Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Míchumas agus Tinneas > Scéim na Sochair Gortuithe Ceirde - Ginearálta

Print Page Send to a Friend

Scéim na Sochair Gortuithe Ceirde - Ginearálta

Eolas

Tá scéim liúntais ag an Roinn Coimirce Sóisialaí le haghaidh daoine a gortaíodh nó atá faoi mhíchumas de bhárr timpiste ag obair nó fad is a bhí siad ag taisteal chuig / ón obair nó de bharr go bhfuaireadar galar mar gheall ar an gcineál oibre a bhíonn ar bun acu.

Seo a leanas na liúntais:

Sochar Báis:

  • Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (iníoctha ag ráta níos airde ná an gnáth Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh)
  • Pinsean Dilleachta
  • Pinsean Tuismitheóra Cleithiúnaí
  • Deontas Sochraide.

Séard é Sochar Gortuithe Ceirde ná sochar a íocfar leat in aghaidh na seachtaine mura bhfuil tú i riocht dul ag obair de bhárr gortuithe nó galair. Is féidir é a íoc ar feadh suas le 26 seachtaine ón dáta ar tharla an timpiste nó a bhfuair tú an galar ( ní ón dáta ar chuir tú d'iarratas isteach). Sula dtagann deireadh leis an íocaíocht ar Shochar Díobhála ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach mas rud é gur chaill tú cumas de bharr do thimpiste nó do ghalair.

Íoctar, Sochar Buanmhíchumais chailleann tú úsáid cumais fhisiciúil nó mheabhrach de bharr timpiste i mbun oibre, nó de bhárr galar ceirde. D'fhéadfadh go mbeadh ar do chumas dul ag obair díreach tar éis na timpiste. Má tá, ba cheart duit iarratas a chur isteach taobh istigh de thrí mhí ón am ar tharla an timpiste nó ar thosaigh an galar. Caithfidh tú dul faoi scrúdú dochtúra chun méid an chumais atá caillte agat a mheas. Bunófar ráta an sochair ar an scrúdú. (Níl Stát Sheirbhísí atá ag íoc árachais in Acme B, i dteideal Sochair Míchumais ar feadh na céad 26 seachtaine tar éis dáta na timpiste. Tar éis na tréimhse seo, ní íocfar an liúntas ach ag leath an ráta.)

Fórlionadh Neamhábaltachta seo fordheontas a d'fhéadfaí a íoc leat in aghaidh na seachtaine más rud é nach bhfuil tú i dteideal Sochar Míchumas. Caithfidh tú a bheith ar Shochar Míchumasaíochta agus gan a bheith i riocht dul i mbun oibre go deo.

Liúntas Síor-Aire Seo liúntas a íoctar in aghaidh na seachtaine más rud é go bhfuil tú chomh mór faoi mhí-chumas is go mbíonn duine uait gach aon lá, sa bhaile, chun aire a thabhairt duit.

Scéim Cúraim Sláinte Má bhíonn costaisí sláinte ort de bharr timpiste nó galar ceirde, is féidir leat éileamh a dhéanamh ar chostais áirithe nach bhfuil clúdaithe cheana féin ag an Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), ná ag an Scéim Liúntas Córaíochta (leighis). Is iad na costaísí a bhféadfá éileamh a chur isteach orthu ná cuairteanna agus oidis dochtúra, ceannacht, deisiú nó athnúachán fearas áirithe leighis nó máinliachta, cóireáil fiaclora nó súil, cúram banaltrachta áirithe (atá inghlactha) sa bhaile, costaísí othar charr nó costaísí taistil eile chuig ospidéal (sé an teorann a bhíonn leis seo go hiondúil ná an costas a bheadh ar thaistil poiblí). Ní féidir an costas a bhain le cóireáil nó le costaísí ospidéil phriobháideacha nó leath-phriobháideach a fháil arais faoin scéim Gortuithe Ceirde.

Sochar Báis Má fhaigheann oibrí atá faoi árachas bás, de bhárr timpiste nó galair ceirde, tá roinnt liúntais ann, a d'fhéadfaí a íoc leis na gaolta atá fágtha ina d(h)iaidh. D'fhéadfaí na sochair seo a íoc freisin le cleithiúnaigh dhuine a bhí ag tarraingt Pinsean Míchumasaíochta ag ráta 50% nó níos airde ag am a b(h)áis, is cuma den chúis a bhí leis an mbás. Siad na sochair atá i gceist ná, Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh, Pinsean Dílleachta, Pinsean Tuismitheóra Cleithiúnaí agus Deontas Sochraide.

Rialacha

I gcoitinne, tá daoine fostaithe, atá ag íoc Aicme A,D,J nó M de P.C.Á.S, clúdaithe go hiomlán le haghaidh Sochair Gortuithe Ceirde. D'fhéadfadh sé nach mbeadh Stát Sheirbhísí a fostaíodh roimh 1995 agus atá ag íoc P.C.Á.S faoi Aicme B, i dteideal ach Sochar Teoranta Gortuithe Ceirde.

Tá foghlaimeoirí de chuid F.Á.S, daoine ar scéimeanna F.Á.S agus daoine ós cionn 66 atá ag obair, clúdaithe le haghaidh Sochair Gortuithe Ceirde.

Ní hionann agus sochair árachais shóisialta eile, ní gá go mbeadh uimhir áirithe síntiúis P.C.Á.S ag duine chun a bheith ina theideal. Séard atá riachtanach ná go mbeadh duine i bhfostaíocht atá faoi árachas le haghaidh Gortuithe Ceirde. Sé/sí an fostóir seachas an fostaí a íocann na síntiúis don Chiste Gortuithe Ceirde.

Éileamh a dhéanamh ar dhamáiste faoin Dlí Sibhialta

Má tharlaíonn gortú ceirde duit nó má bhuaileann galar ceirde thú d'fhéadfá éileamh dlí ar dhámaiste a dhéanamh i gcoinne d'fhostóir. Má tá íocaíochtaí Gortuithe Ceirde fáighte agat ní chiallaíonn sé seo ann féin, go bhfaighidh tú cúiteamh. Nuair a bheidh an chúirt shiabhialta ag déanamh measúnaithe ar an damáiste cuirfidh sí san áireamh aon Sochar Gortuithe, Sochar Mí-chumais nó Deontas Báis atá íoctha leat. Ní chuirfear íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh eile san áireamh.

Cá háit a dheánfaidh mé iarratas?

Rannóg Díobhálacha Ceirde

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 704 3018

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 25 January 2012

Teanga

English | Polsku | Română

Ábhar Gaolmhar

  • Sochar Míthreorach
    Is féidir Sochar Míthreorach a íoc leat má chailleann tú cumas fisiceach nó meabhrach de bharr timpiste a tharla agus tú ag obair, timpiste nó de bharr galair a bhuail thú ag obair.
  • Sochar Díobhála
    Íocaíocht sheachtainiúil é Sochar Díobhála a dhéantar le fostaithe má tá siad neamhábalta chun na hoibre de bharr timpiste le linn na hoibre nó de bharr galar ceirde a thagann orthu de dheasca na hoibre a dhéanann siad.
  • Sochair agus teidlíochta tar éis báis
    Soláthraíonn an doiciméad seo forbhreathnú ar na sochair leasa shóisialaigh atá ar fáil nuair a fhaigheann duine bás.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.