Print Page Send to a Friend

Pinsean Easláinte

Eolas

D'fhéadfá é seo a fháil mura raibh tú i riocht oibre agus go raibh tú ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh dhá mhí dhéag ar a laghad roimh dháta d'iarratas agus nach mbeidh tú i riocht oibre ar feadh 12 mhí eile ar a laghad. D'fhéadfá dul ar Phinsean Easláinte tar éis tréimhse níos giorra má chiallaíonn an cineál tinnis nó míchumais atá ort, nach bhfuil morán de sheans ann go bhfillfidh tú ar do chuid oibre roimh dheireadh do shaoil.

Ag 65, ardaíonn an ráta íocaíochta go dtí an ráta ag a mbíonn an Pinsean Stáit (Idirthréimse). Nuair beidh tú 66 bliana d'aois aistrífear é go Pinsean Stáit (Rannaíocach).

Tá Pinsean Easláinte inchánach. Tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a bheith agat má tá Pinsean Easláinte á fháil agat. D’fheadfá a bheith i dteideal an Pacáiste Sochair Teaghlaigh a bheith agat freisin.

Má mheasann tú nár cheart gur diúltaíodh Pinsean Easláinte duit, nó mura bhfuil tú sásta le cinneadh a rinne Oifigeach Cinnidh Leasa Shóisialaigh faoi do theidlíochtaí tá sé de rogha agat achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnidh seo.

Rialacha

Ranníocaíochtaí árachais shóisialta

Caithfear na nithe seo a leanas a bheith agat ar a laghad chun Pinsean Easláinte a fháil:

  • 260 (5 bliana) ranníocaíocht íoctha (stampa) ó thosaigh tú ag íoc árachais shóisialta
  • 48 ranníocaíocht íoctha (stampa) nó creidmheas tugtha ina n-aghaidh sa bhliain cánach iomlán is déanaí roimh dháta an éilimh

Ní áirítear ach aicmí ÁSPC A, E agus H. An bhliain cánach is déanaí is ea an bhliain roimh an éilimh. Mar shampla, má dhéantar éileamh ar Phinsean Easláinte in 2011, an bhliain cánach iomlán is déanaí ná 2010.

Critéir leighis

Déanfaidh dochtúir atá fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí cinneadh an bhfuil tú neamhábalta de réir míochaine do chúrsaí fostaíochta agus incháilithe ar chúiseanna leighis don Phinsean Easláinte.

Le cáiliú caithfidh tú a bheith:

  • Neamhábalta do chúrsaí fostaíochta ar feadh 12 mhí ar a laghad agus gur dócha go mbeidh tú neamhábalta do chúrsaí fostaíochta ar feadh 12 mhí eile ar a laghad (is dócha go mbeidh Sochar Breoiteachta nó Liúntas Míchumais á fháil agat ar feadh an ama)

  • Neamhábalta do chúrsaí fostaíochta go buan (i gcásanna áirithe de bhreoiteacht nó míchumas atá fíor-thromchúiseach, féadfaidh tú aistriú go díreach ó íocaíocht leasa shóisialaigh eile nó ón bpost atá agat chuig Pinsean Easláinte).

Pinsean Easláinte agus obair

Féadfar obair athshlánúcháin a cheadú duit (suas chomh fada le huasmhéid 20 uair in aghaidh na seachtaine) agus do Phinsean Easláinte a choinneáil. Caithfear cead scríofa a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí sula dtosaíonn tú ag obair. Socróidh an Roinn cén obair athshlánúcháin a bheidh i gceist.

Rataí

Rataí in 2012:

Ráta Pearsanta Ráta seachtainiúil
Aois faoi 65 €93.50
Aois 65 €230.30
Duine Fásta Cáilithe aois faoi 66 €138.10
Duine Fásta Cáilithe aois 66 no os a chionn €206.30
Leanbh Cáilithe €29.80 (ráta iomlán)

€14.90 (leath-ráta)

Féadfaidh tú méadú a fháil ar d’íocaíocht do dhuine fásta cleithiúnach agus do leanaí cleithiúnacha ar bith atá agat.

Impleachtaí cánacha

Foinse ioncaim inchánaithe atá anseo agus ba cheart a chur in iúl don oifig chánach chomh luath agus a thosaíonn tú ag fáil na n-íocaíochtaí. Is féidir teagmháil a dhéanamh le ÍMAT ar teileafón anseo. Tá na sonraí teagmhála de d’oifig cánach dúiche ar fáil anseo.

Conas iarratas a dhéanamh

Déan foirm iarratais don Phinsean Easláinte (pdf) a chomhlánú chun iarratas a dhéanamh. Is féidir leat foirm a fháil ón Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil.

Is féidir leat cúnamh a fháil chun an fhoirm a chomhlánú san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil nó san Oifig Leasa Shóisialaigh Áitiúil.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg Pinsean Easláinte

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Bóthar Bhéal Átha na Laoi
An Longfort
Éire

Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 January 2012

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Na híocaíochtaí míchumais agus obair
    D'fhéadfá bheith ag obair agus ceachtar d'íocaíocht mhíchumais go léir nó cuid de a choinneáil. Faigh amach conas is féidir le obair athslánaithe difear a dhéanamh dod' Liúntas Míchumais, Pinsean na nDall, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta agus aon shochar tánaisteach atá á fháil agat.
  • Sochar Breoiteachta
    Cur síos ar Shochar Breoiteachta íocaíocht a dhéantar do dhaoine faoi bhun 66 nach bhfuil ábalta obair a dhéanamh ó thaobh breoiteachta.
  • Sochar Míthreorach
    Is féidir Sochar Míthreorach a íoc leat má chailleann tú cumas fisiceach nó meabhrach de bharr timpiste a tharla agus tú ag obair, timpiste nó de bharr galair a bhuail thú ag obair.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.