Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Seanóirí agus Daoine Scortha > Pinsean Stáit (Ranníocach)

Print Page Send to a Friend

Pinsean Stáit (Ranníocach)

Eolas

Tá an Pinsean Stáit (Ranníocach) iníoctha le daoine in Éirinn a bhfuil a ndóthain Ranníocaíochtaí Leasa Shóisialaigh íoctha acu agus a bhfuil 66 bliain slán acu. Níl aon tástáil acmhainne i gceist. Féadfaidh tú Pinsean Stáit (Ranníocach) a fháil agus ioncam agat ó fhoinsí eile. Tá an pinsean seo inchánach ach má tá tú gan aon ioncam eile, ní miste cáin a ghearradh air.

Tá na coinníollacha a bhaineann le hárachas sóisialta an-chasta agus ba chóir duit cur isteach ar Phinsean Stáit (Ranníocach) má tá obair agus ranníocaíocht (stampa) déanta agat uair ar bith. Tá roinnt Pinsean Stáit (Ranníocach) éagsúla pro-rata ar fáil do dhaoine atá íocaíochtaí éagsúla árachais sóisialta á déanamh acu nó atá gan aon ranníocaíocht á déanamh acu ar chúiseanna éagsúla - féach thíos.

Má théann tú ar scor go luath ba chóir duit a dhéanamh cinnte go leanann tú ar aghaidh ag déanamh na ranníocaíochtaí ÁSPCranníocaíochtaí creidiúnaithe a fháil chun do theidlíocht ar phinsean a choimeád.

D’athraigh an t Acht um Athchóiriú an Dlí Leasa Shóisialaigh agus um Pinsin 2006 (pdf) ainm an Phinsean Ranníocach Seanaoise go Pinsean Stáit (Ranníocach). Tháinig an t-ainm nua i bhfeidhm i Meán Fómhair, 2006.

Athruithe ar na bandaí ráta ón 1 Meán Fómhair 2012

Ón 1 Meán Fómhair 2012, beidh gaol níos dlúithe idir an ráta íocaíochta agus líon na ranníocaíochtaí árachais shóisialta íoctha (lena n-áirítear creidiúintí, nuair is cuí). Leanfar den chóras meánaithe ach tabharfar isteach bandaí breise ráta a thabharfaidh léiriú níos cruinne ar stair árachais shóisialta an éilitheora.

Ní athrófar rátaí íocaíochta na ndaoine atá ag fáil na bpinsean sin cheana féin.

Pinsean Stáit (Ranníocach): Rátaí ón 1 Meán Fómhair 2012
Meán Bliantúil Ráta Pearsanta (seachtainiúil), € Méadú i Leith Duine Aosaithe Cháilithe faoi 66* (uasráta seachtainiúil) Méadú i Leith Duine Aosaithe Cháilithe atá 66+* (uasráta seachtainiúil)
48 or over 230.30 153.50 206.30
40-47 225.80 146.00 196.00
30-39

207.00

139.00 186.00
20-29

196.00

130.00 175.00
15-19

150.00

100.00 134.00
10-14

92.00

61.00 83.00

*Íocaíocht faoi réir thástáil maoine is ea an Méadú i leith Duine Aosaithe Cháilithe.

Athruithe ar an bPinsean Stáit (Ranníocach)

Rinne an tAcht Leasa Shóisialaigh agus Pinsean 2011 roinnt athruithe ar an aois cháilitheach do na pinsin Stáit. Beidh an aois cháilitheach ardaithe go dtí 67 bliain i 2021 agus 68 bliain i 2028 mar a leanas:

  • Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1955 nó ina dhiaidh ní cháileoidh tú don Pinsean Stáit go dtí go mbeidh tú 67 bliain ar a laghad.
  • Má saolaíodh tú an 1 Eanáir 1961 nó ina dhiaidh ní cháileoidh tú don Pinsean Stáit go dtí go mbeidh tú 68 bliain ar a laghad.

Athruithe molta

Faoin gCreatlach Náisiúnta um Pinsin tá roinnt athruithe eile pleanáilte do na choinníollacha cáilitheacha don Phinsean Stáit (Ranníocach) (ó 2020). Teastaíonn reachtaíocht sula dtagann na hathruithe seo i bhfeidhm. Is é an príomhathrú atá molta ná tabhairt isteach cur chuige ranníocaíochtaí iomláin chun teacht in áit an chórais atá ann faoi láthair. Ciallaíonn sé seo go mbeidh méid an phinsin a íocfar leat díreach ar aon dul le líon na ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh agus/nó creidmheasanna a d'fhéadfadh a bheith íoctha agat thar do shaol oibre.

Más rud é gur rugadh thú tar éis 1 Eanáir 1954, nuair a bhaineann tú aois an phinsin amach, teastóidh 30 bliain de ranníocaíochtaí agus/nó creidmheasanna chun an Pinsean Stáit is mó a fháil. Beidh tú in ann an Pinsean Stáit is lú a fháil má tá 520 ranníocaíocht ag an ráta iomláin íoctha agat (10 mbliana). Beidh an pinsean is lú ag aon trian den ráta uasta. Is féidir leat aon tríocha eile den phinsean a fháil do gach bliain bhreise ar ranníocaíochtaí atá agat. Is é an líon uasta de chreidmheasanna gur féidir leat a úsáid agus do theidlíocht Pinsin Stáit á ríomh ná 520 (nó 10 mbliana).

Má theastaíonn ranníocaíochtaí breise uait chun a bheith i dteideal Pinsin Stáit, beidh tú in ann leanúint ar aghaidh ag íoc ranníocaíochtaí ráta-iomláin tar éis duit aois an phinsin a bhaint amach.

Má chuireann tú éileamh do phinsean ar athló, beidh tú in ann an íocaíocht a iarchur go dáta a roghnaíonn tú féin. Má roghnaíonn tú é seo a dhéanamh, íocfar méadú ceart sa ráta leat ón dáta atá tú ag iarraidh go dtosóidh d'íocaíocht.

Rialacha

Ní mór duit a bheith 66 bliana d'aois agus dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialta Rannóige A, E, F, G, H, N nó S a bheith déanta agat le bheith i dteideal an pinsean seo a fháil.

Caithfidh tú:

  • Ranníocaíochtaí árachais shóisialta a bheith déanta agat roimh aois áirithe
  • Oiread áirithe ranníocaíochtaí árachais shóisialta a bheith déanta agat agus
  • Líon áirithe díobh a bheith déanta agat ar an mheán i rith na mblianta ó thosaigh tú ag íoc don chéad uair.

An t-árachas a bheith íoctha roimh aois áirithe

Caithfidh tú a bheith tagtha isteach sa scéim árachais roimh aois áirithe. I gcás daoine atá faoi bhun 66 faoi láthair, caithfidh sé gur thosaigh siad ag íoc as árachas sóisialta roimh aois a 56. Tá an aoisteorainn níos airde i gcás daoine a rugadh roimh 1922.

Tosú sa scéim árachais

Séard atá i gceist le tosú sa scéim árachais ná an dáta ar thosaigh tú ag íoc as árachas sóisialta don chéad uair.

Tá castacht ag baint leis na rialacha a dhearbhaíonn cathain ar tháinig tú isteach sa scéim árachais má tá árachas measctha ag an té sin. Is é sin le rá go raibh lán-árachas sóisialta aige nó aici cuid den am agus árachas athraithe uaireanta eile.

De ghnáth glactar leis gur é an dáta tosú fostaíochta inárachais, dáta an chéad ranníocaíocht fostaíochta íoctha. Áfach, má tá duine le meascán de ranníocaíochtaí ráta iomlán agus ráta athraithe aige agus a chéad ranníocaíocht ráta iomlán íoctha roimh an 6 Aibreán, tógtar an dáta tosú fostaíochta is mó fabhar. Má thosaigh tú ag íoc lán-árachais roimh 6 Aibreán 1991 agus roimh a mbíonn tú 56 bliain d'aois, glacfar leis gur tháinig tú isteach sa scéim árachais ar an dáta ar thosaigh tú ag íoc an ráta iomlán árachais - más tairbheach duit an socrú seo.

Má thosaigh tú ag íoc as lán-árachas i ndiaidh an 1 Aibreán 1991 , glactar leis gur tháinig tú isteach sa scéim árachais an t-am a thosaigh tú ag íoc árachais shóisialta de chineál ar bith.

Tá rialacha faoi leith ann maidir le teacht isteach sa scéim árachais i gcás daoine féinfhostaithe. Má thosaigh tú ag déanamh ranníocaíochtaí féinfhostaithe ar an 6 Aibreán 1988 agus má bhí ranníocaíochtaí íoctha agat mar fhostaí uair ar bith roimhe sin, is féidir leat do rogha a dhéanamh idir an 6 Aibreán 1988 agus an chéad lá riamh ar íoc tú as árachas agus dáta is fearr a oireann duit a bheith agat.

Líon na ranníocaíochtaí a rinneadh

Má shroicheann tú aois an phinsin ar nó i ndiaidh 6 Aibreán 2012, ní mór duit 520 ranníocaíocht a bheith déanta agat (ranníocaíochtaí 10 mbliana). Sa chás seo, ní féidir go mbeadh níos mó ná 260 den 520 ina ranníocaíochtaí deonacha. Más rud é, áfach, go raibh tú i do ranníocthóir deonach ar an 6 Aibreán 1997, nó roimhe, agus má tá 20 ranníocaíocht déanta ar an mheán agat in aghaidh na bliana, féadfaidh tú an riachtanas a shásamh má tá 520 ranníocaíocht déanta agat san iomlán, agus a chás sin, ní gá ach go mbeadh 156 díobh ina ranníocaíochtaí a rinneadh go héigeantach.

Má shroicheann tú aois an phinsin ar nó tar éis 6ú Aibreán 2002, ní mór duit 260 ranníocaíochtaí a bheith íoctha agat. (I ndáiríre 5 bliana de shíntiúis cé nach gá dóibh a bheith as a chéile.)

Má shroicheann tú aois an phinsin roimh 6 Aibreán 2002, caithfidh 156 ranníocaíocht incháilithe a bheith déanta agat (3 bliana san iomlán ach ní gá go mbeadh siad déanta i ndiaidh a chéile). Ciallaíonn sé gur gá go mbeadh ranníocaíochtaí ar an ráta iomlán déanta agat. Sé sin le rá, an stampa iomlán roimh 1979 agus stampaí de chineál A,E,F,G,H,N agus S ina dhiaidh sin.

Ranníocaíochtaí roimh 1953

I gcásanna áirithe is féidir ranníocaíochtaí a rinneadh roimh 1953 leis an scéim Árachais Náisiúnta a bhí ann ag an am a chur san áireamh chun an riachtanas go mbeadh 156 ranníocaíochtaí déanta agat a shásamh. De dhéanta na fírinne, is féidir glacadh le gach dá ranníocaíocht díobh mar trí cinn. Ach má tá siad le chur san áireamh caithfear an mheán-uimhir a mheas ó 1953 i leith. Tá pinsin speisialta pro-rata ann do dhaoine a rinne ranníocaíochtaí roimh 1953.

Meán ranníocaíochtaí in aghaidh na bliana

Ní mór duit an mheánchoinníoll a shásamh. Is dócha gurb é seo an ghné is casta a bhaineann le cáiliú le pinsean a fháil agus an ceann is mó a chothaíonn fadhbanna agus aimhrialtachtaí.

Rial an ghnáth mheáin

De réir riail an ghnáthmheáin ní mór duit deich ranníocaíocht chuí ar a laghad a bheith déanta agat nó creidiúnaithe duit mar mheán-ráta bliantúil ón bhliain a ndeachaigh tú isteach sa scéim árachais, nó ó 1953 i leith, cibé acu is déanaí. Má bhíonn 10 gcinn mar mheán-ráta bliantúil agat tá tú i dteideal an bunphinsean a fháil. Ní mór duit 48 gcinn a bheith agat mar mheán-ráta chun an phinsean iomlán a fháil.

An Rial Meán Malartach

Ní bhaineann an meán malartach seo ach leo siúd a shroicheann aois an phinsin ar an 6 Aibreán 1992 nó ina dhiaidh.

Dar réir na rialach seo ní mór duit 48 ranníocaíocht Rannóige A, E, F, G, H, N nó S a bheith déanta agat, nó creidiúnaithe duit, ar an meán in aghaidh gach bliain íocaíochta ó an bliain ranníoca 1979/80 suas go dtí an bhliain ranníoca dheiridh iomlán agus an bhliain sin san áireamh go dtí do 66ú breithlá. Dá mbeadh an mheánuimhir seo agat bheifeá i dteideal pinsean iomlán a fháil. Níl aon fhoráil ann pinsean níos lú a chur ar fáil nuair a úsáidtear an meán malartach seo.

Mar sin, má bhíonn an 66 bliana slán agat ar an 6 Aibreán 1992, déanfar do mheánuimhir ranníocaíochtaí a mheas ar dhá bhealach - faoin ngnáthmheán agus faoin meán malartach. Beidh formhór d'fhostaithe agus d'iarfhostaithe na tíre in ann an meán malartach a shásamh. Is dócha go ndéanfar an meán malartach a scrúdú ar dtús toisc gur fusa é a mheas. Mura bhfuil 48 ranníocaíocht déanta agat ar an mheán ó 1979 i leith déanfar an mheánuimhir a mheas ar an ngnáthbhealach agus b'fhéidir go bhfaighidh tú pinsean laghdaithe. (Mura n-éiríonn leat an meán malartach a shásamh beidh sé beagnach dodhéanta 48 acu a bheith agat mar mheán ar an ngnáthbhealach).

Pinsin pro-rata

Tá roinnt pinsean pro-rata ann a tugadh isteach toisc na bhfadhbanna agus na haimhrialtachatí a d'eascair ó fheidhmiú riail na meánuimhreacha ranníocaíochtaí agus toisc go raibh daoine áirithe eisiata ón gcóras árachais shóisialta ag uaireanta éagsúla.

Pinsin pro-rata d'árachas uaineach

Socraíodh pinsin pro-rata ar dtús dóibh siúd a raibh árachas acu tráth amháin agus tada acu uair eile de thoradh na dteorainneacha ioncaim a cuireadh ar ranníocaíochtaí. Roimh 1974 ní raibh sé de dhualgas ar oibrithe nach raibh obair láimhe ar siúl acu ranníocaíochtaí árachas sóisialta a dhéanamh ach amháin má bhí a n-ioncam faoi bhun leibhéal áirithe. Cuireadh deireadh leis an teorainn ioncaim seo in Aibreán 1974. D'íoc a lán daoine as árachas sóisialta ar feadh tamaill, d'éirigh as ansin ó thaobh ioncaim os cionn teorainn agus d'fhill ar an gcóras in Aibreán 1974 toisc gur cuireadh an teorainn ioncaim ar ceal. Ní raibh siad ábalta an meánriachtanas a shásamh mar d'éirigh siad as íoc ar feadh tamaill. Rinneadh socruithe an 14 Meán Fómhair 1988 chun go mbeadh siad incháilithe pinsin pro-rata a fháil.

Déantar an mheánuimhir a mheas ar an ngnáthbhealach agus má tá 10 nó breis acu ar an meán faigheann siad pinsean ar an ngnáthbhealach. B'fhéidir go bhfaighidh siad pinsean pro-rata, (ceathrú den uasphinsean), áfach, má tá sí idir 5 agus 9. Is féidir an pinsean pro-rata, seo a íoc le daoine a chomhlíonann na coinníollacha speisialta seo a leanas. Is féidir an pinsean pro-rata, seo a íoc le daoine a bhfuil bearnaí ina gcuid árachais acu agus a tháinig isteach in árachas arís sa mbliain 1974 nuair a cuireadh deireadh leis an teorann ioncaim. Má tháinig tú isteach in árachas arís sa bhliain sin ar aon chúis eile (mar shampla, mar gheall ar go raibh tú féin-fhostaithe roimhe sin nó amuigh as an tír), ní chomhlíonann tú na riachtanais agus ní bheidh tú i dteideal pinsean pro-rata.

Má tá tú incháilithe an pinsean pro-rata seo a fháil féadfaidh tú liúntas cáilithe an duine fásta a fháil agus liúntas iomlán do leanaí cleithiúnacha.

Ní bhaineann an pinsean pro-rata seo ach amháin le Pinsean Stáit (Ranníocach) agus le Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach). Tá sé níos éasca cáiliú le haghaidh Pinsin Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) agus dá bhrí sin tá méid an-bheag de dhaoine atá pinsin pro-rata ag teastáil uathu. Ní bhaineann an scéim seo le Pinsean Stáit (Eatramhach).

Pinsean pro-rata le haghaidh árachas meascaithe

Is iad an dara grúpa ar déanadh socrú faoi phinsean dá-réir dóibh, ná iad siúd a raibh árachas measctha acu, mar shampla daoine a bhí fostaithe tamall sa rannóg phoiblí agus scaitheamh eile sa rannóg phríobháideach. Ní h-ionann na rialacha a bhaineann le pinsin dá-réir don dream seo agus na rialacha a bhfuil cur síos déanta orthu thuas.

Thárlodh go mbeadh árachas measctha ag duine nuair a chaitheann sé/sí cuid dá s(h)aol ag obair sa tseirbhís póiblí agus ag íoc árachas laghdaithe agus cuid eile dá s(h)aol sa rannóg phríobháideach ag íoc Aicme A (nó ó Aibreán 1988, féin-fhostaithe agus ag íoc Aicme S)

Tá daoine ann a bhí fostaithe sa rannóg phoiblí agus sa rannóg phríobháideach nach bhfuil árachas measctha acu. Tharla sé seo de bhárr nach raibh gá do dhaoine a raibh a n-ioncam os cionn teorainn áirithe, aon árachas a íoc roimh ó Aibreán 1974. Bhí grúpaí áirithe atá anois ag íoc árachais, taobh amuigh den chóras-thosaigh Gárdaí ag íoc árachais ó Aibreán 1974; thosaigh baill áirithe de na hoird rialta á íoc ó Aibreán 1988 agus dochtúirí agus fiaclóirí sa stát sheirbhís ó Aibreán 1988.

D'fhéadfadh go mbeadh a ndóthain lán ranníocaíochtaí ag daoine le árachas measctha, chun go mbéidís i dteideal Pinsean Stáit (Ranníocaíochta). Braitheann sé seo ar chuinsí gach cás ann féin. D'fhéadfadh go mbeadh duine amháin i dteideal an phinsin agus nach mbeadh duine eile, in ainneoin níos mó ranníocaíochtaí a bheith ag an dara duine.

Ó 1991 i leith is féidir Pinsean Stáit (Ranníocach) a íoc ar bhonn pro rata le daoine a bhfuil árachas measctha acu. Má shroicheann tú aois a 66 ar nó tar éis 6 Aibreán 2012 caithfidh 520 ranníocaíocht idir an ráta iomlán agus an ráta measctha a bheith agat.

Caithfidh tú:

  • Ar a laghadh 260 ranníocaíochtaí a bheith íoctha nó curtha chun sochair duit ó chuaigh tú isteach in árachas nó ó 1953 pé acu is déanaí.
  • Meascán de lán ranníocaíochtaí agus de ranníocaíochtaí laghdaithe a bheith agat a thugann, nuair a shuimítear iad meán bliantúil 10 ón am a ndeachaigh tú isteach in árachas ar dtús, nó ó 1953 pé acu is déanaí, go dtí deireadh na bliana ranníocaíochtaí roimh do 66ú breithlá.
  • Gur theip ort pinsean a fháil faoi rialacha an Chómhphobail Eorpaigh nó faoi shocrú cómhalartach le tíortha eile, nó go raibh tú i dteideal pinsean a bhí ar ráta níos ísle ná an ceann a bheadh agat de bhárr an phinsin dá-réir.

Má chomhlíonann tú na riachtanais seo ar fad, d'fhéadfá a bheith i dteideal pinsean a bheadh i gcomhréir leis an méid ranníocaíochtaí a bhí íoctha agat ag an ráta iomlán. Tóg sampla an-simplí, má bhí tú ag obair ar feadh 40 bliain suas go dtí aois a 66 agus gur chaith tú deich mbliana acu sin sa rannóg phríobháideach is aon ceathrú den ghnáth phinsean a bheadh ag dul duit.

Séard a thárlaíonn i gcás na ndaoine a bhfuil árachas measctha acu ná go suimítear le chéile na ranníocaíochtaí a bhí íoctha ag an lánráta agus ag an ráta laghdaithe. Déantar an meán a thomhais ar an ngnáth bhealach, ansin. Má tá 10 ranníocaíochtaí ar an meán agat d'fhéadfá a bheith i dteideal an phinsin. Ansin roinntear an líon ranníocaíochtaí atá agat ag an lán-ráta ar an líon iomlán ranníocaíochtaí chun a fháil amach cén codán acu atá ag an lán-ráta. Gheobhaidh tú an codán sin den gnáth pinsean.

Bíonn an liúntas le haghaidh duine fásta cáilithe, a théann leis an bpinsean seo, comhréireach freisin.

Pinsean pro-rata do dhaoine féin-fhostaithe

Tá dualgas ar dhuine féin-fhostaithe árachas sóisialta a íoc ó 1988 i leith. Roimhe sin bhíodh roinnt daoine féin-fhostaithe ag íoc árachais go deonach. Bhí roinnt daoine féin-fhostaithe os cionn an íos-aois cheana féin nuair a thosaigh siad ag íoc árachais i 1988. Í mí Aibreáin 1999 tugadh isteach pinsean speisialta dá-réir, don dream seo. D'fhéadfá a bheith i dteideal an phinsin dá-réir má bhí tú 56 nó ós a cionn ar an 6ú Aibreán 1988 (gur rugadh thú ar nó roimh 6ú Aibreán 1932).

Pinsean pro-rata do dhaoine a d'íoc ranníocaíochtaí roimh 1953

Tugadh an pinsean seo isteach den chéad uair i mí Bealtaine 2000. D'fhéadfá a bheith ina theideal má tá 260 ranníocaíochtaí ar a laghad agat ag an lán-ráta agus cuid acu a bheith íoctha roimh 1953. Déantar gach 2 ranníocaíochtaí a bhí íoctha roimh 1953 a áireamh mar 3 ranníocaíochtaí.

Má chomhlíonann tú na riachtanais sin d'fhéadfá pinsean dá-réir ag leath ráta a fháil. Íoctar an liúntas le haghaidh páiste cleithiúnaigh ag leath an ráta freisin. Íoctar an liúntas le haghaidh duine os cionn 80 ag an ráta iomlán.

Ag obair sa bhaile agus pinsin Stáit

Baineann an Scéim um Chúramaí Baile le daoine a bhí ina gcúramóirí ó 1994 i leith. Ní bhaineann sé leo siúd a bhí ina gcúramóirí roimh 1994 agus ní rachaidh sé chun tairbhe morán dóibh siúd a d'éirigh as a gcuid oibre go buan. Baineann sé go háirithe leo siúd a bhí ag obair taobh amuigh den bhaile ar feadh roinnt blianta, a chaith roinnt blianta mar chúramóir agus d'fhill arís ar an obair taobh amuigh. Baineann sé le fir agus le mná.

Ón 5ú Aibreán 1994 i leith is féidir neamh-aird a dhéanamh ar aon bhliain síntiúis (ach teorann 20 bliain leis) a chaith duine mar chúramóir baile, nuair atá comháireamh á dhéanamh ar an meán bliantúil. Mar sin, cé nach bhfuil aon síntiúis íoctha agat ar na blianta sin, ní chuirfidh sé seo isteach ar do chuid cearta pinsin.

Pinsin AE

Má d'oibrigh tú in Éirinn agus i mballstát nó i mballstáit de chuid an AE, cuirfear do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta ó gach ballstát le do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta in Éirinn le gur fearr do theideal ar íocaíocht leasa shóisialaigh. Cliceáil anseo le tuilleadh eolais a fháil faoi do chuid ranníocaíochtaí árachais shóisialta a chur le chéile le teideal a fháil ar phinsean stáit.

Oibrítear amach na liúntais le haghaidh daoine fásta agus le haghaidh daoine ós cionn 80 ar an mbealach seo freisin. Ní féidir an liúntas le haghaidh páiste cleithiúnaigh a fháil ach ó thír amháin agus más as Éirinn atá sé ag teacht íocfar ina iomláine é.

Comhaontuithe déthaobhach leasa ahóisialaigh

comhaontuithe déthaobhach leasa shóisialaigh ag Éirinn le Ceanada, na Stáit Aontaithe, An Astráil, An Nua Shéalainn, An Eilbhéis, an Ostair, an tSeapáin agus le Quebec (a bhfuil córas éagsúil aici ón gcuid eile de Cheanada). Tríd is tríd tá na haontais seo cosúil le chéile agus go hiondúil socraíonn siad gur féidir árachas sóisialta a íoctar in Éirinn agus i dtíortha eile, a chur le chéile chun go mbeadh daoine i dteideal pinsin sean-aoise agus pinsin scoir. Go hiondúil bíonn an módh a úsáidtear chun méid an phinsin a oibriú amach, cosúil le rialacha an AE.

D'fhoilsigh an Roinn Coimirce Sóisialaí, Working it out - A Guide to the State Pension (Contributory) cabhróidh sé leat oibriú amach an bhfuil tú i dteideal Pinsean Stáit (Ranníocach).

Rátaí

Siad na rátaí le haghaidh Pinsean Stáit (Ranníocach) í 2012:

Ranníocaíochtaí ÁSPC Ráta seachtainiúil Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (in aois faoi 66) Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (atá 66+)
48 nó níos mó €230.30 €153.50 €206.30
20-47 €225.80 €153.50 €206.30
15-19 €172.70 €115.10* €154.70*
10-14 €115.20 €76.80* €103.20*

*Baineann na rátaí do dhuine fásta cáilithe le héilimh déanta ón 6 Aibreán 2001.

Íoctar na huasrátaí le daoine a bhfuil 48 ranníocaíocht nó níos mó, ar an meán íoctha acu.

Íoctar ráta níos ísle leo siúd a bhfuil idir 24 agus 47 mar mheánuimhir síntiúis íoctha acu. Íoctar rátaí pro-rata mar a thuairiscítear thuas.

D'fhéadfadh Méadú um Chónaí Aonair a bheith íoctha do dhaoine a chónaíonn ina n-aonair. D'fhéadfá cáiliú le haghaidh sochair eile, faigh amach tuilleadh faoi chárta leighis agus an Pacáiste Sochar Teaghlaigh.

Duine fásta cáilithe

Is féidir leat méadú a fháil i d'íocaíocht i gcomhair duine fásta cháilithe. Tógfar aon ioncam atá ag do dhuine fásta cháilithe ó fhostaíocht, féin-fhostaíocht, coigiltis, infheistíochtaí agus caipiteal (mar shampla, aon mhaoin seachas do theach féin ag an mbaile) san áireamh.

thógtar d'ioncam san áireamh ach tógtar ioncam de do chéile, pháirtnéirsibhialta, chomhchónaitheoir san áireamh ó thaobh mheasúnú maidir le Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe. Má tá caipiteal nó infheistíochtaí coinnithe i gcomhpháirt idir tú féin agus do chéile, meastar gur led' chéile nó led' pháirtí a leath den luach.

Ó 27 Meán Fómhair 2007, má tá tú ag fáil pinsin stáit (Ranníocach) íocfar an méadú do dhuine fásta go díreach agus go huathoibritheach le do cleithiúnaí lánaoiseach. Ní bhaineann sé seo ach le hiarratais ar phinsin stáit a fuarthas sa Roinn ar 27 Meán Fómhair 2007 nó ina dhiaidh.

Cleithiúnaí linbh

Is féidir leat méadú a fháil ar d'íocaíocht i gcomhair do chleithiúnaí linbh freisin.

Conas iarratas a dhéanamh

Féadfaidh tú stair d'árachais shóisialta a sheiceáil i rannóg Thaifid Lárnacha an ÁSPC sa Roinn Coimirce Sóisialaí. Le go bhféadfaidh tú do thaifead árachais shóisialta a sheiceáil, ní mór duit d'Uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) a bheith agat Má tá tú os cionn 60 bliain d'aois, tá 'Pacáiste Réamhaisnéise Pinsean' ag an Oifig Sheirbhísí Pinsin; ach é seo a chur i gcomórtas le taifead d'árachais shóisialta is fearr a thuigfidh tú cé na ranníocaíochtaí pinsin ab fhéidir a chaithfidh tú a dhéanamh le bheith i dteideal Pinsin Stáit.

Íoslódáil foirm iarratais ar Phinsean Stáit Ranníocach (pdf). Tá na foirmeacha seo le fáil ó d'oifig phoist áitiúil agus óna hoifigí áitiúla de chuid na Roinne Coimirce Sóisialaí.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh 3 mhí roimh aois a 66 duit agus 6 mhí roimh aois a 66 má amhlaidh a rinne tú ranníocaíochtaí árachais shóisialta i mbreis agus tír amháin.

I láthair na huaire, tá moill áirithe le próiseáil na n-iarratas ar Phinsin Stáit agus b'fhéidir nár mhór achar áirithe le d'iarratas a phróiseáil. Ach b'fhéidir go mbeidh teideal agat ar Liúntas Leasa Forlíontach le linn do d'iarratas a bheith á phróiseáil ag an Roinn.

Ó Aibreán 2012 is féidir éilimh déanacha ar phinsin ranníocacha bheith siardhátaithe suas go 6 mhí ar a mhéid. Baineann sé seo le Pinsean Stáit (Ranníocach agus Eatramhach) agus Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach). Léigh tuilleadh inár ndoiciméad faoi éileamh déanacha.

Cá háit a dheánfaidh mé iarratas?

Ba cheart aon cheist a bhaineann le do theideal ar Phinsean Stáit (Ranníocach) a chur chuig d'oifig leasa shóisialaigh nó chuig:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Pinsean Stáit (Ranníocach) a sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe daingnithe Pinsean Stáit (Ranníocach) a úsáid.

Ba cheart ceisteanna a bhaineann le do thaifead árachais shóisialta a chur chuig:

Rannóg um Taifead ÁSPC

Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Mhic Artúir
Ard Rámhann
Bun Crannacha
Dún na nGall
Éire

Teil:(01) 471 5898
Lóghlao:1890 690 690
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 1 May 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Pinsean Stáit (Eatramhach)
    Tá Pinsean Stáit (Eatramhach), a thugadh Pinsean Scoir roimhe sin, iníoctha le daoine atá 65 bliana d’aois agus ar scor agus a bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí árachais sóisialta acu.
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
    Má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC ag an té atá básaithe nó an chéile, d'fhéadfadh an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) (an Pinsean (Ranníocach) Baintrí (Fir)roimhe seo) a bheith íoctha chomh maith le sochair leasa shóisialaigh atá bainteach.
  • Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta
    Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.