Na híocaíochtaí míchumais agus obair

Réamhrá

Má tá íocaíochtaí áirithe míchumais á bhfáil agat, b’fhéidir go gceadófaí duit obair nó oiliúint a dhéanamh. Ní mór do dhaoine atá ag fáil Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte, agus ar mian leo beith ag obair (gan obair dheonach a áireamh) aistriú chuig an Scéim um Chumas Páirteach.

Go ginearálta, measúnófar d’ioncam ón obair i dtástáil acmhainne má tá íocaíocht atá tástáilte ó thaobh acmhainne á fáil agat. Ní mheasúnófar cuid de d’ioncam ón obair, áfach.

Tá uirlis, Réríomhán Tairbhe Fostaíochta, cruthaithe ag an Roinn Sóisialta atá ar fáil ar welfare.ie le haghaidh daoine atá ag fáil Liúntas Míchumais, Pinsean Dall, Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta. Cuirfidh sé sin leat agus tú ag déanamh measúnacht ar na hiarmhairtí airgeadais le hobair a fháil nó le Sochar Cumais Pháirtigh a fháil.

Fostaíocht agus íocaíochtaí míchumais

Íocaíochtaí míchumais chúnaimh shóisialta: Íocaíochtaí míchumais ar a ndéantar tástáil mhaoine iad an Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall. Má thosaíonn tú ag obair, ní mór duit é sin a chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialta agus fianaise ar do thuilleamh (duillín pá, conradh fostaíochta nó litir ó d’fhostóir) a thaispeáint. Níl íostréimhse ama gur gá duit a bheith ag fáil d’íocaíocht roimh duit obair a fháil. Is féidir do Liúntas Míchumais nó do Phinsean Dall a choimeád más rud é gur níos lú ná leibhéal áirithe atá d’ioncam.

Má fhágann tú do phost nua, ba cheart duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialta agus tabharfar ar ais do Liúntas Míchumais duit ar an ráta iomchuí.

Ioncam ó obair

Chun cáiliú d’íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine ó fhoinsí éagsúla, scrúdaítear d’ioncam féachaint an bhfuil sé faoi leibhéal áirithe. Ní chuirtear roinnt tuilleamh ó obair san áireamh sa mheasúnú ar do mhaoin agus ní dhéanann siad difear do d’íocaíocht. I gcás Liúntas Míchumais agus Phinsean na nDall, ní chuirtear tuillimh a fhad le €165 ó obair san áireamh sa mheasúnú ar do mhaoin. (Is ionann an mhaoin ar a ndéantar measúnú agus d'olltuillimh lúide ÁSPC, aon ranníocaíochtaí pinsin agus aon dleachtanna ceardchumainn. Ní féidir leat cáin ioncaim nó tobhaigh ioncaim a bhaint as seo.)

Má tá do thuillimh ó obair os cionn €165 sa tseachtain, ní thógfar 50% ded' thuillimh idir €165 agus €375 san áireamh sa tástáil acmhainne don Liúntas Míchumais.

Liúntas Míchumais: Measúnófar, ámh, tuillimh iomlán ó obair os cionn €375 mar ioncam agus laghdófar do theidlíocht don Liúntas Míchumais ar aon dul leis na rátaí laghdaithe íocaíochta cuí don Liúntas Míchumais. Más rud é go bhfuil tú ag fáil íocaíochtaí i leith dhuine fásta cáilithe nó i leith leanaí cáilithe, bainfear d’acmhainní ón obair ón ráta teaghlaigh a bhaineann leat).

Pinsean na nDall: Má tá Pinsean na nDall agat, measúnófar aon tuillimh ó obair os cionn €375 agus laghdófar do theidlíocht do Phinsean na nDall ar aon dul leis na rátaí laghdaithe íocaíochta cuí do Phinsean na nDall.

Níl aon teorainn ar an méid uaireanta gur féidir leat obair.

Íocaíochtaí árachais shóisialta: Íocaíochtaí árachais shóisialta (ÁSPC-bhunaithe) iad Pinsean Easláinte agus Sochar Breoiteachta. Ní féidir leat obair nuair atá tú ag fáil na híocaíochtaí seo (cé is moite d’obair dheonacha gan phá).

Ma bhí Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta á fháil agat (ar feadh 6 mhí ar a laghad), féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh. má laghdaíodh do chumas chun oibre. Ní gá go meastar gurb athshlánaithe an obair seo. D’fhéadfadh go mbeadh ort cáin ioncaim a íoc ar d’ioncam iomlán. Níl fáil a thuilleadh ar dhíolúintí ar obair athshlánaithe.

An Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde agus obair athshlánaithe

I measc na sochar ar a bhfuil fáil faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde tá Sochar Díobhála. Má tá Sochar Díobhála á fháil agat, féadfaidh tú obair éadroim dheonach a dhéanamh. Ina theannta sin, féadfaidh tú obair pháirtaimseartha a dhéanamh atá mar chuid de chóireáil nó atá de chineál carthanachta mura dtuilleann tú breis agus €50 sa tseachtain) gan cead a fháil. Más mian leat obair eile athshlánaithe nó cúrsa oiliúna a dhéanamh, áfach, ní mór duit cead i scríbhinn a fháil ón RCS (ar a dtugtar díolúine) sula dtosaíonn tú. Ní gnách go gceadaítear díolúintí a cheadaíonn do dhuine oibriú laistigh de na chéad 26 seachtain de Shochar Díobhála.

Íoctar Forlíonadh Éagumais le daoine ag a bhfuil Sochar Míchumais á fháil agus nach gcáilítear iad le haghaidh aon íocaíochtaí eile míchumais. Féadfaidh tú oibriú a fhad agus nach dtuilleann tú breis agus €33 sa tseachtain. Más mian leat obair eile athshlánaithe nó cúrsa oiliúna a dhéanamh, áfach, ní mór duit cead i scríbhinn a fháil ón RCS sula dtosaíonn tú. Ceadaítear iarratais ar dhíolúine chun cúrsaí oiliúna a dhéanamh go huathoibríoch ach cuirtear iarratais ina dhiaidh sin faoi bhráid comhairleoir leighis den RCS. Más mian leat páirt a ghlacadh i Scéim Fostaíocht Pobail, ní féidir leat d’Fhorlíonadh Éagumais a choimeád, ach féadfaidh tú do Shochar Míchumais a choimeád.

Féadfaidh daoine ag a bhfuil Sochar Míchumais (gan íocaíocht eile) oibriú (go lánaimseartha nó go páirtaimseartha) agus ní gá dóibh cead a fháil ón Roinn.

Scéimeanna fostaíochta agus íocaíochtaí eile

Is féidir le daoine atá ag fáil Liúntas Míchumais cáiliú le haghaidh an Scéim Shóisialta Tuaithe (más ag feirmeoireacht nó ag iascaireacht go gníomhach atá siad).

Is féidir le daoine atá ag fáil Sochar Breoiteachta, Pinsean Easláine, Liúntas Míchumais agus Phinsean na nDall cáiliú le haghaidh Fostaíocht Pobail.

Is féidir le daoine a fhaigheann Liúntas Míchumais cáiliú don scéim TÚS.

Is féidir le daoine atá ag fáil Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall cáiliú le haghaidh Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht (IFT) má chomhlíonann siad na critéir. Ní féidir le daoine atá ag fáil Pinsean Easláinte agus Sochar Breoiteachta oibriú agus dá bhrí sinn ní féidir leo cáiliú le haghaidh IFT. Ní cháilíonn daoine atá ag fáil Sochar Cumais Pháirtigh le haghaidh IFT.

Sochair bhreise

Má oibríonn tú le linn duit Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall a fháil, féadfaidh tú aon sochair bhreise a bhí tú ag fáil a choinneáil. Mar sin féin, is féidir le d’ioncam méadaithe dul i bhfeidhm ar mhéid an Fhorlíonta Cíosa a fhaigheann tú.

Go ginearálta, is féidir leat aon sochair bhreise a bhí tú ag fáil a choinneáil nuair a ghlacann tú páirt i scéim fostaíochta.

Is féidir leat léamh faoin bhForlíonadh Cíosa agus conas a d’fhéadfadh ioncam breise ón obair nó ó pháirt a ghlacadh i scéim fostaíochta dul i bhfeidhm air inár gcáipéis maidir le Forlíonadh Cíosa agus athruithe ar do chúinsí.

Ag coimeád teidlíocht don Saorthaisteal

Ón 6 Aibreán 2017 amach, faoin Tionscnamh Ag Cinntiú gur Fiú an Fhostaíocht, más rud é gur ag fáil íocaíocht fhadtéarmach (féach ar an liosta thíos) agus go bhfaigheann tú post, is féidir do theidlíocht do Shaorthaisteal a choimeád ar feadh tréimhse 5 bliana, chomh fada is atá tú cláraith le haghaidh Cárta Seirbhísí Poiblí.

  • Liúntas Míchumais (LM)
  • Pinsean Easláine (PE)
  • Sochar Cumais Pháirtigh (ón bPinsean Easláine)
  • Sochar Míthreorach íoctha in éineacht le Liúntas Neamhábaltacht
  • Aistriú ó LM/PE go Fostaíocht Phobail, SOLAS nó scéim um fhilleadh ar an obair.


Cúrsaí oiliúna FET

Más rud é go bhfuil Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall á fháil agat agus go nglacann tú le háit ar chúrsa oiliúna FET, gheobhaidh tú liúntas oiliúna ag an ráta céanna is atá d’íocaíocht leasa shóisialaigh. Tá d’íocaíocht leasa shóisialaigh ar fionraí agus tú ar an gcúrsa oiliúna. Is féidir leat d’íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil arís nuair a fhágann tú an cúrsa oiliúna.

Más rud é go raibh tú ag fáil Pinsean Easláine nó Sochar Breoiteachta agus go nglacann tú áit ar chúrsa oiliúna de chuid FET, leanfaidh tú ar aghaidh ag fáil d’íocaíochta iomláine leasa shóisialaigh, lena n-áirítear aon mhéaduithe a fhaigheann tú i gcomhair do chleithiúnaithe. Ní bhfaighidh tú liúntas oiliúna ná bónas oiliúna. Ní mór duit i gcónaí iarratas a dhéanamh ar réamhchead i scríbhinn ón Roinn Gnóthaí Fostaíochta agus Coimirce Sóisialaí sular féidir leat tabhairt faoi chúrsa oiliúna.

Is féidir tuilleadh faisnéise a léamh inár gcáipéis maidir le liúntais oiliúna.

Coinníonn tú aon sochair bhreise a bhí agat sular thug tú faoin gcúrsa. Is féidir leat léamh faoi conas a d’fhéadfaí dul i bhfeidhm ar d’Fhorlíonadh Cíosa dá nglacfá páirt i gcúrsa oiliúna inár gcáipéis maidir le Forlíonadh Cíosa agus athruithe ar do chúinsí.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 Márta 2023