Tá duine a ghortaítear ag an obair nó a fhaigheann galar áirithe ceirde i dteideal sochair faoin scéim Gortuithe Ceirde má tá árachas orthu. Ceann de na sochair atá i gceist ná Cúram Leighis. Faoin scéim Cúram Leighis is féidir leat aisíoc a fháil ar chostais cúraim agus aire leighis nach mbíonn íoctha ag an láithreáin ghréasáin Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nó tríd an Sochar Cóir Leighis ón Roinn Coimirce Sóisialaí.
Déanfar aisíoc ar na costaisí seo a leanas muna mbíonn siad clúdaithe go hiomlán ag an Limistéir Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte ná ag Scéim Sochar Chóir Leighis na Roinne Choimirce Sóisialaí:
Is le seic a íoctar an Cúram Leighis. Go hiondúil ní dhéantar ach íocaíocht amháin ach más cóir leighis leanúnach atá i gceist, b'fhéidir go ndéanfaí íocaíocht i gcúpla gála. Is leis an duine a dhéanann an éileamh a dhéantar an íocaíocht go hiondúil ach is féidir é a dhéanamh le do dhochtúir nó an bord sláinte más gá.
Chun a bheith i dteideal aisíoca chostaisí leighis ní mór duit na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:
Ní tharlaíonn tinneas ná míchumas láithreach mar thoradh ar gach timpiste san obair nó galar ceirde. Muna dtarlaíonn eágumas duit láithreach ach gur mian leat cinntiú go mbeadh an ceart agat amach anseo sochar a fháil, ba cheart duit d'fhostóir a chur ar an eolas maidir leis an timpiste/ galar agus dearbhú a iarradh ag rá gur tinneas/ timpiste cheirde a bhí i gceist. Ba cheart é seo a dhéanamh gan mhoill.
Ba cheart duit an Roinn a chur ar an eolas faoi go bhfuil tú chun cúram leighis a éileamh tríd an Form of Notice a líonadh agus é a sheoladh chuig an Rannóg Sochar Gortuithe - féach seoladh thíos. Seolfar foirm éilimh C1 chugat anseo (pdf). Déan cinnte de go gcuireann tú d'uimhir PSP (mar an gcéanna le d'uimhir cánach ) ar aon admhálacha a sheolann tú isteach in éineacht leis an bhfoirm éilimh C1.
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Átha Cliath 1
Éire
Teil:(01) 704 3018
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.