht ioncaim (d'íocaíocht sheachtainiúil), is féidir leat tacaíocht airgeadais a fháil chomh maith leis na costais a bhaineann le do ghnó a bhunú. Cuirtear na tacaíochtaí sin ar fáil faoi scéim ar a dtugtar an Deontas Tacaíochta Fiontair (ESG). (Chuaigh an ESG in áit an Scéim um Chúnamh Teicniúil agus Oiliúna.)

Ní féidir leat an ESG a fháil ach má cheadaíodh an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó an Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach duit. Caithfidh an plean gnó a chuirfidh tú isteach mar chuid d'iarratas ar an scéim, an réasúnaíocht agus an riachtanas maidir le tacaíocht airgeadais a leagan amach. Íoctar an ESG le daoine a fhaigheann an STEA ar bhonn pro-rata - is féidir uasmhéid €937 a íoc le daoine ar STEA 9 mí agus uasmhéid €625 le daoine ar STEA 6 mhí. Caithfidh tú a bheith in ann ranníocaíocht comhfhreagrach idir 10% agus 20% a dhéanamh chun tacaíocht deontais a fháil. Tá liosta ann de na nithe atá incháilithe le haghaidh tacaíocht deontais (pdf). Ní mór duit fianaise dhoiciméadach a sholáthar ar na costais (luachanna ó 2 sholáthróir ar a laghad nó, más soláthraí amháin atá i gceist, na cúiseanna le soláthróir amháin a roghnú).

Tabhair faoi deara go n-íoctar an ESG le daoine a fhaigheann an STEA ar bhonn pro-rata. Is féidir uasmhéid €937 a íoc le daoine ar STEA 9 mí agus uasmhéid €625 le daoine ar STEA 6 mhí.

Tabhair faoi deara nach bhfuil ceart uathoibríoch agat ar aon cheann de na suimeanna seo. Déanfaidh Cásoifigeach na Roinne Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí measúnú ar d'iarratas agus ar incháilitheacht.

Níl roinnt míreanna incháilithe le haghaidh tacaíochta deontais faoin ESG. Lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • Costais Tógála/áitribh ar cíos
  • Costais taistil
  • Árachas (seachas dliteanas poiblí)
  • Éadaí pearsanta agus éide (seachas éadaí cosanta)
  • Cláir forbartha gairmiúla eagraithe ag comhlachtaí gairmiúla agus rialála
  • Aon chineál feithicle a cheannach
  • Stoc i dtrádáil
  • Traenáil nó oideachas seachas é sin a shonraítear
  • Costais fóntais, nasc nó soláthar agus rátaí údaráis áitiúla

Rataí

Má tá tú i dteideal, tógfaidh an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach áit do Shochar Cuardaitheora Poist.

Íocfar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach ag an ráta céanna le do Shochar Cuardaitheora Poist, lena n-áirítear aon ardú do dhuine fásta nó páiste cleithiúnach.

Beidh sé críochnaithe nuair a thagann deireadh le do theideal Shochar Cuardaitheora Poist.

D’fhéadfadh an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach a íoc díreach isteach chuig do chuntas bainc nó do chuntas chumann foirgníochta ar bhonn seachtainiúil. Ní féidir é a íoc isteach i gcuntas morgáiste.

Tá an Liúntas Cuardaitheora Poist faoi réir cháin ioncaim ar an mbealach céanna is atá Sochar Cuardaitheora Poist. Soláthraíonn an scéim Do Chuid Gnó a Chur ar Bun (SYOB) faoiseamh cánach do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh 12 mhí ar a laghad, ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh agus atá ag cur gnó incháilithe ar bun. Ritheann an scéim ó 25 Deireadh Fómhair 2013 go 31 Nollaig 2018 agus soláthraíonn sé díolúine ó ioncam cánach ar feadh 2 bhliain (suas go dtí uasmhéid €40,000 sa bhliain) do dhaoine atá dífhostaithe ar feadh 12 mhí ar a laghad sula gcuirfidh siad a gcuid gnó ar bun.

Buntáistí tánaisteacha

Coinneoidh tú aon teideal atá agat do bhuntáistí tánaisteacha a bhí á bhfáil agat le do Shochar Cuardaitheora Poist chomh fada agus a leanann tú ar aghaidh ag sásamh na gcoinníollacha. Mar shampla, cárta leighis agus Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua.

Ach, seans go mbeidh tionchar ag méadú ar d’ioncam ar d'Fhorlíonadh Cíosa nó d'Fhorlíonadh Ús Morgáiste. Chun a fháil amach cén chaoi a d’fhéadadh tionchar a bheith aige seo ar d’Fhorlíonadh Cíosa déan teagmháil le d’Oifigeach Leasa Pobail áitiúil.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach, líon isteach foirm iarratais STEA 1 (pdf).

Má tá cónaí ort i gceantar atá clúdaithe ag Cuideachta Forbartha Comhtháite Áitiúil (LDC) nó Cuideachta Páirtíochta Áitiúil ba cheart duit an fhoirm STEA 1 a sheoladh ar ais chuig an Oifigeach Fiontraíochta i do Pháirtíocht Áitiúil nó ILDC. Mura bhfuil cónaí ort i LDC, ba cheart duit an fhoirm STEA 1 a sheoladh ar ais chuig an Áisitheoir Post i d’oifig leasa shóisialaigh áitiúla ó ionad Intreo.

Breathnóidh an tOifigeach Fiontraíochta nó an tOifigeach Cáis ar do thogra gnó agus seans go bpléifidh sé/sí gnéithe áirithe de leat. Ní féidir leat tús a chur le féin-fhostaíocht go dtí go bhfaigheann tú faomhadh i scríbhinn ón LDC nó ón Roinn Coimirce Sóisialta.

Má ghlactar leat ar an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach, ní mór duit clárú mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Má tá cónaí ort i gceantar atá clúdaithe ag Cuideachta Páirtíochta Áitiúil nó Cuideachta Forbartha Comhtháite Áitiúil (LDC) (pdf), ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an Oifigeach Fiontraíochta i do Pháirtíocht Áitiúil nó ILDC.

Mura bhfuil cónaí ort i gCeantar Páirtíochta/ILDC, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chuig an Oifigeach Cáis i d’Ionad Intreo ó oifig leasa shóisialaigh áitiúla.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Meitheamh 2019