Print Page Send to a Friend

An Liúntas Breosla

Eolas

Is scéim í an Scéim Náisiúnta Breosla atá ceaptha cabhrú le líonta tí atá ag brath ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh go fadthéarmach nó íocaíochtaí boird sláinte agus nach bhfuil in ann soláthar a dhéanamh dá riachtanais teasa féin. Feidhmíonn an scéim ar feadh 26 seachtain.

Cuirfidh deireadh le séasúir breosla 2011/2012 an tseachtain a chríochnaíonn Dé hAoine an 6 Aibreán 2012.

Rialacha

D'fhéadfadh tú cáiliú do liúntas breosla má tú ag fáil:

  • Liúntas Breise Leasa bunúsaigh
  • Sochar/Pinsean Leasa Shóisialaigh ó thír eile
  • Liúntas Speisialta ón Roinn Cosanta
  • Tá tú ag tógáil páirte i Scéim Liúntais um Fhilleadh ar Obair, Scéim Liúntais Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, Scéim Sóisialta Tuaithe, Cúnamh Poist na gCoimisinéirí Ioncaim nó FÁS Fhostaíochta Pobail, agus tú i dteideal na sochar tánaisteach a choinneáil.

Agus

Maireann tú i do aonar nó amháin in éineacht le

  • Céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir cleithiúnach agus/nó leanaí cleithiúnacha. D'fhéadfaí breathnú ar leanbh mar chleithiúnach go dtí go sroicheann sé nó sí aois 18 bliain nó 22 bliain má tá sé nó sí ag freastal ar oideachas go lánaimseartha. Nuair a iontaíonn do leanbh 18 agus é/í fós ag freastal ar oideachas lánaimseartha agus go bhfuil tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh ghearrthéarmaigh, i.e. Liúntas Cuardaitheora Poist (ar feadh níos lú ná 15 mí), Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta nó Liúntas Breise Leasa, breathnaítear air nó uirthi mar chleithiúnach go dtí an 30 Meitheamh dár gcionn nó go dtí go bhfuil an t-oideachas lánaimseartha críochnaithe, cébí acu a thagann ar dtús.
  • Daoine eile atá ag fáil ceann de na híocaíochtaí cáilitheacha a bheadh incháilithe chomh maith do Liúntas Breosla ina mbealach féin.
  • Duine a thugann cúram agus aire lánaimseartha duit má tá tú faoi mhíchumas nó má tá tú i do leath-easlán.
  • Duine/Daoine atá ag fáil Liúntas Cuardaitheora Poist go gearrthéarmach.
  • Duine/Daoine ag fáil Liúntas Cúramóra

Agus

Níl tusa ná baill eile de do líon tí ábalta do riachtanais teasa a chuir ar fáil ó d'acmhainní féin.

Ní cháileoidh tú don Liúntas Breosla má:

  • Tá do riachtanais teasa clúdaithe faoi ghníomhas a aistríonn maoin
  • Tá tú i do chónaí le duine nach bhfuil ag fáil ceann de na híocaíochtaí cáilitheacha do Liúntas Breosla
  • I gcás íocaíochtaí nach mbaineann tástáil maoine leo agus go bhfuil comh-ioncam agat féin agus ag baill de do líon tí de níos mó ná €100 sa tseachtain nó coigilt/infheistíocht €58,000 nó níos mó ós cionn an uasráta sochair/cúnaimh chuí.

Ag fágáil pinsean nó sochar ó thír eile

Má tá pinsean/sochar nó íocaíocht choibhéiseach dhá íoc leat ó thír atá clúdaithe ag Rialacháin an AE nó tír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh ag Éirinn léi, d’fhéadfadh sé go gcáileodh tú don liúntas breosla má shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha a bhfuil tagairt déanta dóibh thuas agus go bhfuil tú:

  • I do chónaí in Éirinn

Agus

  • Go bhfuil tú 66 bliain d'aois nó ós a chionn

  • Go bhfuil tú faoi 66 bliain d'aois agus Pinsean Easláinte dhá íoc leat (le ós cionn 12 mí), Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh nó íocaíocht choibhéiseach ó thír eile.

Má cháilíonn níos mó ná duine amháin sa teaghlach

Ní íocfar ach íocaíocht Liúntais Bhreosla amháin le teaghlach. Má tá beirt ina gcónaí in aon teaghlach agus go gcáilíonn siad araon don liúntas breosla, ní íocfar ach liúntas breosla amháin le duine cáilithe amháin sa teaghlach sin. Leagann an tábla thíos amach an duine cáilitheach iomchuí sa líon tí ar chóir dó/dí iarratas a dhéanamh ar an liúntas breosla sa chás go bhfuil beirt nó níos mó daoine cáilitheacha ina gcónaí sa teach céanna.

Cinéal Sochair Daoine ar chóir dóibh iarratas a dhéanamh ar an liúntas breosla
Pinsean Leasa Shóisialaigh agus Liúntas Cuardaitheora Poist fadthéarmaí Pinsinéir Leasa Shóisialaigh
Liúntas Réamh-Scoir agus Pinsean Leasa Shóisialaigh Pinsinéir Leasa Shóisialaigh
Liúntas Réamh-Scoir agus Liúntas Cuardaitheora Poist fadthéarmaí Duine ar Liúntas Réamh-Scoir
Pinsean Leasa Shóisialaigh agus íocaíocht Leasa Shóisialaigh ó thír eile Pinsinéir Leasa Shóisialaigh
Íocaíocht Leasa Shóisialaigh ó thír eile agus Liúntas Cuardaitheora Poist fadthéarmaí Pinsinéir Leasa Shóisialaigh

Rataí

Is é an Liúntas Breosla ná €20 sa tseachtain.

Conas iarratas a dhéanamh

Má tú Liúntas Cuardaitheora Poist fadthéarmaí dhá fháil agat, íocfar an liúntas breosla gach seachtain in éineacht le do Liúntas Cuardaitheora Poist.

Má tá íocaíocht ó FSSl dhá fháil agat, íocfaidh an FSS an liúntas breosla go díreach.

Má tá íocaíocht dhá fháil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí nó pinsean/sochar leasa shóisialaigh ó thír atá clúdaithe ag Rialacháin an AE nó tír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh ag Éirinn léi, íocfar do liúntas breosla trí leabhar orduithe íocaíochtaí nó leabhar ilchodach, más féidir. Mura n-athraíonn do chúinsí agus má leanann tú an íocaíocht leasa shóisialaigh céanna a fháil, ní gá duit iarratas ar an Liúntas Breosla a dhéanamh gach bliain.

Má dhéanann tú iarratas ar an liúntas breosla tar éis túis an séasúir téite (an seachtain dheireanach Meán Fómhair), ní íocfar an liúntas siar go dáta.

Tá an fhoirm iarratais (Foirm NFS 1 (pdf)) le fáil ó do oifig phoist áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Comhlánaigh an fhoirm agus cuir ar ais í chuig an rannán íocaíochta cuí faoi mar atá leagtha amach thíos:

Má tá íocaíocht á fháil agat mar a leanas:

  • Pinsean Easláinte
  • Pinsean Réamhscoir
  • Liúntas Míchumais
  • Forlíonadh Éagumais

Seol d'iarratas chuig:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 927 770
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie

Má tá íocaíocht á fháil agat mar a leanas:

  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach)
  • Sochar nó Liúntas Banchéile Thréigthe
  • Pinsean Stáit (Ranníocach nó Neamh-Ranníocach)
  • Pinsean Stáit (Idirthréimhseach)
  • Pinsean na nDall
  • Liúntas Banchéile Príosúnaigh
  • Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
  • Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)

Seol d'iarratas chuig:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/


Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist nó Cúnamh Feirme á fháil agat go fadtéarmach ba chóir duit do fhoirm chomhlánaithe a sheoladh chuig d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil.

Liúntas Leasa Forlíontach

Má tá Liúntas Leasa Forlíontach á fháil agat ba chóir duit iarratas a dhéanamh chuig an Oifigeach Leasa Pobail ag d’ionad nó d’oifig sláinte áitiúil.

Má tá Íocaíocht Leasa Shóisialaigh á fáil agat ó thír ina bhfuil Rialacha an AE, nó ó thír a bhfuil Comhaontú Déthaobhach Slándála Sóisialaí ag Éirinn léi, ba chóir duit iarratas a dhéanamh mar seo a leanas chuig:

Scéim Náisiúnta Breosla

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Pacáiste Sochar Teaghlaigh
    Tá cur síos sa cháipéis seo ar Liúntais don Líon Tí, an Liúntas Leictreachais, Liúntas Gáis Nádúrtha, Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas) Liúntas ar Bhuidéal Gáis a Athlíonadh, Liúntas Teileafóin agus Ceadúnas Teilifíse in Aisce san áireamh.
  • Ranníocaíochtaí árachais shóisialta ón choigríoch a chomhcheangal
    Is féidir le comhcheangail do chuid íocaíochtaí arachais sóisialta a íocadh in Éirinn agus thar lear a chuidiú leat bheith incháilithe d'íocaíocht leasa sóisialta. Tuilleadh eolais a fháil.
  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach)
    Má tá dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC ag an té atá básaithe nó an chéile, d'fhéadfadh an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) (an Pinsean (Ranníocach) Baintrí (Fir)roimhe seo) a bheith íoctha chomh maith le sochair leasa shóisialaigh atá bainteach.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.