Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Seanóirí agus Daoine Scortha

Print Page Send to a Friend

Seanóirí agus Daoine Scortha

Life Event Document Fordheontais ioncaim do dhaoine aosta Faigh amach faoi raon na n-íocaíochtaí atá ar fáil, agus déan nasc le seicliosta níos leithne de theidlíochtaí do dhaoine aosta.

Pinsean Stáit (Ranníocach)
Íoctar an Pinsean Stáit (Ranníocach), a thugadh Pinsean Seanaoise (Ranníocach) roimhe sin, do dhaoine os cionn 66 bliana d'aois a d'oibrigh agus a d'íoc a ndóthain ranníocaíochtaí árachais sóisialta.

Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach)
Is éard atá an Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach), a thugadh Pinsean Seanaoise Neamh-ranníocach roimhe sin ná an íocaíocht atá ar fáil do dhaoine os cionn 66 nach gcáilíonn don phinsean ranníocaíochta, agus a dháiltear de réir scrúdú maoine.

Pinsean Stáit (Eatramhach)
Tá Pinsean Stáit (Eatramhach), a thugadh Pinsean Scoir roimhe sin, iníoctha le daoine atá 65 bliana d’aois agus ar scor agus a bhfuil a ndóthain ranníocaíochtaí árachais sóisialta acu.

Ag dul amach ar pinsean luath
Teidlíochtaí íocaíochtaí stáit do dhaoine a dtéann amach ar pinsean luath is cuma má tá siad iomarcach nó gur roghnaigh siad féin dul amach ar pinsean luath. Deanann an doicimead seo cur síos ar ceard iad go díreach a gcuid teideal ó thaobh pinsin fadtéarmacha a choimeád.

Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid
Is éard atá sa Deontas do Dhaoine in Aois a gCéid ná an íocaíocht a thugtar dóibh siúd go bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus do shaoránaigh Éireannacha go bhfuil cónaí orthu thar lear nuair a shroicheann siad 100 bliain d'aois.

Teanga

English

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.