Íocaíocht bhreise do dhaoine a fhaigheann pinsin leasa shóisialaigh agus a chónaíonn ina n-aonair é an Méadú do Mhaireachtáil Aonair.
Má tá tú 66 nó ós a chionn agus i do chónaí i d'aonar, beidh tú i dteideal íocaíochta breise má fhaigheann tú ceann amháin de na híocaíochtaí seo a leanas
Beidh tú i dteideal na híocaíochta seo freisin má tá tú faoi bhun 66, i do chónaí leat féin agus ag fáil aon cheann de na híocaíochtaí seo a leanas: Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte, Forlíonadh Éagumais nó Pinsean na nDall.
Chun an méadú a fháil i d’íocaíocht ní mór duit a bheith i do chónaí asat féin i gcónaí. Mar sin féin, tá eisceachtaí áirithe ann:
Má tá tú i do chónaí i síneadh a cuireadh le teach ball den teaghlach, mar shampla, in arasán mamó, is féidir an méadú seo a fháil más féidir leat a thaispeáint go bhfuil áiseanna agat san arasán béile a réiteach agus a bheith ag ith i d'aonar. Ní mor duit freisin seomraí suí/béile agus seomra codalta de do chuid féin a bheith agat.
Is féidir an méadú seo a íoc freisin sa chás go bhfuil cara nó gaol ag fanacht leis an té atá sean nó faoi mhíchumas san oíche amháin ar mhaithe le cúrsaí sábháltachta, an fhad agus nach bhfuil an cara nó gaol sin ag íoc tada leis an teach a chothú.
Is féidir an méadú a íoc freisin le duine a chónaíonn leis/léi féin i rith an lae ach a fhanann le gaolta nó le cairde san oíche. Má bhíonn an duine ina c(h)ónaí leis/léi féin i rith na seachtaine agus má thagann gaol le fanacht ag deireadh na seachtaine ní chuireann sé isteach ar an liúntas an fhad agus go bhfuil seoladh buan ag an ngaol in áit eile.
D'fhéadfadh sé go mbeadh daoine a chónaíonn i lóistín cosanta i dteideal an méadú má tá siad ina gcónaí go neamhspléach taobh istigh den lóistín sin.
Cáileoidh tú freisin má chónaíonn tú asat féin ach go mbíonn daoine ag fanacht agat scaití a íocann as an lóistín (mar shampla, le linn féile áitiúla). Má tá seirbhís leaba agus bricfeasta agat, áfach (fiú amháin ar feadh cuid den bhliain), ní cháileoidh tú.
B’fhéidir go gcáileoidh daoine a chónaíonn i gcóiríocht dhídeanach má bhreathnaítear orthu mar dhaoine atá ina gcónaí go neamhspleách laistigh den institiúid. Cuireann an Roinn Coimirce Sóisialaí liosta ar fáil de bhrúnna/bailte ina bhfuil Méadú do Mhaireachtáil Aonair iníoctha. Ní cháileoidh tú má roinneann tú cóiríocht suanleasa le daoine eile, nó má tá maoirsiú nó cúram altranais lá agus oíche agat.
Ní cháileoidh daoine a chónaíonn i dtithe altranais os rud é nach
féidir féachaint orthu mar dhaoine a chónaíonn astu féin go hiomlán
ná den chuid is mó.
Sea iad na rátaí íocaíochta seachtainiúil atá ann faoi láthair ná:
| Méadú do Mhaireachtáil Aonair | €7.70 |
Ba cheart an fhoirm iarratais (pdf) a chomhlíon chun iarratas a dhéanamh agus í a sheol chuig an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisalaí a íocann do phríomhphinsean nó sochar.
Beidh d’oifig
áitiúil Leasa Shóisialaigh ábalta aon cheisteanna atá agat faoin
méadú maireachtála aonair a fhreagairt agus is féidir leo cabhrú leat
d’fhoirm a chomhlánú.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.