Print Page Send to a Friend

Sochar Díobhála

Eolas

Sochar Díobhála

Ceann de na sochair é an Sochar Díobhála atá le fáil de réir Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde. Íocaíocht sheachtainiúil é a dhéantar leat má tá tú neamhábalta chun na hoibre de bharr:

  • Timpiste le linn na hoibre
  • Timpiste agus tú ag taisteal (ar thuras gan bhriseadh) go díreach go dtí nó ag teacht go díreach ón obair
  • Galar ceirde

Is éard atá i ngalar ceirde galar a thagann ort le linn do chuid fostaíochta nó de dheasca na hoibre a dhéanann tú, mar shampla, de dheasca na teagmhála le gníomhaithe fisiceacha nó ceimiceacha. Tá liosta ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a leagann amach na Galair Cheirde.

Le go bhfaighfeá Sochar Díobhála ní mór duit a bheith neamhábalta ar an obair de dheasca na timpiste nó an ghalair ar feadh breis agus 3 lá (seachas Dé Domhnaigh nó laethanta saoire íoctha). Mar sin féin, fiú amháin mura bhfuil tú neamhábalta ar an obair le breis agus 3 lá, tá tú i dteideal ráiteas a dhéanamh gur tharla timpiste cheirde. Cosnaíonn sé seo na cearta a bheidh agat ina dhiaidh sin ar shochair de réir Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde mar ní i gcónaí a thagann an bhreoiteacht ná an neamhábaltacht chun cinn láithreach de dheasca timpistí nó galar ceirde.

Rialacha

Ranníocaíochtaí árachais sóisialta (ÁSPC)

Daoine atá cumhdaithe ag an ÁSPC Aicme A, D, J nó M, tá siad cumhdaithe go hiomlán maidir le Sochar Díobhála. Is é sin le rá, tá beagnach gach fostaí in Éirinn cumhdaithe maidir le Sochar Díobhála.

Ní gá duit a bheith faoi árachas de réir Aicme A, D, J nó M le haon achar ama ar leith le go mbeidh teideal agat ar Shochar Díobhála. Beidh tú incháilithe má tá tú neamhábalta chun na hoibre de dheasca timpiste nó galair cheirde Caithfidh do bhreoiteacht nó do neamhábaltacht maireachtáil níos faide ná 3 lá (seachas Dé Domhnaigh nó laethanta saoire íoctha).

Achar aimsire a n-íoctar an Sochar Díobhála

Ní íoctar an Sochar Díobhála na chéad 3 lá de do bhreoiteacht nó de do neamhábaltacht. Is féidir an íocaíocht a dhéanamh ar feadh chomh hard le 26 sheachtain ó dháta na timpiste nó ó theacht chun cinn an ghalair.

Má tá tú fós neamhábalta ar an obair tar éis na tréimhse 26 sheachtain, b’fhéidir go mbeidh teideal agat ar Shochar Breoiteachta, Liúntas MíchumaisLiúntas Leasa Forlíontach. B’fhéidir freisin go mbeidh teideal agat ar Shochar Míchumais má chailleann tú aon chumas corpartha nó meabhrach de dheasca na timpiste nó an ghalair. Ina mhalairt de chás, mura bhfuil tú incháilithe do Shochar Breoiteachta ná d’íocaíocht leasa shóisialaigh eile agus go bhfuil tú ag fáil Sochair Mhíchumais, b’fhéidir go mbeidh tú incháilithe don Fhorlíonadh Éagumais.

Obair athshlánúcháin

Féadfaidh tú páirt a ghlacadh in oiliúint nó in obair pháirtaimseartha lena bhfuil feidhm athshlánúcháin agus an Sochar Díobhála a fháil freisin. Ní fhéadfaidh tú níos mó ná 20 uair a chaitheamh ag obair in aghaidh na seachtaine. Caithfidh tú cead a fháil ón Rannóg Sochair Dhíobhálacha Ceirde (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos) sula dtosaíonn tú ar an obair athshlánúcháin nó ar an oiliúint.

Ba chóir a thabhairt faoi deara nach iondúil a thugtar díolúintí a cheadaíonn do dhuine oibriú le linn na chéad 26 seachtain de Shochar Díobhála a fháil. Nuair a bhíonn deireadh le do Shochar Díobhála, áfach, má cháilíonn tú le haghaidh Sochar Breoiteachta nó Forlíonadh Éagumais le Sochar Míthreorach, is féidir go gceadófar díolúine chun oibrithe ag an bpointe sin.

Rataí

Ráta an tSochair Dhíobhála ó Eanáir 2011:
Sochar Díobhála Ráta seachtainiúil 2011
Ráta pearsanta €188
Méadú le aghaidh Duine Fásta Incháilithe €124.80
Méadú le haghaidh Linbh Incháilithe €29.80 (ráta iomlán )
€14.90 (leathráta)

Féadfaidh tú méadú ar d’íocaíocht a fháil do dhuine fásta cleithiúnach agus do leanaí cleithiúnacha.

Conas iarratas a dhéanamh

Níor mhór duit cur isteach ar an Sochar Díobhála faoi cheann 21 lá ón lá ar éirigh tú tinn, nó d’fhéadfá sochar a chailleadh.
Le cur isteach ar an Sochar Díobhála, níor mhór duit dul chuig an dochtúir agus Teastas Dochtúra Leasa Shóisialaigh Tosaigh a fháil. Is éard atá sa Teastas Dochtúra Leasa Shóisialaigh Tosaigh foirm iarratais agus teastas dochtúra le chéile le haghaidh an tSochair Dhíobhála. Cuir ar aghaidh é chuig an Rannóg Shochair Dhíobhála (féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas' anseo thíos)

Níor mhór duit Teastas Dochtúra Idirmheánach a chur isteach gach seachtain chomh fada agus a bheidh tú neamhábalta ar an obair. Féadfaidh tú Teastas Dochtúra Idirmheánach a fháil ó do dhochtúir.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Féadfaidh tú do Theastas Dochtúra Leasa Shóisialaigh Tosaigh agus do Theastas Dochtúra Idirmheánach a thabhairt isteach chuig an Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh is gaire duit nó iad a phostáil chuig:

Rannóg Shochair Dhíobhála

An Roinn Coimirce Sóisialaí
PO Bosca 1650
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 704 3018

Lena thuilleadh faisnéise a fháil, téigh i dteagmháil leis an Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh nó leis an Rannóg Sochair Dhíobhálacha Ceirde:

Rannóg Díobhálacha Ceirde

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil:(01) 704 3018


Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sochar Míthreorach
    Is féidir Sochar Míthreorach a íoc leat má chailleann tú cumas fisiceach nó meabhrach de bharr timpiste a tharla agus tú ag obair, timpiste nó de bharr galair a bhuail thú ag obair.
  • Scéim na Sochair Gortuithe Ceirde - Ginearálta
    Soláthraíonn an scéim Sochair Gortuithe Ceirde raon sochar d'fhostaithe má tá siad gortuithe nó neamhábalta chun na hoibre de bharr timpiste le linn na hoibre nó fad is a bhí siad ag taisteal chuig/ón obair. Liosta sochar sa scéim.
  • Scéim Chúram Leighis
    Tá duine faoi árachas a gortaíodh ag an obair nó a bhfuil galar áirithe ceirde faighte acu i dteideal sochair leasa shóisialaigh a fháil.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.