Spreagann an scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair daoine atá ag fáil íocaíochtaí leasa shóisialta áirithe dul i mbun féinfhostaíochta. Coinníonn daoine atá ag glacadh páirte sa scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair ceatadán dá n-íocaíochtaí leasa shóisialta ar feadh 2 bliana.
Cuirfear tús ar 1 Bealtaine 2009 le scéim nua Liúntas um Fhilleadh ar an Obair dá ngairtear an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach. - Níl aon tréimhse cháilitheach chun Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach a fháil. Is féidir rochtain láithreach ar an liúntas a fháil ach caithfidh tú na coinníollacha cáilithe a shásamh.
Is féidir leat cáiliú le haghaidh Liúnta Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair (BTWEA) má:
agus
nó
*Má tá Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat, ní mór duit bheith dífhostaithe ar feadh 2 bhliain le bheith incháilithe . Má tá teidlíocht bhunúsach agat, áfach, i leith an Liúntais Chuardaitheora Poist (ciallaíonn seo go n-éireodh leat sa tástáil mhaoine agus go sásófá critéir eile) agus go raibh Sochar Cuardaitheora Poist á fháil agat ar feadh 12 mhí, tá tú incháilithe don liúntas. Ní chuirtear san áireamh síniú le haghaidh creidmheasanna dhífhostaíochta i ndiaidh do Shochair Chuardaitheora Poist i dtreo na tréimhse cáilithe.
Ina theannta sin, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ort don Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair má:
Tá tuilleadh faisnéise ar fáil ar an tréimhsí incháilithe don Liúntas um Fhilleadh ar Obair.
Is féidir tréimhse ar bith caite ar chúrsaí traenála FÁS, Scéimeanna Fostaíochta Pobail , Clár Seirbhísí Pobail, Scéím Tionscnamh Jabanna, Fáilte Ireland, TEAGASC, FIT agus scéimeanna um Fhilleadh ar Oideachas a chur san áireamh mar thréimsí dífhostaithe.
Áirítear tréimhsí ina bhfuarthas Liúntas Leasa Forlíontach agus Soláthar Díreach i leith na tréimhse cáiliúcháin ar choinníoll go mbunaíonn an t-iarratasóir teidlíocht ar íocaíocht ábhartha Leasa Shóisialaigh roimh dó/di an scéim a thosú.
Má ghlac tú páirt cheana i scéim LFFO agus má tá do theideal ídithe agat, féadfaidh tú páirt a ghlacadh an athuair má tá 5 bliana ar a laghad imithe ó shin.
Tá tuilleadh eolais ar fáil maidir le tréimhsí cáiliúcháin um Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
Tá an Ciste um Oiliúint agus um Chúnamh Teicniúil (TAT) deartha le cabhrú le daoine a fhaigheann an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair nó an Liúntas Fiontraíochta Gearrthéarmach le cuid de na costais a bhaineann le gnó a thosú. Níl teacht agat ar TAT go huathoibríoch; caithfidh cúnamh ón gciste seo a bheith ceadaithe ag an Éascaitheoir Post i d’Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil. Caithfear íocaíochtaí ón gciste a dhéanamh díreach chuig soláthraí na seirbhíse.
Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil faoi éirí féinfhostaithe.
Ní rachaidh deontais fostaíochta ó Bhord Fiontar Contae nó ó
chuideachtaí LEADER i gcion ar do theidlíocht maidir leis an Liúntas
Fiontraíochta um Fhilleadh ar an Obair nó leis an Liúntas Fiontraíochta
Gearrthéarmach.
Ó 1 Bealtaine 2009 ar aghaidh, coinneoidh rannpháirtithe nua na céatadáin seo a leanas dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh, lena n-áirítear méaduithe do dhuine fásta cáilithe agus do leanaí cáilithe, go ceann 2 bhliain ar a mhéid:
Coinneoidh daoine atá ag glacadh páirte sa scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair roimh 1 Bealtaine 2009 na codanna seo a leanas dá n-íocaíochtaí leasa shóisialta (méadaithe i gcomhair liúntas do Dhuine Fásta Cáilithe agus do Leanbh cleithiúnach san áireamh:
Coinneoidh daoine atá ag glacadh páirte sa scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair na codanna seo a leanas dá n-íocaíochtaí leasa shóisialta (méadaithe i gcomhair liúntas do Dhuine Fásta Cáilithe agus do Leanbh cleithiúnach san áireamh:
Coinneoidh tú aon sochair tánaisteacha (seachas Fordheontas Ús Morgáiste nó Cíosa) chomh fada is atá tú ag fáil an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach, chomh fada is go bhfuil d’ioncam teaghlaigh níos lú ná €317.43 comhlán in aghaidh na seachtaine. Cuimsíonn ioncam teaghlaigh ioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ach tógann sé ÁSPC agus costais taistil réasúnacha san áireamh. Ní thógtar ioncam ón Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair ná an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach san áireamh chun cuspóirí an teorainn ioncaim seachtainiúil €317.43 ach tógtar do chuid ioncaim ó do chuid oibre san áireamh. Ba chóir duit ceist a chur ar d’Oifigeach Leasa Pobail i d’ionad Sláinte áitiúil chun a fháil amach cén tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag do rannpháirtíocht sa Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair nó sa Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimhseach ar do Fhorlíonadh Cíosa nó do Fhordheontas Ús Morgáiste.
Cuimsíonn sochair tánaisteacha:
Íocfar an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair díreach isteach i do chuntas bainc nó do chuntas cumainn foirgníochta ar bhunús seachtainiúil. Ní féidir an liúntas a íoc isteach i gcuntas morgáiste.
Ní mór duit dul i dteagmháil leis an Roinn Coimirce Sóisialaí
láithreach má thagann deireadh le do fhéinfhostaíocht nó má ghlacann tú
le fostaíocht.
Líonfoirm iarratais BTW 2 (pdf) chun iarratas a dhéanamh ar an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
Má tá tú i do chónaí i gceantar Comhpháirtíochta nó i gceantar Cuideachta Forbartha Áitiúla Comhtháite (CFAC), ba cheart duit an fhoirm BTW 2 a chur ar ais chuig i do Chomhphairtíocht nó CFAC chun go gcuirfear í faoi bhráid Oifigeach Fiontair. Má tá tú i do chónaí i gceantar nach ceantar comhphairtíochta ná CFAC é, ba cheart duit foirm BTW 2 a chur chuig d'oifigeach leasa shóisialaigh áitiúil chun go gcuirfear í faoi bhráid Éascaitheoir Poist.
Breathnóidh an Oifigeach Fiontair nó Éascaitheoir Poist ar do thogra gnó agus b'fhéidir go pléfidh sé/sí gnéithe áirithe de leat. Ní cead agat féinfhostaíocht a thosnú go dtí go bhfuil faomhadh scríofa faighte agat dó ón gComhlacht Comhphairtíochta/CFAC nó an Roinn Coimirce Sóisialaí.
Má ghlactar leat ar an scéim um Fhilleadh ar Obair Fiontar, ní foláir
duit clarú
mar dhuine féinfhostaithe leis na Coimisinéirí Ioncaim Gheobhaidh tú
tuilleadh eolais faoi fhéinfhostaíocht ó d'oifig cánach áitiúil.
Má tá tú i do chónaí i gceantar Comhpháirtíochta nó i gceantar Cuideachta Forbartha Áitiúla Comhtháite (CFAC), ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an Oifigeach Fiontair i do Chomhphairtíocht nó CFAC.
Má tá tú i do chónaí i gceantar nach ceantar comhphairtíochta ná CFAC é, ba cheart duit iarratas a dhéanamh ar an Éascaitheoir Poist i d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.