Liúntas Cúram Baile

Cad é an Liúntas Cúram Baile?

Is íocaíocht mhíosúil é Liúntas Cúraim Baile (DCA) do leanbh faoi 16 faoi mhíchumas trom. Caithfidh cúram agus aire leanúnach a bheith ag teastáil ón leanbh go mór os cionn an méid a theastaíonn de ghnáth ó leanbh den aois chéanna. Ní dhéantar tástáil acmhainne air.

Is féidir leat na sainmhínithe ar théarmaí amhail tromgo substaintiúil a fháil i dTreoirlínte Míochaine an Liúntais Chúram Baile (DCA) (pdf). Bíonn siad sin in úsáid ag an Roinn Coimirce Sóisialaí (RCS) agus iarratais ar DCA á measúnú aici. Sonraítear sna treoirlínte nach bhfuil an íocaíocht bunaithe ar an gcineál míchumais ach go bhfuil sí bunaithe ar an lagú iarmhartach fisiciúil nó meabhrach a fhágann go dteastaíonn cúram agus aire ón leanbh atá ar mhéid atá níos mó go substaintiúil ná leanbh eile den aois chéanna.

Bhí an Liúntas Cúram Baile á riar ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte sular aistríodh chuig an RCS.

Is féidir leat freisin an bhileog faisnéise le haghaidh DCA (SW127) a léamh. Tá an bhileog faisnéise ar fáil ó ionad Intreo nó ó Sheirbhís um Fhaisnéis do Shaoránaigh.

LCG scéim chárta leighis

Tá gach páiste a fhaigheann LCB i dteideal cárta leighis gan tástáil mhaoine.

Mura bhfuil cárta leighis ná cárta cuairte LG ag an bpáiste cheana féin, is féidir leat e/í a chlárú ar-líne nó déan foirm iarratais a íoslódáil. Má tá cárta leighis nó cárta cuairte LG ag an bpáiste cheana féin beidh sé/sí cláraithe go huathoibríoch do chárta leighis agus ní gá é/í a chlárú.

Tá liosta ceisteanna coitianta ag FSS.

Conas cáiliú do Liúntas Cúraim Baile

Le go mbeidh sé incháilithe, ní mór míchumas trom a bheith ar an leanbh is dócha a mhairfidh bliain ar a laghad agus:

  • Ní mór dó a bheith faoi bhun 16 bliana d’aois, (in aois a 16, féadfaidh an leanbh cur isteach ar Liúntas Míchumais)
  • A bheith ina chónaí sa bhaile leis an duine a bhfuil an liúntas á éileamh aige ar feadh 5 lá nó níos mó in aghaidh na seachtaine - féach ‘Íocaíocht ar leathráta’ thíos
  • Na critéir liachta a chomhlíonadh - féach thíos
  • A bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Lena chois sin, caithfidh an duine a bhfuil an liúntas á éileamh don leanbh aige:

  • Socruithe a dhéanamh le haghaidh cúram an linbh
  • A bheith ina ghnáthchónaí sa Stát.

Critéir Liachta

Sonraítear sa reachtaíocht nach mór do leanbh bheith faoi “mhíchumas trom a éilíonn cúram agus aire leantach nó leanúnach is mó go substaintiúil ná an cúram agus an t-aire a theastaíonn ó leanbh den aois chéanna” chun cáiliú le haghaidh Liúntas Cúram Baile.

Ciallaíonn sé sin nach bhfuil incháilitheacht le haghaidh Liúntas Cúram Baile bunaithe ar an gcineál lagaithe nó galair. Ina ionad sin, tá sí bunaithe ar easpa feidhme iarmhartach an choirp nó na meabhrach a fhágann go dteastaíonn cúram breise agus aire bhreise ón leanbh. Caithfidh an cúram agus an t-aire sin bheith ag teastáil chun ligean don leanbh déileáil le gníomhaíochtaí na maireachtála laethúla. Caithfidh gur dócha go dteastóidh an leibhéal sin cúraim agus aire ón leanbh ar feadh 12 mhí ar a laghad.

Cuirfidh Measúnóir Liachta na Roinne an méid seo a leanas san áireamh sula dtabharfaidh sé/sí a thuairim nó a tuairim maidir le cibé an gcomhlíonann an leanbh na critéir liachta:

  • Athbhreithniú ar stair an cháis
  • Gach tuairisc liachta a fhaightear a bhreithniú
  • Aird a thabhairt ar an gcur síos ar an gcúram agus ar an aire a bhíonn ag teastáil ón leanbh agus a thugann an tuismitheoir/caomhnóir.

Ráta an Liúntais Cúraim Baile

Is é an ráta don Liúntas Cúram Baile ná €340 in aghaidh na míosa.

Níl aon srian ar líon na leanaí a bhféadfar Liúntas Cúram Baile a éileamh ina leith. (Is é sin le rá, má tá tú ag tabhairt cúraim do bhreis agus leanbh amháin atá incháilithe don Liúntas Cúram Baile, féadfaidh tú an liúntas míosúil a éileamh do gach duine díobh).

Déantar íocaíocht ar an tríú Máirt de gach mí don mhí reatha.

Sealanna in ospidéal

Féadfaidh tú leanúint ar aghaidh ag fáil LCB ar feadh suas le 26 seachtaine (i dtréimhse 12 mhí), má tá cóireáil leighis nó cóireáil eile á fháil ag an leanbh san ospidéal. Is féidir le leanaí a fhanann in ospidéal géarmhíochaine tar éis breithe DCA a fháil chomh maith ar feadh suas le 26 seachtaine (i dtréimhse 12 mhí).

Íocaíochtaí eile

Níl aon bhaint aige seo leis an teidlíocht ar Shochar Leanaí agus féadfaidh tuismitheoir nó cúramóir eile a bheith incháilithe do Shochar Cúramóra nó do Liúntas Cúramóra freisin má chomhlíonann siad na coinníollacha eile.

Féadfar Deontas Tacaíochta do Chúramóirí a éileamh freisin, rud a íoctar go huathoibríoch gach bliain i rith an Mheithimh.

Conas iarratas a dhéanamh ar LiúntasCúraim Baile

Chun iarratas a dhéanamh, comhlánaigh foirm Dom Care 1(pdf) . Is féidir leat foirm a iarraidh ar líne ó gov.ie. Is féidir leat freisin foirm iarratais a fháil i d'Ionad Intreo ó d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil nó san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh freisin.

Ba chóir duit Codanna 1 go dtí 5 den fhoirm iarratais a chomhlánú agus iarraidh ar lia-chleachtóir ginearálta do linbh codanna 6 agus 7 a chomhlánú. Bí cinnte le do thoil go gceanglaíonn tú aon tuarascálacha nó measúnuithe a bhaineann le míchumas do linbh.

Tabhair faoi deara: Má tá Neamhord Forleatach Forbraíochta (PDD) ar leanbh, moltar duit iarraidh ar an ngairmí/speisialtóir míochaine atá ag déileáil le do leanbh foirm míochaine bhreise darb ainm Dom Care 3 (pdf) a chomhlánú. Beidh mionsonraí san fhoirm chomhlánaithe faoi riochtaí do linbh agus faoi aon sainriachtanais chúraim a d’fhéadfadh a bheith ag do leanbh de bharr a mhíchumais/míchumais agus cabhróidh an fhoirm chomhlánaithe le measúnóir míochaine na Roinne teacht ar thuairim faoi incháilitheacht.

Tagraíonn Neamhord Forleatach Forbraíochta (PDD) do ghrúpa neamhord arb iad moilleanna ar an bhforbairt scileanna sóisialaithe agus cumarsáide is tréithe dóibh. Tagraítear d’uathachas, do shiondróm Asperger, do Neamhord Dítháthaíoch sa Luath-Óige agus do Shiondróm Rett faoin gcatagóir seo go ginearálta.

Cad a tharlaíonn nuair a bhaineann mo leanbh aois 16 bliana amach?

Cuirtear stop leis an LCB nuair a bhaineann leanbh 16 bliana d’aois amach, mar sin, déanfar d’íocaíocht dheireanach LCB do mhí a mbreithlae 16 bliana. Scríobhfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí chugat 3 mhí roimh bhreithlá 16 bliana do linbh lena mheabhrú duit go gcuirfear deireadh leis an LCB sin agus cuirfear ar an eolas thú ar na roghanna atá ar fáil.

Ag aois 16 bliana, féadfaidh do leanbh iarratas a dhéanamh ina gceart féin ar Liúntas Míchumais (LM). Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine is ea an LM do dhaoine atá faoi mhíchumas, a bhfuil cosc substaintiúil orthu chun tabhairt faoi obair a bheadh oiriúnach do dhuine ar a n-aois féin, a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí céanna acu, mar thoradh ar a míchumas. Is éagsúil coinníollacha cáilithe don LM ó choinníollacha cáilithe don LCB, mar sin, níl do leanbh i dteideal an LM a fháil go huathoibríoch mar gheall go raibh an LCB á íoc.

Ba cheart do do leanbh iarratas a dhéanamh cúpla mí sula mbaineann siad 16 bliana amach, chun roinnt ama a thabhairt go bpróiseálfar a n-iarratas. Cuirfear stop le do theidlíocht do Liúntas Cúramóra nuair a chuirfear stop leis an LCB. Féadfaidh tú athiarratas a dhéanamh ar Liúntas Cúramóra, ach déanfar measúnú nua ort.

Achomhairc

Má dhiúltaítear do d'iarratas, is féidir leat an cinneadh a achomharc chuig an Oifig neamhspleách um Achomhairc Leasa Shóisialaigh. Ní mór duit achomharc a dhéanamh laistigh de 21 lá óna bhfaigheann tú an cinneadh.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratasar Liúntas Cúraim Baile

Ba chóir d’fhoirm iarratais agus doiciméid a thacaíonn léi a sheoladh chuig:

Liúntas Cúram Baile

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Bhéal Átha na Lao
An Longfoirt
N39 E4E0

Teil: 0818 927 770

Más mian leat labhairt duine-le-duine faoi do theidlíochtaí, is féidir leat cuairt a thabhairt ar d'ionad Faisnéise do Shaoránaigh áitiúil, oifig leasa shóisialaigh áitiúil nó ionad Intreo.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2024