Tá an Scéim Sóisialta Tuaithe (SST) dírithe ar fheirmeoirí agus ar iascairí ar ioncam íseal. Chun a bheith i dteideal an SST ní mór duit a bheith ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh. Mar chúiteamh ar seo, soláthróidh siad siúd atá páirteach sa scéim seirbhísí áirithe atá chun tairbhe na bpobal tuaithe.
Go náisiúnta, coimeádann an Roinn Coimirce Sóisialaí freagracht iomlán do pholasaí maidir leis an scéim, critéir incháilitheachta san áireamh. Déanann an Roinn monatóireacht ar chur i bhfeidhm na scéime agus tacaíonn sí le forais éagsúla a bhainistíonn an scéim go háitiúil. D'fhéadfadh an Roinn aon scéim SST a iniúchadh agus cuairt a thabhairt ar thionscadail ar bith. Ag leibhéal áitiúil, bainistíonn Údarás na Gaeltachta an scéim i limistéir Ghaeltachta, agus bainistíonn na Cuideachtaí Forbartha Áitiúla an scéim in áiteanna eile.
I measc na gcineálacha oibre a dhéanann rannpháirtithe na SST, tá:
Oibríonn rannpháirtithe ar feadh 19.5 uair in aghaidh na seachtaine. Tá na huaireanta seo bunaithe ar sceideal atá soláimhsithe don iascaire/feirmeoir. Tá sé amhlaidh le cinntiú nach gcuireann rannpháirtíocht sa scéim isteach ar d'fheirmeoireacht/iascaireacht. Má ghlactar tú ar an scéim, tairgfear conradh duit ar feadh tréimhse tosaigh. Leanann an tréimhse tosaigh ón dáta a thosaíonn tú ar an scéim go dtí an 31 Márta ina dhiaidh sin. Ag deireadh an chonartha tosaigh seo, is féidir go nglacfar tú ar an scéim ar feadh tréimhse breise má chomhlíonann tú coinníollacha uile na scéime i gcónaí.
Is faoi rogha na bainistíochta áitiúila atá sé cibé an mbeidh nó nach mbeidh d'iarratas rathúil. Cé nach bhfuil sé beartaithe go bhfanfadh aon duine ar an scéim go buan, níl aon teorainn ama cinnte i leith rannpháirtíochta.
Má tá tú incháilithe don scéim ach nach mian leat páirt a ghlacadh inti, is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir cleithiúnach an áit atá ar fáil a thógáil. Cibé ar bith, tarlaíonn seo chomh fada agus nach bhfuil ceachtar den bheirt agaibh rannpháirteach in aon scéim chosúil eile, mar shampla, an Scéim Fostaíochta Pobail. Feidhmíonn an Scéim Sóisialta Tuaithe go neamhspleách ar Scéim Fostaíochta Pobail (FP) FÁS.
Tá an Scéim Sóisialta Tuaithe dírithe ar fheirmeoirí agus iascairí ar ioncam íseal nach bhfuil ábalta slí mhaireachtála fónta a dhéanamh, chun ioncam breise a thuilleamh. Le bheith rannpháirteach sa scéim caithfidh tú a bheith ag fáil i láthair na huaire:
Má tá tú i mbun feirmeoireachta nó iascaireachta go gníomhach, agus má shásaíonn tú na critéir a leagtar amach thíos, d'fhéadfá bheith cáilithe le haghaidh na scéime má tá ceann de na liúntais seo a leanas á fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí:
Critéir maidir le feirmeoirí
Caithfidh tú a chruthú go bhfuil tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach. Chun é seo a dhéanamh, caithfidh tú cóip ded' iarratas le haghaidh Scéim na hAonÍocaíochta don bhliain reatha, a áiríonn uimhir tréada bailí, maraon le cóip den admháil a ghabhann leis (cruthú postais oifigiúil). Má tá tú i mbun feirmeoireachta go gníomhach, ach níor chuir tú iarratas isteach le haghaidh Scéim na hAonÍocaíochta, ba cheart duit dul i dteagmháil le do Chuideachta Forbartha Áitiúil chun comhairle a iarraidh.
Critéir maidir le leanbh nó siblín feirmeora
Sa chás gur leanbh/deartháir nó deirfiúr le húinéir tréaduimhreach atá ionat agus go bhfuil ar do chumas deimhniú go bhfuil tú i do chónaí agus/nó ag obair ar an bhfeirm AGUS ag fáil ceann de na híocaíochtaí cáilithe leasa sóisialaigh, is féidir go bhfuil tú intofa chun páirt a ghlacadh ar SST mar gheall ar thréaduimhir do thuismitheora, do dhearthár nó do dheirféar.
Critéir maidir le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir feirmeora
Má tá tú intofa, ach muna theastaíonn uait páirt a ghlacadh ar SST, is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir cleithiúnach an áit infhaighte a ghlacadh.
Cás eile: má ta ceann de na híocaíochtaí cáilithe leasa sóisialaigh á fháil ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, agus má tá sé/sí i mbun feirmeoireachta go gníomhach, is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir do thréaduimhir a úsáid chun cáiliú le haghaidh na scéime.
Cás eile: Is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir páirt a ghlacadh ar SST má tá sé/sí faoi aois 66 agus má tá Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) á fháil agat lena bhfuil Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe á íoc i leith do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir.
Critéir maidir le hiascaire
Le gur féidir a mheas go bhfuil tú incháilithe mar iascaire d'áit i Scéim Shóisialta na Tuaithe, caithfidh tú ceann ar bith de na catagóirí a leanas a chomhlíonadh:
Critéir maidir le céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir iascaire
Is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir páirt a ghlacadh ar SST má tá sé/sí faoi aois 66 agus má tá Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach) á fháil agat lena bhfuil Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe á íoc i leith do chéile.
Do 2012 tá an uasíocaíocht sheachtainiúil don Scéim Sóisialta Tuaithe mar a leanas:
| Catagóir Rannpháirtithe | Íocaíocht Sheachtainiúil Iomlán |
| Rannpháirtí gan Duine Fásta Cleithiúnach | €208 |
| Rannpháirtí le Duine Fásta Cleithiúnach | €332.80 uasráta* |
| Gach Leanbh Cleithiúnach (Ráta iomlán) | €29.80 |
| Gach Leanbh Cleithiúnach (Leathráta) | €14.90 |
*Déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí measúnú ar mhéadú do dhuine incháilithe. Má tá ioncam ag an duine incháilithe, mar shampla ó fhostaíocht, d’fhéadfadh go laghdófaí ráta don rannpháirtí le duine incháilithe.
Má thuilleann tú ioncam anuas ar d’fheirmeoireacht nó d’iascaireacht ní féidir leat níos mó a thuilleamh ná an tairseach ioncaim a bhaineann le do phríomh-íocaíocht leasa shóisialaigh. Má thugann do thuillimh thar an teorainn ioncaim cailleann tú d’áit ar an SST.
Má tá ráta laghdaithe do dhuine fásta cleithiúnach san áireamh i d'íocaíocht leasa shóisialaigh reatha, ansin íocfar a chomhluach sin ar an SST. Níl tú i dteideal íocaíocht SST do dhuine fásta cleithiúnach má thuilleann sé/sí níos mó ná €310 in aghaidh na seachtaine.
Má tá tú ag fáil Liúntais Míchumais, Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh agus Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) leanann tú ar aghaidh ag fáil d’íocaíochta ón Roinn Coimirce Sóisialaí, chomh maith le híocaíocht bhreise ón SST chun d'íocaíocht iomlán a thabhairt suas ar aon dul leis na rátaí thuasluaite do do chúinsí teaghlaigh.
I 2012 is í an uasmhéid ráta íocaíochta maidir le Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) ná €193.50. Is é an breisiú íocaíochta ón SST ná €14.50.
Má tá tú níos óige ná 66 bliana d’aois agus ag fáil Mhéadú i Leith Aosaithe Cháilithe (IQA) mar chuid de phinsean stáit do chéile/pháirtí sibhialta/chomhchónaitheoir (Neamh-Ranníocach) gheobhaidh tú íocaíocht bhreise. Sa chás seo, gheobhaidh tú breisiú íocaíochta. Is é an breisiú íocaíochta a gheobhaidh tú ná an difríocht idir do ráta MDFC agus an íocaíocht SST. Mar shampla, má tá tú ag fáil uasráta MDFC ag €144.70 gheobhaidh tú íocaíocht SST de €63.30 i 2012.
Má tá d'íocaíocht SST €38 nó níos mó in aghaidh na seachtaine íoctar ÁSPC [PRSI] ag ráta Aicme A1. Má tá do bhreisiú íocaíochta SST faoi €38 in aghaidh na seachtaine d'fhéadfadh go n-íocfaí ÁSPC ag Aicme J. Níl tú faoi dhliteanas an Mhuirir Sóisialta Uilíoch (USC) nua ar d’íocaíocht RSS.
Beidh cáin dlite ar d'ioncam cé gur dóigh nach n-íocfaidh tú ach beagán cánach nó cáin ar bith. Fiaigh ammach a thuilleadh mar gheall ar chursaí cánach.
Ceadaíonn an SST d'fheirmeoirí agus d'iascairí ar ioncam íseal nach bhfuil ábalta slí mhaireachtála fónta a thuilleamh óna ngabháltas feirme nó ó iascaireacht, ioncam breise a thuilleamh. Má tá tú ag fáil íocaíochtaí eile leasa shóisialaigh ba chóir duit seiceáil le d'oifig áitiúil leasa shóisialaighan rachaidh sé seo i bhfeidhm ar an íocaíocht sin. Féadfaidh tú do chárta liachta a choinneáil.
Ós rud é go riartar an scéim seo ag leibhéal áitiúil, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh le do chomhlacht forfheidhmithe áitiúil SST chun tuilleadh eolais nó foirm iarratais a fháil.
Is féidir leat an Treoir
don Scéim Sóisialta Tuaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a léamh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.