Liúntas a íocann an Roinn Coimirce Sóisialaí le líonta-tí ar ioncam íseal é an Liúntas Breosla gan Deatach chun cabhrú leo na costais bhreise a bhaineann le úsáid breosla gan deatach nó breosla ar bheagán deataigh in áiteacha áirithe sa tír. Cuirfear deireadh le Liúntas Breosla gan Deatach ó 1 Meán Fómhair 2011. Leigh ceisteanna coitianta faoin athrú seo ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Tá cosc curtha ar mhargaíocht, díolachán agus dáileadh an bhreosla bhitiúmanaigh (is cúis le deatach) i roinnt áiteacha sa tír ó 1990. Tá feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht an aeir sna ceantair seo mar thoradh ar an gcosc seo.
Déanann údaráis áitiúla seiceáil ó am go chéile ar mhiondíoltóirí le cinntiú go bhfuil siad ag cloí leis an gcosc. Ba chóir gearáin faoi a bheith ag dó ábhar neamhúdaraithe a thuairisciú chuig d'údarás áitiúil.
Is iad na ceantair a gcaithfidh tú breosla "gan deatach" nó breosla ar "bheagán deataigh" a úsáid ná:
Má tá cónaí ort taobh istigh de na limistéir atá luaite thuas, d'fhéadfadh sé go gcáileódh tú don Liúntas Breosla gan Deatach má:
Tá Liúntas Breosla faoin Scéim Náisiúnta Breosla dhá íoc leat
Nó
Tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:
Agus
Maireann tú i do aonar nó amháin in éineacht le:
Ní íocfar ach Liúntas Breosla gan Deatach amháin in aghaidh an líon-tí.
Ní cháileodh tú don Liúntas Breosla gan Deatach má:
Liúntas seachtainiúil de €3.90 a íoctar.
Tá an liúntas Breosla gan Deatach iníoctha ar feadh 32 seachtain.
Ní ghlactar aon iarratas nua ar an Scéim.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.