Print Page Send to a Friend

Liúntas um Fhilleadh ar Obair

Eolas

Spreagann an Scéim um Fhilleadh ar Obair do dhaoine dífhostaithe (i measc daoine eile) fostaíocht a fháil. Tá an scéim dírithe ar dhaoine a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh do thréimhse ama ar leith.

Deirtear sa Bhuiséad Forlíontach go mbeadh an Scéim um Fhilleadh ar Obair dúnta d'iarratasóirí nua ó 1 Bealtaine 2009.

Coinníonn daoine atá rannpháirteach sa Scéim céatadán dá n-íocaíocht leasa shóisialaigh chomh maith le "sochair thánaisteacha" do thréimhse suas le trí bliana. Tugtar an Liúntas um Fhilleadh ar Obair ar an gcéatadán den íocaíocht a choinníonn tú. Níl an chuid ded’ ioncam a fhaigheann tú ón Liúntas um Fhilleadh ar Obair faoi réir cánach nó árachais shóisialta (ÁSPC). D’fhéadfadh d’fhostóir a bheith incháilithe don Scéim Díolúine ÁSPC freisin.

Rialacha

Coinníollacha atá le sásamh agat:

Beidh tú incháilithe don Liúntas um Fhilleadh ar Obair má tá tú:

Le cáiliú caithfidh tú:

  • A bheith 23 bliana d'aois nó níos mó
  • A bheith dífhostaithe ar feadh 2 bhliana

Agus

  • teidlíocht a bheith agat do Liúntas Cuardaitheora Poist

D’fhéadfá a bheith incháilithe chomh maith, is cuma cén aois atá agat, má fhaigheann tú ceann de na híocaíochtaí a leanas ar feadh 15 mhí (nó 12 mhí má tá tú 50 bliana d’aois nó níos sine):

  • Cúnamh Feirme, Liúntas Réamhscoir, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais, Liúntas Cúramóra (murar cúramóir atá ionat a thuilleadh), Pinsean Easláinte, Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe, Forlíonadh Éagumais, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) nó Liúntas Banchéile Príosúnaigh. Ní gá duit aois ar leith a bheith agat chun cáiliú sna cásanna seo.

  • Sochar Breoiteachta á fháil agat le 3 bliana anuas ar a laghad.

Tá tréimhse caite ar chúrsaí FÁS, Fáilte Ireland, Teagasc, Modh Mear don Teicneolaíocht Faisnéise, Tionscnamh Jabanna, ‘cúrsaí oideachais athdheise’ (.i.. Scéimeanna um Fhilleadh ar Oideachas) agus/nó tréimhse caite i bpríosún inghlactha mar thréimhsí dífhostaíochta.

Lena chois sin, is féidir le tréimhse caite ar Liúntas Leasa Forlíontach nó i bhForáil Dhíreach comhaireamh i dtreo thréimhse incháilithe don Liúntas um Fhilleadh ar an Obair chomh fada agus go bhfuil tú incháilithe d’íocaíocht incháilithe roimh thús na scéime.

Coinníollacha atá le sásamh ag fostóir ionchasach:

Fostóirí amháin gur féidir leo poist oiriúnacha a sholáthar atá incháilithe mar rannpháirtithe: Caithfidh an obair ar fáil:

  • Féidearthacht forbartha ina phost inmharthana a bheith i gceist
  • Gan fostaíocht reatha a easáitiú
  • A bheith 20 uaire ar a laghad in aghaidh na seachtaine.
  • A bheith 12 mhí ar a laghad.

Níl obair ghearrthéarmach, shéasúrach nó choimisiúnaithe/ar chonradh inghlactha mar fhostaíocht faoin Scéim.

Babhtáil chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir

Má cháilíonn tú do Scéim an Liúntais um Fhilleadh ar Obair ach mura dteastaíonn uait leas a bhaint as an scéim is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir páirt a ghlacadh inti i d’áit. Caithfidh tú méadú ar an íocaíocht leasa shóisialaigh do do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a fháil ar feadh achar ama ar leith. Go hiondúil, bíonn an méid céanna ama i gceist agus a mbeadh ort a bheith ag éileamh d’íocaíochta a bheadh i gceist le cáiliú don scéim. Mar shampla, má tá:

  • Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) á fháil agat ní mór do do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a bheith ina c(h)leithiúnaí aosaithe cáilithe ar feadh dhá bhliain
  • Sochar Breoiteachta á fháil agat ní mór do do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a bheith ina ina c(h)leithiúnaí aosaithe cáilithe ar feadh trí bliana
  • Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Liúntas Cúramóra (ar scor ó dhualgas cúraim), Cúnamh Feirme, Pinsean Easláinte, Forlíonadh Éagumais, Liúntas Réamhscoir, Pinsean Baintrí/Baintrí Fir (Neamhranníocach), Sochar/Liúntas Banchéile Thréigthe nó Liúntas Banchéile Príosúnaigh á fháil agat ní mór do do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir a bheith ina c(h)leithiúnaí aosaithe cáilithe ar feadh 15 mhí (nó 12 mhí má tá siad os cionn 50 bliain d’aois).

I gcás an Liúntais Cuardaitheora Poist, déanfar éileamh ar leith faoina (h)ainm nuair a thosaíonn do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ar an scéim. Tiocfaidh deireadh le d’íocaíocht LCP nuair a thosaíonn do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ar an scéim. Mar sin féin, is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir éileamh ar do shon anois mar dhuine fásta cáilithe. Ba chóir duit síniú do chreidmheasanna ag d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil. Tá sé tábhachtach síniú do chreidmheasanna chun teidlíochtaí pinsean ar bith a bheadh agat sa todhchaí a chosaint. Níor chóir go mbeadh tionchar ag an socrú nua seo ar mhéid na híocaíochta leasa shóisialaigh a fhaigheann sibh mar theaghlach.

Má bheartaíonn tú (bunúinéir na híocaíochta leasa shóisialaigh) ar éileamh a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh eile ag am ar bith, nuair atá do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ag baint leasa as babhtáil chéile, tiocfaidh deireadh le híocaíocht an Liúntais um Fhilleadh ar Obair.

Rataí

Má bhíonn tú incháilithe roimh 1 Bealtaine 2009, gheobhaidh tú tacaíocht ar feadh trí bliana (lena n-áirítear liúntais do chleithiúnaithe fásta agus do leanaí cleithiúnacha) mar seo a leanas:

  • 75% de d'íocaíocht leasa shóisialaigh don chéad bhliain
  • 50% don dara bliain
  • 25% don tríú bliain.

Sochair Thánaisteacha

Lena chois sin coinneoidh tú "sochair thánaisteacha" ar feadh trí bliana, ar an gcoinníoll go mbíonn d'ioncam tí níos lú ná €317.43 glan in aghaidh na seachtaine. Áirítear le hioncam tí ioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ach ceadaítear ÁSPC agus costais taistil réasúnacha. Ní mheastar ioncam ón Liúntas um Fhilleadh ar Obair agus Forlíonadh d'Ioncam Teaghlaigh i gcás na teorann €317.43 glan d'ioncam seachtainiúil an tí. I measc Sochair Thánaisteacha tá:

Níl an Liúntas um Fhilleadh ar Obair faoi réir ag ÁSPC ná ag asbhaintí cáin ioncaim.

B'fhéidir go mbeadh tionchar ar do Fhordheontais Cíosa/Us Morgáiste.

D’fhéadfadh tionchar a bheith aige seo ar Fhorlíonadh CíosaFordheontas Ús Morgáiste.

Tacaithe Breise

Bíonn cúnamh airgeadais ar fáil d'fhostaithe a bhíonn incháilithe le haghaidh Liúntas um Fhilleadh ar Obair chun cur tuilleadh lena gcumas fostaíochta, mar shampla, cuidiú le hagallaimh, scileanna litearthachta nó ríomhaireachta.

B'fhéidir go mbeadh Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh iníoctha má bhíonn ar a laghad leanbh cleithiúnach amháin agat faoi 22 bliain d'aois. Bíonn an forlíonadh saor ó cháin seachtainiúil seo iníoctha má bhíonn d'ioncam faoi theorainn áirithe i gcás méid an teaghlaigh. Cuirfear do Liúntas um Fhilleadh ar Obair agus do chuid tuilleamh le chéile nuair a bheifear ag oibriú amach do theidlíocht ar Fhorlíonadh Ioncam Teaghlaigh. Léigh tuilleadh faoi Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh.

Clár do Dhaoine Dífhostaithe go Fadtéarmach (VLTU)

Tá an Clár do Dhaoine Dífhostaithe go Fadtéarmach dúnta ó 1 Bealtaine 2009. Má bhí tú ag fáil íocaíocht incháilithe le 5 bliana nó níos mó, d'fhéad tú leanúint ag fáil d'íocaíochta, chomh maith le híocaíocht sheachtainiúil bhreise de €44.50 in aghaidh na seachtaine suas go dtí 6 seachtaine ina raibh d'fhostóir ag cur oiliúna ar fáil duit. Tar éis na tréimhse 6 seachtaine sin, d'aistrigh tú do Liúntas um Fhilleadh ar Obair má d'fhan tú ag obair. Ina theannta sin, fuair tú dhá íocaíocht €254 nuair:

  • Atá an tréimhse oiliúna sé seachtaine comhlánaithe agat
  • Nuair atá 6 mhí fhostaíochta comhlánaithe agat

Conas iarratas a dhéanamh

Tá an Scéim um Fhilleadh ar Obair dúnta d'iarratasóirí nua ó 1 Bealtaine 2009.

Tuilleadh eolais

Tá tuilleadh eolais ar fáil ón Roinn Coimirce Sóisialaí.

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Tacaíochta Fostaíochta
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Lóiste na Sionainne
Cora Droma Rúisc
Liatrom
Éire

Teil:(071) 967 2616
Lóghlao:1890 92 79 99
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair
    In Éirinn, spreagtar daoine atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialta chun dul i mbun féinfhostaíochta. Faigh eolas faoin scéim Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair.
  • Liúntas Cuardaitheora Poist
    Is íocaíocht é a bhfuil fiosrú maoine déanta air agus tugtar é do dhaoine atá dífhostaithe agus ag lorg oibre. Faigh amach dá bhfaighfeá Liúntas Cuardaitheora Poist.
  • Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
    Tá an Scéim Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas dírithe orthu atá dífhostaithe, ag fáil Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó tá míchumas orthu chun cúrsaí dara nó tríú leibhéil ceadaithe a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.