Tá Pinsean Stáit (Eatramhach) iníoctha le daoine atá 65 bliana d’aois agus ar scor agus a bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí árachais sóisialta acu. Ní dhéantar tástáil mhaoine air. De ghnáth ní mór duit a bheith i d’fhostaí agus stampa árachas sóisialta á íoc agat ar an ráta iomlán, ach tá dornán daoine féinfhostaithe incháilithe freisin.
Aistreofar tú ag aois 66 bliana d'aois go dtí an Pinsean Stáit (Ranníocach). Ní féidir leat a bheith fostaithe nó féinfhostaithe agus Pinsean Stáit (Idirthréimhseach) á fháil agat. Nuair a aistreofar tú go Pinsean Stáit (Ranníocach) ag aois 66 bliana d'aois féadfaidh tú ioncam a thuilleamh ó fhoinse ar bith.
Ba chóir duit cur isteach ar Pinsean Stáit (Idirthréimhseach) 3 mhí sula mbíonn tú 65 bliana d’aois.
D’athraigh an t Acht
um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 (pdf) ainm
an Phinsean Scoir go Pinsean Stáit (Idirthréimhseach). Tháinig an t-ainm nua
i bhfeidhm i Meán Fómhair, 2006.
Faoin Acht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 ní íocfar an Pinsean Stáit (Eatramhach) a thuilleadh ó 1 Eanáir 2014. Ciallaíonn sé go mbeidh aois an Phinsin Stáit caighdeánach 66 bliain do gach duine. Má tá cáilithe le haghaidh an Phinsin Stáit (Eatramhach) roimh 1 Eanáir 2014, leanfaidh tú i dteideal é ar feadh tréimhse d'éilimh (bliain amháin).
Ní mór duit:
Ciallaíonn scortha nach féidir leat a bheith i bhfostaíocht atá faoi árachas nó a bheith féin-fhostaithe faoi árachas. Má tá tú ag saothrú airgid níl cead agat dul thar €38 sa tseachtain nó €5,000 sa bhliain má tá tú féin-fhostaithe. Má tá ioncam agat ó airgead i dtaisce nó ó infheistíochtaí b'fhéidir go mbeadh ort ÁSPC don fhéin fhostaithe a íoc ach ní ghearrfaidh sé amach tú ón Pinsean Stáit (Idirthréimhse) muna bhfuil tú féin-fhostaithe i ndáiríre.
Tagann deireadh leis na coinníollacha seo nuair a shroicheann tú aois 66 agus aistríonn tú chuig Phinsean Stáit (Ranníocach).
Ní mór duit:
Árachas íoctha roimh aois áirithe
Caithfidh tú tús a chur le do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh roimh aois a 55.
An méid ranníocaíochtaí nach mór duit a bheith íoctha agat
I gcásanna áirithe, glactar le ranníocaíochtaí a déanadh isteach sa scéim árachais náisiúnta roimh 1953, mar a bhí ann ag an am, chun do chuid ranníocaíochtaí a thabhairt go dtí 156 ranníocaíochtaí. Tógtar chuile 2 ranníocaíocht mar 3 chinn. Ach má thógtar san áireamh iad, áfach, ní mór don mheán uimhir a bheith faighte ó 1953 i leith.
Meánuimhir ranníocaíochtaí sa bhliain
Tá ort an meánuimhir a shroichint. Seo é an ghné is casta den iarratas chun pinsean a fháil, agus is é is mó a thugann fadhbanna agus cúrsaí aimhrialtacht do dhaoine.
Deireann an riail nach mór duit, ar an meán, 24 ranníocaíocht cuí a bheith íoctha agat nó creidiúnaithe duit, in aghaidh na bliana ón am gur thosaigh tú ag íoc árachais nó ón mbliain 1953 ag bráth ar cé acu is deireanaí. Tugann an meánuimhir de 24 ranníocaíocht an Pinsean búnasach duit agus ní mór duit 48 ranníocaíocht chun an pinsean iomlán a fháil.
Ní thagann an meán riail mhalartach seo i bhfeidhm ach dóibh siúd a shroicheann aois an phinsin ar an 6ú Aibreán 1992 nó ina dhiaidh sin.
Deireann an riail seo go mbíonn agat 48 ranníocaíocht (íoctha agat nó creidiúnaithe duit) mar mheánuimhir do gach bliain dá bhfuil tú ag íoc an árachais ó Aibreán 1979 go dtí an Aibreán sula sroicheann tú aois a 65 bliain. Thabharfadh an mheánuimhir seo pinsean iomlán duit. Má úsáidtear an meánuimhir eile seo níl an deis agat pinsean íslithe a fháil.
Dá bhrí sin, nuair a shroicheann tú aois an phinsin, sé sin, 66 ar an 6ú Aibreán 1992 nó ina dhiaidh sin déanfar scrúdú ar do mheánuimhir i dhá bhealach - an gnáth bhealach agus an bealach eile seo. Beidh formhór na ndaoine, atá ag obair nó a bhí ag obair, ábalta na coinníollacha a bhaineann leis an dara bhealach a chomhlíonadh, Piocadh Aibreán na bliana 1979 toisc gurb shin í an bhliain ar cuireadh tús le hÁrachas Sóisialach Pá-Choibhneasa (ÁSPC) don chéad uair. Déanfar scrúdú ar an meánuimhir eile ar dtús toisc go bhfuil sé níos éasca a mheas. Muna bhfuil meánuimhir de 48 agat ó 1979 i leith déanfar tú a mheas ar an ngnáth bhealach agus gheobhaidh tú pinsean íslithe (Tá sé do-dhéanta meánuimhir de 48 a bheith agat ar an ngnáth bhealach muna féidir leat an meánuimhir a shroichint ar an dara bealach).
Má tá íocaíochtaí árachais shóisialaigh déanta agat i dtír eile den Aontas Eorpach (AE) nó i dtír lena bhfuil aontú déthaobhach ag Éirinn, is féidir leat iad seo a usáid chun do Phinsean Stáit (Eatramhach) a fháil. Tá tuilleadh eolais sa doiciméad faoi ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal.
Pinsean pro rata an árachais mheasctha
Tagann árachas measctha aníos nuair a chaitheann duine cuid dá s(h)aol oibre sa tseirbhís phoiblí ag íoc árachais mhodhnaithe agus cuid eile dá s(h)aol san earnáil phríobháideach ag íoc Aicme A (nó, féinfhostaithe ó mhí Aibreáin 1988, agus ag íoc Aicme S). Mura bhfuil dóthain stampaí árachais shóisialta ag an ráta iomlán agat le bheith incháilithe, ach gur íocadh stampaí árachais shóisialta modhnaithe áirithe mar státseirbhíseach nó fostaí sa tseirbhís phoiblí, féadfaidh tú a bheith incháilithe do phinsean pro rata an árachais shóisialta.
Caithfear na nithe seo a leanas a bheith agat chun pinsean pro rata le hárachas measctha a fháil:
Árachas eadrannach agus pinsin pro-rata
Bhí teorainn ioncaim ann maidir le stampaí árachais shóisialta a íoc roimh 1974, agus ciallaíonn sé seo go bhféadfadh tréimhsí a bheith ann nuair a bhí tú istigh agus lasmuigh den réimse árachais. Ní féidir leat Pinsean Stáit (Idirthréimhseach) pro rata a fháil má bhíonn árachas sóisialta eadrannach agat, ach mar sin féin, féadfaidh tú Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil.
D'fhoilsigh an Roinn Coimirce Sóisialaí Working it out - A Guide to the State Pension (Transition); cabhróidh sé seo leat a oibriú amach an bhfuil tú i dteideal Pinsean Stáit (Eatramhach).
Siad na huas-rátaí le haghaidh Pinsean Stáit (Idirthréimse) ó Eanáir 2011 ná:
| Pinsean Stáit (Idirthréimse) | Uasráta seachtainiúil |
| Ráta Pearsanta | €230.30 |
| Duine fásta cáilithe | €153.50 |
| Cleithiúinaí linbh | €29.80 (ráta iomlán), €14.90 (leath-ráta) |
Tá an uasmhéid íocthe leo siúd go bhfuil 48 nó níos mó mar mheánuimhir síntiúisí íoctha acu.
Íoctar ráta níos ísle leo siúd a bhfuil idir 24 agus 47 mar mheánuimhir síntiúisí íoctha acu.
Ó 27 Meán Fómhair 2007 amach, má tá tú ag fáil pinsin stáit
(Aistriú), íocfar an Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe go díreach agus go
huathoibritheach le do cleithiúnaí lánaoiseach. Ní bhaineann sé seo ach le
hiarratais ar phinsin stáit a fuarthas sa Roinn ar 27 Meán Fómhair
2007 nó ina dhiaidh.
Tá na foirm iarratais (SPT/SPC1) (pdf) le fáil ó oifigí an phoist agus ó d'oifig leasa sóisialaigh áitiúil. Ba chóir duit do iarratas a chur isteach 3 mhí sula scroicheann tú 65 bliain nó 6 mhí má thuill tú síntiúisí árachais shóisialaigh i dtír amháin nó i roinnt tíortha den Aontais Eorpach.
Tá roinnt moille ag baint faoi láthair le hiarratais ar phinsin stáit a
phróiseáil agus d’fhéadfadh sé roinnt ama a ghlacadh ar an Roinn
d’éileamh a phróiseáil. D’fheadfá a bheith i dteideal Liúntas
Leasa Forlíontach fad is atá d’éileamh á phróiseáil ag an Roinn.
Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Pinsean Stáit (Eatramhach) a
sheoladh tríd an fhoirm
fhiosraithe daingnithe Pinsean Stáit (Eatramhach) a úsáid.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.