Sochar Míthreorach

Eolas

Is íocaíocht faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde é Sochar Míthreorach. Is féidir é a íoc leat má chailleann tú cunas fisiciúil nó meabhrach de bharr timpiste a tharla agus tú ag obair, timpiste a tharla agus tú ag dul go dtí nó abhaile ó obair nó de bharr galair a bhuail thú ag obair. Íoctar é má mheastar go bhfuil míchumas 15% nó níos mó i ndiaidh an timpiste

Íoctar Sochar Míthreorach i bhfoirm pinsin in aghaidh na seachtaine, nó in aghaidh na míosa má mheastar go bhfuil míchumas 20% nó níos mó i gceist. Íoctar Sochar Míthreorach i bhfoirm cnapshuime, áfach, má mheastar go bhfuil míchumas 20% nó níos lú i gceist. Beidh éagsúlacht ag baint le méid na cnapshuime ag brath ar a mhíchumasaithe is atá tú agus cá fhad a bhfuiltear ag súil go réasúnach go mbeidh tú míchumasaithe.

Má tá Pinsean Cróilíocht atá íoc leat, is féidir leat dul ag obair (páirtaimseartha nó lánaimseartha). Má tá Sochar Míthreorach dhá íoc leat agus muna bhfuil tú in ann dul ag obair, b'fhéidir go mbeadh Sochar Breoiteachta le fáil agat bunaithe ar do chuid ÁSPC. Muna bhfuil tú i dteideal Sochair Breoiteachta b'fhéidir go mbeadh Forlíonadh Éagumais ag dul duit.

Forlíonadh Éagumais

Seo íocaíocht bhreise a mhéadaíonn an Sochar Míthreorach do dhuine nuair a ghlactar leis nach bhfuil sé/sí in ann dul i mbun oibre agus nach mbeidh feasta de bharr timpiste/galair shaothair agus nuair nach bhfuil an duine i dteideal aon íocaíochta leasa shóisialaigh, mar shampla Sochar Breoiteachta. Íoctar liúntais bhreise ar son daoine fásta cleithiúnachapáistí cleithiúnacha atá cáilithe.

Liúntas Freastail Leanúnaigh

Is féidir an liúntas seo a íoc go seachtainiúil mar ardú ar an tSochar Míthreorach má tá tú chomh dona faoi mhíchumas agus go mbíonn duine éigin (gaol nó duine eile) ag teastáil chun cuidiú leat agus aire phearsanta a thabhairt duit go laethúil ar feadh tréimhse 6 mhí ar a laghad. Caithfidh Sochar Míthreorach de 50% nó níos mó a bheith dhá íoc leis an duine. Bíonn teidlíocht ar Liúntas Freastail Leanúnaigh bunaithe ar mholadh chomhairleoir liachta na Roinne. Ní bhfaighidh tú an liúntas i rith aon tréimhse go mbíonn tú in ospidéal nó in institiúid cosúil leis.

Má cheapann tú go bhfuil éagóir déanta mar gheall go bhfuil Sochar Míthreorach diúltaithe duit, nó má tá tú míshásta le cinneadh a thóg Oifigeach Leasa Shóisialaigh maidir lena bhfuil tú ina theideal, tá an rogha agat achomharc a lorg maidir leis an gcinneadh seo

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh

Íocaíocht chúitimh is ea Sochar Míthreorach agus is féidir é a íoc amach ag an am céanna leis an gcuid is mó d’íocaíochtaí leasa sóisialta lena n-áirítear Sochar Cuardaitheora Poist, Liúntas Cuardaitheora Poist, Liúntas Míchumais, an Pinsean Easláine, an Pinsean Stáit agus an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora. Ní mheastar é a bheith áirithe mar acmhainn le haghaidh an mórchuid de scéimeanna a ndéantar tástáil acmhainne orthu seachas Liúntas Leasa Forlíontach agus Íocaíocht do Theaghlaigh i bhFostaíocht.

Rialacha

Beidh tú cáilithe chun Sochar Mithreorach a fháil má tá tú tar éis cumais fhisiciúla nó mheabhrach a chailliúint mar gheall ar:

Cailliúint chumais fisiciúil nó meabhrach

Déanann measúnóir leighis measúnú ar mhéid do mhíchumais. Cinneann an measúnóir leighis méid do chaillteanais dáimhe mar thoradh ar do thimpiste nó galar ceirde. Ciallaíonn "cailliúint chumais" do neamhábaltacht gnáth shaol a chaitheamh, mar gheall gur chaill tú cuid nó iomlán d'éirim mheabhrach nó fhisiciúil mar thoradh ar ghortú / ar ghalar saothair. Nuair atá measúnú á dhéanamh ar chailliúint chumais, déantar comparáid idir an gcruth fisiciúil agus meabhrach atá ort anois agus an cruth a bhí ort roimh an timpiste agus freisin cé chomh sláintiúil agus atá tú le hais duine sláintiúil den aois agus den ghnéas céanna leat féin.

Seo a leanas samplaí de mheasúnaithe:

Gortú Éagumas
Cailliúint dhá lámh 100%
Cailliúint súil amháin 40%
Cailliúint ordóig 30%
Cailliúint 2 mhéar ar lámh amháin 20%
Cailliúint corrmhéarr 14%

Ranníocaíochtaí ÁSPC

Chun a bheith ina theideal caithfidh tú a bheith i bhfostaíocht faoi árachas ag ÁSPC in Aicmí A, B, D, J nó M.

(Faoin Scéim um Shochair Dhíobhálacha Ceirde níl Sochar Míthreorach ar fáil do státseirbhísigh atá faoi árachas ÁSPC in Aicme B don chéad 26 seachtainí tar éis dáta na timpiste. Sin é an cúis a bhfuil a dtuarastal á íoc ag an bPríomhroinn le linn an tréimse 26 seachtaini. Ní íocfar Sochar Míthreorach leo i ndiaidh na tréimhse seo ach ag leath an ráta agus bíonn an leath eile á íoc ag an bPríomhroinn nó ag an eagraíocht stáit atá bainteach.)

Ag dearbhú díobhála ceirde

Ní gá i gcónaí go dtiocfadh tinneas/míchumas ar dhuine láithreach tar éis timpiste/galair shaothair. Muna bhfuil tú éagumasaithe láithreach ach go dteastaíonn uait a bheith cinnte go mbeidh Sochar Míthreorach ar fáil duit amach anseo má tá gá leis, ba cheart duit do fhostóir a chur ar an eolas faoin timpiste/faoin ngalar agus iarratas a dhéanamh ar dhearbhú gur timpiste/galar saothair a bhí i gceist. Ba cheart é seo a dhéanamh gan mhoill. Tá na foirmeacha dearbhaithe ar fáil ón Rannóg Sochair Díobhála, Roinn Coimirce Sóisialaí - féach 'Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas' thíos.

Má tharlaíonn an t-éagumas níos déanaí, ba cheart duit iarratas a chur isteach, taobh istigh de 3 mhí ón am a dtugann tú faoi deara é.

Tréimhse na nÍocaíochta

Is féidir Pinsin Mhíthreorach a bheith bronnta ar bhonn sealadach nó ar feadh do shaoil. Nuair a bhronntar an Pinsean Míthreorach ort ar feadh do shaoil, beidh sé le híoc duit go dtí go bhfaigheann tú bás. Dámhachtain phearsanta is í agus níl sí iníoctha le haon duine eile tar éis duit bás a fháil.

Íoctar dámhachtain shealadacha ar feadh tréimhse ama sainithe. Cuirfear an tréimhse seo in iúl duit nuair a thugtar ar an eolas tú faoin dámhachtain.

Rátaí

Sochar Míthreorach 2024

Braitheann an íocaíocht a fhaigheann tú ar mhéid an éagumais atá i gceist agus cuirfear scrúdú dochtúra ort chun é seo a mheas. Más measúnú atá níos lú ná 20% atá i gceist is iondúil go n-íoctar é seo ina chnapshuim (deolchaire). Braithfidh méid na cnapshuime ar mhéid an éagumais atá i gceist agus cén t-achar a cheaptar a leanfaidh an t-éagumas. Má tá measúnú de 20% nó níos mó i gceist íocfar pinsean.

Má tá do mhíthreoir 100%, beidh d'uasráta pinsean pearsanta €263.

Má tá do mhíthreoir idir 20% agus 90%, beidh d'uasráta pinsean pearsanta mar a leanas

Leibhéal Míthreor Rata seachtainiúil
-90% €236.70
-80% €210.40
-70% €184.10
-60% €157.80
-50% €131.50
-40% €105.20
-30% €78.90
-20% €52.60

Éagumas suas go dtí 19%:

Is féidir cnapshuim a bheith iníoctha, suas go huasmhéid €17,560.

Forlíonadh Éagumais

Ráta seachtainiúil 2024

 
Aois Ráta seachtainiúil Méadú do duine fasta cáilithe Méadú do leanbh cáilithe
Duine faoi 66 €232 €154 Leanbh faoi 12 blian d'aois

€46 (ráta iomlán), €23 (leath-ráta)

 

Leanbh 12 blian d'aois agus níos sine

€54 (ráta iomlán), €27 (leath-ráta)

Duine 66 bliana d’aois agus níos sine €251.30 €166.80

Liúntas Freastail Leanúnaigh

Tá ráta seachtainiúil Liúntas Freastail Leanúnaigh €249 i 2024.

Níl sé íoctha amháin do dhaoine le míthreor os cionn 50%.

Conas iarratas a dhéanamh

Muna bhfuil tú in ann dul i mbun oibre tar éis na timpiste/an ghalair, ba cheart duit ar dtús éileamh a dhéanamh ar Shochar Díobhála, gur féidir a fháil ar feadh suas le 26 seachtainí tar éis na timpiste nó an ama a thagann an galar ort. Sula dtagann deireadh leis an íocaíocht ar Shochar Díobhála ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach mas rud é gur chaill tú cumas de bharr do thimpiste nó do ghalair. Muna ndéanann tú éileamh in am d’fhéadfá cuid den sochar a chailliúint. Ba cheart an t-éileamh a dhéanamh taobh istigh de 3 mhí ón am a thagann deireadh leis an íocaíocht ar Shochar Díobhála.

Muna bhfuil tú in ann dul i mbun oibre tar éis na timpiste/an ghalair, ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar Shochar Míthreorach chomh luath agus is féidir leat agus taobh istigh de 3 mhí ón am ar tharla an timpiste nó ón am ar tháinig an galar ort. Déantar an íocaíocht ón gceathrú lá i ndiaidh na míchumasaíochta a theacht ort. Muna ndéanann tú éileamh in am d’fhéadfá cuid den sochar a chailliúint. Ba cheart an t-éileamh a dhéanamh taobh istigh de 3 mhí ón am ar tharla an timpiste nó ón am ar thosaigh an galar.

Chun d'iarratas a dhéanamh déan an fhoirm éilimh OB 21 a íoschóipeáil agus a chomhlánú (pdf) agus seol é ar ais chuig an seoladh thíos.

Cá háit a ndeánfaidh méiarratas?

Ba chóir d’fhoirm iarratais chomhlánaithe a sheoladh chuig an Rannóg Sochar Míthreorach thíos. Le haghaidh tuilleadh eolais maidir le Sochar Míthreorach, déan teagmháil leis an Ionad Intreo ó d'Oifig Bhrainse Leasa Shóisialaigh nó leis an Rannóg Sochar Míthreorach.

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil: (043) 334 0000 or 0818 927 770

Más mian leat do cheart ar shochar amach anseo a chosaint, déan iarratas ar dhearbhú gur tionóisc nó galar ceirde a bhí ann chuig:

Rannóg Díobhálacha Ceirde

An Roinn Coimirce Sóisialaí
Áras Mhic Dhiarmada
Sráid an Stórais
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 704 3300 or 0818 928 400
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 Eanáir 2024