Má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh liostaithe thíos agus tú i do chónaí ar oileáin áirithe amach ó chósta na hÉireann féadfaidh tú méadú a fháil ar a dtugtaí Liúntas Oileáin.
Is féidir le daoine a mhaireann ar oileáin costais bhreise a bheith orthu ag taisteal go dtí an mhórthír chun úsáid a bhaint as seirbhísí. Is mar gheall ar na costais bhreise a bhaineann le cónaí ar oileán amach ó chósta na hÉireann atá an méadú seo ann.
Ó Mhárta 2005, tá daoine a fhaigheann pinsin áirithe ó stát eile san AE i dteideal méadú a fháil má chónaíonn siad ar oileán sainithe.
Le go mbeifeá i dteideal méadú a fháil ní mór gnáthchónaí a bheith ort ar oileán sainithe amach ó chósta na hÉireann, a bheith 66 bliain d'aois nó níos sine agus a bheith ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:
Má tá tú 66 bliain d'aois nó níos sine agus tú ag fáil pinsin cosúil le ceann den chineál atá luaite thuas ó stát eile san AE, tá an méadú ag dul duit chomh maith.
Má chónaíonn tú ar oileán sainithe agus tú faoi 66 bliain d'aois beidh méadú leasa shóisialaigh ag dul duit má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh seo a leanas:
Má tá tú 66 bliain d'aois nó níos sine agus tú ag fáil pinsin cosúil le ceann den chineál atá luaite thuas ó stát eile san AE, tá an méadú ag dul duit chomh maith.
Níl aon fhoirm iarratais ann le cur isteach ar mhéadú ráta i d'íocaíocht leasa shóisialaigh is tú i do chónaí ar oileán sainithe. Nuair a chuireann tú isteach ar íocaíocht leasa shóisialaigh, déantar measúnú ort i gcomhair méadaithe freisin. Má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí cuí gheobhaidh tú an méadú go huathoibríoch nuair a shroichfidh tú 66 bliain d'aois.
Má tá aon cheist agat faoin méadú leasa shóisialaigh do dhuine a
chónaíonn ar oileán sainithe nó lena fháil amach an bhfuil a leithéid ag
dul duit, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an rannóg sa Roinn Coimirce
Sóisialaí a íocann d'íocaíocht leasa shóisialaigh. Cuireann an Roinn
Coimirce Sóisialaí uimhir teileafóin Lóghlao ar fáil.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.