Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh agus Obair > Cúnamh do dhaoine ar phá iseal in Éirinn

Print Page Send to a Friend

Cúnamh do dhaoine ar phá iseal in Éirinn

Eolas

Tugtar cúnamh do fhostaithe ar phá íseal in Éirinn tríd an gcóras cánach agus tríd an gcóras leasa shóisialaigh.

Rialacha

Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh

Is íocaíocht sheachtainiúil saor ó cháin é an Forlíonadh Ioncaim Teaghlaigh a chuidíonn le daoine ar phá íseal. Tá sé ar fáil ag fostaithe a bhfuil clann acu.

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh a choinneáil

I gcásanna áirithe beidh cead agat íocaíochtaí leasa shóisialaigh (nó cuid acu ar a laghad) a choinneáil nuair a thosaíonn tú ag saothrú. Mar shampla:

Agus tú ag obair páirtaimseartha suas le trí lá sa tseachtain d’fhéadfaí go bhféadfá cuid den Sochar Cuardaitheora PoistLiúntas Cuardaitheora Poist a choinneáil. Is féidir bheith ag saothrú pá comhlán suas le €146.50 sa tseachtain (pá comhlán €7,618.43 sa bhliain) agus tú ag fáil Sochar Teaghlaigh Aontuismitheora. Is féidir íocaíocht ar ráta laghdaithe a choinneáil agus tú ag saothrú idir €146.50 agus €425.

An Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair:

Faoi na scéimeanna seo, is féidir leat a bheith féinfhostaithe agus méid áirithe de d'íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád. Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair

Do chárta leighis a choinneáil

Má tá íocaíochtaí dífhostaíochta nó Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora á fháil agat ar feadh tréimhse 12 mhí, agus má tá tú ag filleadh ar obair lánaimseartha, beidh cead agat do chárta leighis a choinneáil ar feadh tréimhse 3 bliana is cuma cé mhéid a bheidh á thuilleamh agat.

Cáin

Daoine in Éirinn a bhfuil a n-ioncam níos lú ná suim áirithe, ní ghearrtar cáin orthu. Tá tuilleadh eolais le fáil ar an mbileog Tax Exemption and Marginal Relief (IT 8) (pdf) ó na Coimisinéirí Ioncaim. Tá tuilleadh eolais maidir le teorannacha faoiseamh cánach agus faoiseamh imeallach le fáil ó d’oifig chánach áitiúil.

Cúnamh Poist Ioncaim

Is liúntas cánach breise é Cúnamh Poist Ioncaim do dhaoine a bhí dífhostaithe ar feadh 12 mhí nó tréimhse níos faide ná sin nó atá ag filleadh ar fhostaíocht.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 15 September 2011

Teanga

English | Polsku

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.