Cúnamh Feirme scéim tacaíochta ioncaim a chuirtear ar fáil do fheirmeoirí de réir scrúdú maoine. Ta sé cosúil leis an Liúntas Cuardaitheora Poist ach go bhfuil scrúdú maoine níos flaithiúla ag dul leis. Chomh maith leis seo, ní gá duit a bheith ar fáil i gcomhair fostaíocht chun a bheith i dteideal Cúnamh Feirme.
Chun a bheith i dteideal Cúnamh Feirme, ní mór duit a bheith id' fheirmeoir idir 18 agus 66 bliana d'aois agus scrúdú maoine a shásamh. Tógtar san áireamh beagnach gach cinéal ioncaim san scrúdú maoine ach áirítear é ar bhealaí éagsúla agus déantar neamháird de shuimeanna áirithe de. Tá rialacha ar leith ag baint le ioncaim ó fheirmeoireacht agus foirmeacha eile féin fhostaíocht, ioncaim ó scéimeanna áirithe, ioncam ó fhostaíocht agus ioncam ó shealúchas agus caipiteal.
Nuair a dhéanann tú iarratas ar Cúnamh Feirme, tiocfaidh oifigeach leasa shóisialaigh chugat agus iarrfaidh sé/sí roinnt cáipéisí ort, mar shampla cuntaisí a réitíodh i gcomhair cúrsaí cánach, sochar uachtarlann, cártaí clárú beithigh, sonraí íocaíochtaí an cloigeann, cúnamh ceantair srl. Déanfaidh an toifigeach measúnú ansin ar na costaisí a bhíonn ar rith an fheirm, agus na costais riachtanacha, mar shampla cíos, anáidí, costas ionchur mar cothú agus leasú talún agus dímheas innill feirme. Tógtar costas oibre san áireamh, seachas obair an fheirmeora agus céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir an fheirmeora. Tá an feirmeoir i dteideal cóip den mheasúnú ioncam feirme a fháil.
Má tá ioncam eile agat féin nó ag do chéile ó fhéin-fhostaíocht, déantar measúnú ar seo chomh maith, ag tóigeáil san áireamh na costaisí a mbíonn le glanadh sa ngnó.
Cuirtear le chéile an ioncam ó fheirmeoireacht agus foirmeacha eile féin-fhostaíocht agus baintear as na costaisí a bhíonn i gceist. Má tá páistí cleithiúnacha agat, baintear as €127 sa mbliain don chéad bheirt páistí cleithiúnacha agus €190.50 sa mbliain do gach páiste eile. 85% den méid atá fágtha a mheastar mar do mhaoin ó fhéin-fhostaíocht.
Áirítear cuid de na híocaíochtaí a fhaightear faoin Scéim Cosanta Timpeallachta Tuaithe (REPS) nó an sceim Ceantar Speisealta Caomhnúchán (SAC) ach ní iad ar fad.
agus
Má tá do chuóta bainne ligthe ar léas agat, áirítear iomlán an ioncam ón léasadh. Ní áirítear é i measúnú ioncaim feirme mar a deirtear thuas. Is é an rud céanna a bhaineann le ioncaim ó léasadh an talamh. Má tá iomlán do thalamh ar léas agat, ní bheidh tú i dteideal Cúnamh Feirme a fháil.
Déantar measúnú ar d'ioncam ó phost. Déantar measúnú ar do mheán earnáil seachtainiúil ( ioncam comhlán lúide cáin ioncaim, ÁSPC, aoisliúntas agus táillí ceardchumainn)- go hiondúil ar bhunús an 13 seachtain roimh duit iarratas a dhéanamh. Ní thógtar d'ioncam iomlán san áireamh. Baintear as do thuilleamh seachtainiúil inmheasúnaithe ó bhreacfhostaíocht €20 (suas go €60 uasmhéad) sa lá agus déantar measúnú ar 60% den mheán earnáil seachtainiúil.
Meastar ioncam ó phinsean ó phost ina iomlán.
Tógtar ioncam do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir ón obair san áireamh mar seo a leanas:
Ón 26 Meán Fómhair 2007, déanfar €20 in aghaidh an lae (suas le huasmhéid de €60) a asbhaint ó mheánthuillimh inmheasúnaithe seachtainiúil do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir, agus ansin déanfar 60% den fhuílleach a mheasúnú mar acmhainní seachtainiúla. Déantar na hacmhainní seachtainiúla a asbhaint ansin ó chomhiomlán do ráta pearsanta Cúnaimh Feirme, an Méadú uasta do Dhuine Fásta Cáilithe agus aon mhéadú do leanaí cleithiúnacha.
Má bhí Cúnamh Feirme á fháil agat roimh 26 Meán Fómhair 2007 agus go bhfuil tú fós ag fáil íocaíochta an 26 Meán Fómhair 2007, déanfar tú a mheasúnú faoin measúnú maoine nua chun fáil amach an bhfuil ag éirí níos fearr leat. Má bhí méid níos mó Cúnamh Feirme á fháil agat ar an measúnú roimhe seo, fanfaidh tú ar an sean-mheasúnú.
Cuimsíonn ioncam ó chaipiteal maoin, coigiltis agus infheistíochtaí. Má tá maoin agat nach bhfuil a húsáid agat go pearsanta nó má tá infheistíochtaí nó aon chineál caipitil eile agat, déantar an luach a mheasúnú, ag baint úsáide as foirmle speisialta. D’fhéadfadh sé go mbeadh nó nach mbeadh ioncam á fháil agat ón maoin nó ón infheistíocht.
Déantar an caipital a mheas mar a leanas:
Ní bhaineann an measúnú nua sin ach le haonaid €1,000. Mar sin ba cheart gach méid a shlánú go dtí an €1,000 is gaire. Mar shampla má tá €38,4000 sa bhanc, déantar neamhaird den chéad €20,000, déantar €10,000 a mheasúnú ag €1 in aghaidh €1,000, is é sin le rá €10 agus déantar an €8,000 eile a mheasúnú ag €2 in aghaidh €1,000, sin €16 in aghaidh na seachtaine. Mar sin is é d’ioncam ó chaipiteal ná €26 in aghaidh na seachtaine nó €1,352 in aghaidh na bliana.
Muna mbaineann tú úsáid as do fheirm agus dá bharr seo nach bhfuil aon ioncam agat as, déantar measúnú ar a luach mar sin féin. Tógtar san áireamh an feirm mar chaipiteal agus déantar measúnú air mar a léirítear thuas.
Ní thógtar do theach san áireamh muna bhfaigheann tú ioncam uaidh.
Cuirtear le chéile do mhaoin iomlán ó gach foinse eile. Déanfaidh oifigeach cinneadh ansin cén mhéid Cúnamh Feirme ar cheart duit a fháil nó ar cheart duit aon chuid a fháil. Is féidir leat athchomharc a dhéanamh i gcoinne cinneadh muna bhfuil tú sásta leis. Ba cheart duit athchomharc a dhéanamh taobh istigh de 21 lá den chinneadh agus is féidir leat éisteacht labhartha a iarradh. Éistfidh Oifigeach Athchomhairce do chás ansin, agus tá an cinneadh deireanach aige/ aici sin. Má thagann eolas nua chun cinn nó má athraíonn do chúinsí pearsanta, is féidir leat cur isteach ar Chúnamh Feirme arís.
Ó 1 Eanáir 2007 níl aon dul as ach ÁSPC a íoc. D’fhéadfadh sé go
mbeadh dliteanas ort ranníocaíochtaí Aicme
S a íoc ar d’ioncam ó fhéinfhostaíocht.
Ráta seachtainiúil (2012):
| Rátai | Íocaíocht sa tseachtain |
| Uasráta phearsanta | €188 |
| Méadú Duine Fásta Cáilithe | €124.80 |
| Gach Cleithiúnaí Linbh | €29.80 (Ráta iomlán) €14.90 (Leath ráta) |
Gheobhaidh tú an ráta iomlán Méadú Cleithiúnaí Linbh má fhaigheann tú
Méadú Duine Fásta Cáilithe. Ní bhfaighidh tú ach leath an ráta Méadú
do Chleithiúnaí Linbh mura gcáilíonn tú Méadú Duine Fásta Cáilithe.
Íoslódáil foirm
feirm 1 (pdf) agus seol an fhoirm chomhlánaithe chuig d'oifig áitiúil
leasa shóisialaigh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.