Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh agus Obair > Na híocaíochtaí míchumais agus obair

Print Page Send to a Friend

Na híocaíochtaí míchumais agus obair

Tionchar Liúntas FÁS agus oibre athshlánaithe ar íocaíochtaí míchumais

Má tá íocaíocht mhíchumais, mar shampla, Liúntas Míchumais, Pinsean na nDalll, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta á fáil agat, b'fhéidir go gceadófaí duit páirt a ghlacadh ar chúrsa oiliúna FÁSscéim Fostaíochta Pobail nó obair eile a dhéanamh atá athslánaithe nó teiripeach.

Ar dtús caithfidh tú faomhadh scríofa a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí chun obair athslánaithe a dhéanamh agus d'íocaíocht mhíchumais a choinneáil. Don Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall agus Pinsean Easláinte níl aon íosthréimhse ama a chaithfidh tú a bheith ag fáil d'íocaíochta sula gcuirfidh tú iarratas isteach . De ghnáth, afách, caithfidh tú a bheith 6 mhí ar a laghad ar Shochar Breoiteachta sula ndéanfar do chás a bhreathnú lena fhormheas.

Conas a chuireann liúntas oiliúna FÁS nó tuillimh ó fhostaíocht athshlánaithe (Fostaíocht Phobail san áireamh) isteach ar d'íocaiocht mhíchumais agus aon shochair thánaisteacha atá á fháil agat, braitheann sé ar mhéid do liúntais oiliúna nó thuillimh agus cé acu a bhfuil tú ag fáil cúnaimh shóisialaigh (tástáilte ó thaobh acmhainne) nó íocaíochta míchumais árachais shóisialaigh (bunaithe ar ÁSPC).

Rialacha

Íocaíochtaí míchumais cúnaimh shóisialaigh (tástáilte ó thaobh acmhainne)

Is íocaíochtaí míchumais tástáilte ó thaobh acmhainne iad an Liúntas Míchumais agus Pinsean na nDall. Chun a bheith cáilithe do íocaíocht tástáilte ó thaobh acmhainne scrúdaítear d'ioncam ó fhoinsí éagsúla féachaint an bhfuil sé faoi leibhéal áirithe. Ní thógtar roinn tuillimh ó obair athshlánaithe nó a leithéid san áireamh i measúnú d'acmhainne agus ní chuirfidh siad isteach ar d'íocaíocht.

Don Liúntas Míchumais agus Phinsean Daill ní thógtar tuillimh suas go €120 ó obair athshlánaithe nó a leithéid san áireamh i measúnú acmhainne.

Má tá do thuillimh ó obair athshlánaithe os cionn €120 sa tseachtain, ní thógfar 50% ded' thuillimh idir €120 agus €350 san áireamh sa tástáil acmhainne don Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall.

Measúnófar, ámh, tuillimh iomlán os cionn €350 mar ioncam agus laghdófar do theidlíocht don Liúntas Míchumais ar aon dul leis na rátaí laghdaithe íocaíochta cuí don Liúntas Míchumais. Mura mbíonn aon acmhainní eile agat, is é €422.50 (2011) an t-uasmhéid is féidir leat a thuilleamh agus do theidlíocht fós don íocaíocht íosta an Liúntais Mhíchumais €3 a choinneáil (2011).

Má tá Pinsean na nDall agat measúnófar aon thuillimh os cionn €350 agus laghdófar do theidlíocht do Phinsean na nDall ar aon dul leis na rátaí laghdaithe íocaíochta cuí do Phinsean na nDall. Mura mbíonn aon acmhainní eile agat, is é €427.60 (2011) an t-uasmhéid is féidir leat a thuilleamh agus do theidlíocht fós don íocaíocht íosta an Phinsin na nDall a choinneáil.

Cé nach bhfuil aon bhac ar uimhir na n-uaireanta gur féidir leat a oibriú ba chóir duit uasmhéid 20 uair a úsáid mar threoirlíne.

Íocaíochtaí árachais shóisialaigh

Is íocaíochtaí árachais shóisialaigh (bunaithe ar ÁSPC) iad Pinsean Easláinte agus Sochar Breoiteachta. Má tá Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta á fháil agat agus tugann tú faoi obair athshlánaithe is féidir leat d'íocaíocht iomlán a choinneáil, ach b'fhéidir go mbeidh ort cáin ioncaim a íoc ar d' ioncam iomlán.

Ní mór duit bheith ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh 6 mhí sula bhféadfá iarraidh ar chead chun obair athshlánaithe a dhéanamh. Níl sé ceadaithe dul thar 20 uair sa tseachtain led' obair athshlánaithe.

Le fírinne, oibríonn an Roinn teorainn 20 uair oibre sa tseachtain do dhaoine a bhfuil an Pinsean Easláinte á fháil acu, cé nach bhfuil aon teorainn lagtha síos in aon fháisnéis foilsithe ag an Roinn maidir leis an bPinsean Easláinte.

Cúrsaí oiliuna FÁS

Más oiliúnaí thú ar Liúntas Míchumais nó Phinsean Daill gheobhaidh tú liúntas oiliúna FÁS ag an ráta céanna led' íocaíocht leasa shóisialaigh agus bónas oiliúna breise de €31.80. Cuirtear d' íocaíocht leasa shóisialaigh ar fionraí fad is tá tú ar an gcúrsa oiliúna. Is féidir leanúint led'íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil nuair a fhágann tú an cúrsa.

Más oiliúnaí thú ar Liúntas Míchumais nó Sochar Breoiteachta gheobhaidh tú liúntas oiliúna agus d'íocaíocht leasa shóisialaigh maraon le haon mhéaduithe a fhaigheann tú dod' chleithiúnaigh.

Cuirtear isteach ar shochair eile d'fhéadfá a fháil mar a leanas:

Sochar tánaisteach Liúntas Míchumais Pinsean na nDall Pinsean Easláinte Sochar Breoiteachta
Liúntas Breosla Coimeád Coimeád Caill Caill
Forlíonadh cíosa Coimeád Coimeád Cuirfear isteach air Cuirfear isteach air
Pacáiste Sochar Teaghlaigh Coimeád Coimeád Coimeád Níl daoine atá ag fáil Sochair Breoiteachta cáilithe don Phacáiste Sochar Teaghlaigh
Cárta Leighis Coimeád Coimeád Seans go gcaillfaí Seans go gcaillfaí
Liúntas Soghluaiseachta Coimeád Coimeád Coimeád Coimeád
Liúntas Leasa na nDall Coimeád Coimeád Coimeád Coimeád

Fostaíocht Phobail FÁS

Is é €208 (2011) an liúntas Fostaíochta Pobail d'aosach singil. Íoctar é seo is cuma má tá cleithiúnaigh agat. Ós rud é go sáraíonn sé seo an táirseach thuillimh athshlánaithe €120, meastar leath ded' liúntas mar acmhainn idir €120 agus €208 (2011) agus laghdaítear do Liúntas Míchumais nó d' íocaíocht Phinsin na nDall. Láníochtar an Pinsean na nEaslán agus an Sochar Breoiteachta ach b'fhéidir go mbeidh ort cáin ioncaim a íoc.

Cuirtear isteach ar shochair eile d'fhéadfá a fháil mar a leanas:

Sochar tánaisteach Liúntas Míchumais Pinsean na nDall Pinsean na nEaslán Sochar Breoiteachta
Liúntas Breosla Coimeád Coimeád Caill Caill
Forlíonadh cíosa Cuirfí isteach air Cuirfí isteach air Cuirfí isteach air Cuirfear í air
Pacáiste Sochar Teaghlaigh Coimeád Coimeád Coimeád Níl daoine atá ag fáil Sochair Breoiteachta cáilithe don Phacáiste Sochar Teaghlaigh
Cárta Leighis Coimeád Coimeád Coimeád Coimeád
Liúntas Soghluaiseachta Coimeád Coimeád Coimeád Coimeád
Liúntas Leasa na nDall Coimeád Coimeád Coimeád Coimeád

Fostaíocht athshlánaithe eile

Má sháraíonn do thuillimh ó obair athshlánaithe an tháirseach €120 ó thuillimh athshlánaithe, laghdaítear an Liúntas Míchumais agus an íocaíocht Phinsin Dhaill Ní thógfar ach 50% de thuillimh idir €120 agus €350 san áireamh sa tástáil acmhainne don Liúntas Míchumais nó Pinsean na nDall.

Láníochtar an Pinsean Easláínte agus an Sochar Breoiteachta ach b'fhéidir go mbeidh ort cáin ioncaim a íoc.
Cuirtear isteach ar shochair eile d'fhéadfá a fháil mar a leanas:

Sochar tánaisteach Liúntas Míchumais Pinsean Daill Pinsean na nEaslán Sochar Breoiteachta
Liúntas Breosla Coimeád Coimeád Caill Caill
Liúntas cíosa Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120 Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120 Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120 Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120
Pacáiste Sochar Teaghlaigh Coimeád Coimeád Caill má tá tú ag tuilleamh níos mó ná €100 Níl daoine atá ag fáil Sochair Breoiteachta cáilithe don Phacáiste Sochar Teaghlaigh
Cárta Leighis Cuirfear isteach air Cuirfear isteach air Cuirfear isteach air Cuirfear isteach air
Liúntas Soghluaiseachta Coimeád Coimeád Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120 Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120
Liúntas Leasa na nDall Coimeád Coimeád Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120 Cuirfear isteach air má tá tú ag tuilleamh nios mó ná €120

*Má bhíonn do thuilleamh as fostaíocht athshlánúcháin níos mó na an tairseach de €120 maidir le tuilleamh athshlánúcháin, laghdaítear íocaíochtaí um Liúntais Gluaiseachta agus Liúntas na nDall. Ní chuirfear ach 50% den tuilleamh idir €120 agus €350 san áireamh áfach, maidir leis an tástáil acmhainne maidir le Liúntas Gluaiseachta agus Liúntas na nDall.
Má thuilleann tú níos lú ná €120 agus má laghdaítear do Liúntas Gluaiseachta nó do Liúntas na nDall ba chóir duit machnamh a dhéanamh ar an gcinneadh sin a achomharc.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sochar Cumais Pháirtigh
    Scéim atá i gceist leis an Sochar Cumais Pháirtigh le tacaíocht a thabhairt do dhaoine a fhaigheann Sochar Breoiteachta nó Pinsean Easláinte ar mian leo filleadh ar an obair.
  • Pinsean Easláinte
    Is éard Pinsean Easláinte íocaíocht leasa shóisialaigh a íoctar le daoine mura raibh siad i riocht oibre agus go raibh siad ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh dháta d'iarratas.
  • Cúnamh do dhaoine ar phá iseal in Éirinn
    Tá faoiseamh cánach agus cúnamh leasa shóisialaigh le fáil in Éirinn ag daoine ar ioncam íseal agus ag a gclann. Eolas faoi na scéimeanna féin agus faoin gcaoi le cur isteach orthu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.