Sochair Leasa Shóisialaigh Bhreise

  • Tá móran sochair bhreise ar fáil do dhaoine áirithe a fhaigheann íocaíocht leasa shóisialaigh. Faigh amach tuilleadh faoi na sochair bhreise.
  • Tá gach uile dhuine aois 66 agus os cionn atá ina chónaí in Éirinn i dteideal taisteal ar iompar poiblí saor in aisce. Tá daoine eile atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh i dteideal freisin. Faigh amach tuilleadh faoi shaorthaisteal in Éirinn agus faoin SmartPass Sinsearach a cheadaíonn duit taisteal ar iompar poiblí i dTuaisceart Éireann saor in aisce.

  • Má tá tú ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh sainithe agus tú i do chónaí ar oileáin áirithe amach ó chósta na hÉireann féadfaidh tú méadú a fháil ar d'íocaíocht leasa shóisialaigh.

  • Tá cur síos sa cháipéis seo ar Liúntais don Líon Tí, an Liúntas Leictreachais, Liúntas Gáis Nádúrtha, Liúntas Leictreachais (Grúpchuntas) Liúntas ar Bhuidéal Gáis a Athlíonadh, Liúntas Teileafóin agus Ceadúnas Teilifíse in Aisce san áireamh.

  • The Telephone Support Allowance is a supplementary payment for people on certain social welfare payments who are also getting both the Living Alone Increase and the Fuel Allowance.

  • Tá cur síos anseo ar an Liúntas don Té a Chónaíonn ina (h)Aonar, íocaíocht bhreise do dhaoine a fhaigheann pinsin leasa shóisialaigh agus a chónaíonn ina n-aonair.

  • Cur síos atá sa cháipéis seo ar an Scéim Náisiúnta Breosla, scéim a chuireann liúntas breosla ar fáil do líonta-tí ar ioncam íseal, nach bhfuil ábalta a riachtanais teasa a shásamh.