Sochar Breoiteachta

Cad é Sochar Breoiteachta?

Íocaíocht sheachtainiúil é Sochar Breoiteachta a d’fhéadfaí a íoc leat mura féidir leat oibriú mar gheall go bhfuil tú breoite nó tinn.

Caithfidh tú na coinníollacha árachais shóisialaigh (ÁSPC) a shásamh – féach ‘Conas cáiliú do Shochar Breoiteachta’ thíos.

Ba cheart duit iarratas a dhéanamh i gcónaí ar Shochar Breoiteachta má dheimhnítear ó thaobh cúrsaí leighis de nach bhfuil tú inniúil chun oibre. Fiú mura gcáilíonn tú don íocaíocht sheachtainiúil, b’fhéidir go bhfaighidh tú ranníocaíochtaí curtha do shochar ÁSPC ar féidir leo cabhrú leat cáiliú d’íocaíochtaí leasa shóisialaigh amach anseo.

Mura gcáilíonn tú do Shochar Breoiteachta nó fad a bhíonn tú ag feitheamh go ndéanfar cinneadh faoi d’éileamh ar Shochar Breoiteachta, b’fhéidir go bhfaighidh tú Liúntas Leasa Forlíontach.

Is féidir Sochar Breoiteachta a íoc thar lear i roinnt cásanna. Is féidir leat teacht ar níos mó eolais faoi na rialacha maidir le Sochar Breoiteachta a fháil thar lear.

Cibé acu má íocann nó mura n-íocann d’fhostóir thú fad a bhíonn tú as láthair ón obair mar gheall ar bhreoiteacht, ba cheart duit cur isteach ar Shochar Breoiteachta. Níl Sochar Breoiteachta ceangailte le beartas pá saoire bhreoiteachta d’fhostóra. Má fhaigheann tú pá breoiteachta ón obair agus Sochar Breoiteachta, áfach, ba cheart duit fiafraí de d’fhostóir an bhfuil aon socruithe i bhfeidhm dó seo.

Athruithe ar an Sochar Breoiteachta ó Eanáir 2024 ar aghaidh

Ón 1 Eanáir 2024, méadaíodh Pá Breoiteachta Reachtúil (SSP) ó 3 go 5 lá sa bhliain. Ní féidir leat Sochar Breoiteachta a fháil ar na laethanta a fhaigheann tú SSP.

Más lú ná 5 lá do chéad bhreoiteacht in 2024 agus má cháilíonn tú do Phá Breoiteachta Reachtúil, ní gá duit iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta. I gcás tinnis a mhaireann níos mó ná 5 lá, tosaíonn an Sochar Breoiteachta ó lá 6.

Má úsáideann tú do 5 lá de SSP in 2024 agus má éiríonn tú tinn arís sa bhliain chéanna, gheobhaidh tú Sochar Breoiteachta ón 4ú lá de do bhreoiteacht, arb é sin tar éis na 3 lá feithimh de ghnáth.

COVID-19 agus Sochar Breoiteachta

Cuireadh deireadh le Sochar Breoiteachta Breisithe COVID-19 Dé hAoine, an 30 Meán Fómhair 2022. Tar éis an 30 Meán Fómhair 2022, má mholtar duit féin-aonrú mar gheall ar COVID-19 agus má tá teastas leighis agat ó do dhochtúir teaghlaigh, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar ghnáth-Sochar Breoiteachta.

Conas cáiliú do Shochar Breoiteachta

Chun cáiliú do Shochar Breoiteachta, caithfidh tú coinníollacha a shásamh:

  • Bí faoi aois an phinsin
  • Deimhniú leighis a bheith agat ó dhochtúir leighis (DG) a thugann le fios nach bhfuil tú inniúil chun oibre.
  • Dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a bheith íoctha agat – féach thíos.
  • Iarratas a dhéanamh laistigh de 6 seachtaine tar éis gur tháinig breoiteacht ort.

Ní dhéantar aon íocaíocht do na 3 lá breoiteachta. Tugtar ‘laethanta feithimh’ ar na laethanta seo (Ní chuirtear an Domhnach san áireamh mar lá feithimh). Ní bhíonn aon laethanta feithimh i gceist má bhí íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe eile á bhfáil agat laistigh de 3 lá ó thosaigh do bhreoiteacht.

Aois pinsin

Má dhéanann tú éileamh ar do Phinsean Stáit (Ranníocach) a chur siar go dtí tar éis 66 bliana d’aois agus má chomhlíonann tú coinníollacha an tSochair Bhreoiteachta, féadfaidh tú Sochar Breoiteachta a éileamh suas go dtí 70 bliain d’aois. Ní bhfaighidh tú ranníocaíochtaí agus tú ar Shochar Breoiteachta tar éis 66 bliana d’aois.

Ranníocaíochtaí árachais sóisialta (ÁSPC)

Chun cáiliú do Shochar Breoiteachta, caithfidh tú 2 choinníollach maidir le hárachas sóisialach (ÁSPC) a shásamh:

Caithfidh go bhfuil ar a laghad 104 seachtain de ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh íoctha agat ó thosaigh tú ag oibriú i dtosach

agus

Caithfidh gur íoc tú nó gur chuir tú do shochar ar a laghad 39 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC sa bhliain chánach ábhartha, agus ranníocaíochtaí íoctha a bheith i gceist le 13 cinn díobh. Mura bhfuil 13 ranníocaíocht íoctha agat sa bhliain chánach ábhartha, is féidir 13 ranníocaíocht íoctha i gceann de na blianta cánach seo a leanas a úsáid ina ionad sin:

  • Cibé ceann den dá bhliain chánach roimh an mbliain chánach ábhartha
  • An bhliain chánach dheireanach iomlán (an bhliain roimh an mbliain ina dtosaítear d’éileamh ar Shochar Breoiteachta)
  • An bhliain chánach reatha

26 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach ábhartha agus 26 seachtain de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat sa bhliain chánach díreach roimh an mbliain chánach ábhartha.

Is í an bhliain chánach ábhartha an dara bliain iomlán dheireanach roimh an mbliain ina dtosaítear d’éileamh ar Shochar Breoiteachta.

Mar shampla, má thosaíonn d’éileamh ar Shochar Breoiteachta in 2024, is é 2022 an bhliain chánach ábhartha.

  • Ní chuirtear ach ranníocaíochtaí ÁSPC a íocadh ag Aicme A, E, H agus P san áireamh i dtreo Sochar Breoiteachta.
  • Má bhí Liúntas Cuardaitheora Poist fadtéarmach, Pinsean Easláine, Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra á fháil agat díreach sular chuir tú isteach ar Shochar Breoiteachta, ní gá gur íoc tú 13 ranníocaíocht.
  • Má bhí Sochar Díobhálacha Ceirde (SDC) á fháil agat díreach sular chuir tú isteach ar Shochar Breoiteachta, is féidir leat an bhliain chánach a úsáid a bhain le d’éileamh ar SDC nó leis an mbliain chánach a bhaineann le d’éileamh ar Shochar Breoiteachta, pé ceann is mó tairbhe duit.

Chun cabhrú leat cáiliú do Shochar Breoiteachta, is féidir leat do ranníocaíochtaí ÁSPC Éireannacha agus do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thír atá cumhdaithe ag Rialacháin an AE nó an Ríocht Aontaithe (an RA) a úsáid. Caithfidh gur íocadh do ranníocaíocht árachais shóisialaigh dheireanach in Éirinn.

Cé chomh fada a íoctar Sochar Breoiteachta?

Íoctar Sochar Breoiteachta ar feadh na dtréimhsí seo a leanas, ar a fhaide:

  • 2 bhliain (624 lá íocaíochta) má d’íoc tú ar a laghad 260 seachtain de ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thosaigh tú ag oibriú i dtosach

  • 1 bhliain (312 lá íocaíochta) má d’íoc tú idir 104 agus 259 seachtain de ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thosaigh tú ag oibriú i dtosach

Má éilíonn tú Sochar Breoiteachta (SB) laistigh de 26 seachtain ó rinne tú d’éileamh deireanach ar SB, caitear leis mar éileamh amháin. Mar shampla, bhí SB á fháil ag Seán ar feadh 6 seachtaine. D’fhill sé ar an obair ar feadh 10 seachtaine: D’éirigh sé breoite arís agus d’éiligh sé SB ar feadh 6 seachtaine sa bhreis. Caitear lena éilimh ar SB mar éileamh amháin. Ciallaíonn seo go ndearna sé 12 sheachtain de SB a úsáid

Má tá do theidlíocht do Shochar Breoiteachta ídithe agat agus má fhilleann tú ar an obair, caithfidh gur íoc tú ar a laghad 13 ranníocaíocht ÁSPC sular féidir leat cáiliú arís eile do Shochar Breoiteachta. (Caithfidh tú na coinníollacha cáilitheacha eile do Shochar Breoiteachta a shásamh freisin).

Mura raibh Sochar Breoiteachta á fháil agat ach ar feadh 1 bhliain, is féidir leat athcháiliú agus níos lú ná 13 ranníocaíocht íoctha agat, má mhéadaíonn ranníocaíochtaí breise na ranníocaíochtaí iomlána ÁSPC a d’íoc tú aníos go dtí 260. (Mar shampla, má bhí 250 ranníocaíocht íoctha agat nuair a d’éag do Shochar Breoiteachta, d’fhéadfá oibriú agus 10 ranníocaíocht a íoc chun cáiliú athuair.)

Déanfaidh an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) teagmháil leat sula mbeidh d’íocaíocht le stopadh agus cuirfidh siad in iúl duit cathain a stopfar d’íocaíocht agus tabharfaidh siad eolas duit ar na roghanna atá agat, mar shampla:

  • Má tá tú breoite agus más dóchúil go mbeidh tú éagumasach go buan chun oibre agus na coinníollacha ÁSPC a shásamh, b’fhéidir go n-íocfar pinsean easláine leat
  • Mura n-íoctar Pinsean Easláine leat agus má tá tú faoi mhíchumas a mheastar a mhairfidh ar feadh bliana nó níos faide, is féidir Liúntas Míchumais a íoc leat
  • Mura gcáilíonn tú d’aon íocaíocht leasa shóisialaigh eile agus má tá d’ioncam ró-íseal le freastal ar do riachtanais, b’fhéidir go mbeidh tú in ann Liúntas Leasa Forlíontach a fháil.
  • Má tá deireadh á chur le do Shochar Breoiteachta mar gheall go mbainfidh tú 66 bliain d’aois amach, is féidir Pinsean Stáit a íoc leat. Ba cheart iarratas a dhéanamh 3 mhí roimh do bhreithlá 66 bliain.

Athbhreithniú ar do theidlíocht do Shochar Breoiteachta

Athbhreithneofar d’éileamh ar Shochar Breoiteachta ó thráth go chéile agus is féidir iarraidh ort freastal ar mheasúnú leighis. Tugann Measúnóir Leighis faoin measúnacht - dochtúir atá sa duine seo atá fostaithe ag Roinn Coimirce Sóisialaí.

Nochtfaidh an Measúnóir Leighis a dtuairim ar cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil tú inniúil chun obair a dhéanamh. Caithfidh tú freastal ar mheasúnú leighis nuair a iarrtar ort, nó cuirfear do Shochar Breoiteachta ar fionraí.

Má chuirtear stop le do Shochar Breoiteachta, tá ceart agat an cinneadh a achomharc. Mura bhfuil ach ranníocaíochtaí curtha do shochar á bhfáil agat agus má chuirtear stop leo seo, is féidir leat a lorg go ndéanfar athbhreithniú ar an gcinneadh, ach níl ceart agat é a achomharc.

Obair agus Sochar Breoiteachta

Ní féidir leat oibriú fad a bhíonn Sochar Breoiteachta á fháil agat.

Má tá Sochar Breoiteachta á fháil agat ar feadh 6 mhí, ar a laghad, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Cumais Pháirtigh (SCP).

Ceadaíonn an scéim SCP duit filleadh ar an obair agus leanúint le híocaíocht leasa shóisialaigh, má tá cumas laghdaithe agat chun oibriú. Tabharfaidh Measúnóir Leighis (dochtúir atá fostaithe ag an Roinn Coimirce Sóisialaí) faoi mheasúnú ar an srian atá ar do chumas chun oibre.

Bunaítear an ráta SCP a íoctar ar an measúnú seo.

Ní féidir leat obair a thosú go dtí go bhfuil faomhadh scríofa agat ón RCS.

Caithfidh tú faomhadh scríofa a fháil ó Rannóg Sochair Breoiteachta an RCS sula dtosaíonn tú aon chúrsa oiliúna nó oideachais nó obair dheonach.

Sochar Breoiteachta agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile

Is féidir leat Sochar Breoiteachta agus íocaíocht leasa shóisialaigh eile a fháil ag an am céanna. Mar shampla, b’fhéidir go bhfaighidh tú cabhair faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh nó ón Liúntas Éadaí agus Coisbhirt chun Filleadh ar Scoil, má shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha.

Is iad na híocaíochtaí leasa shóisialaigh is féidir a íoc le Sochar Breoiteachta:

Sochar Breoiteachta agus íocaíochtaí leasa shóisialaigh eile
Pinsean na nDall Is féidir Pinsean na nDall agus Sochar Breoiteachta a fháil ag an am céanna, má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilitheacha don dá cheann.
Liúntas Cúramóra (leathráta)

Is féidir Sochar Breoiteachta agus Liúntas Cúramóra Leath-ráta a fháil ag an am céanna, má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilitheacha don dá cheann.

Má tá méadú á fháil agat ar do Shochar Breoiteachta do chleithiúnaí aosaithe, is féidir le do chleithiúnaí aosaithe Liúntas Cúramóra ar Leath-ráta a fháil má chomhlíonann sé/sí na coinníollacha cáilitheacha.

Sochar Míthreorach Is féidir Sochar Míthreorach agus Breoiteachta a fháil ag an am céanna, má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilitheacha don dá cheann agus mura bhfuil Forlíonadh Éagumais san áireamh i d’íocaíocht Sochar Míthreorach.
Liúntas Cúraim Baile/Deontas Tacaíochta do Chúramóir Is féidir an Liúntas Cúraim Baile agus an Deontas Tacaíochta do Chúramóir a fháil leis an Sochar Breoiteachta.

Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht (WFP)

 

 

 

 

an Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair (BTWFD)

Má tá Íocaíocht do Theaghlach i bhFostaíocht (WFP) á fáil agat agus má éiríonn tú tinn, féadfaidh tú leanúint ar aghaidh ag fáil WFP le Sochar Breoiteachta ar feadh suas le 36 lá (6 seachtaine). Baineann sé seo le gach tréimhse bhreoiteachta ar leith.

 

Is féidir an Díbhinn Teaghlaigh um Fhilleadh ar an Obair a fháil fós le Sochar Breoiteachta ar feadh 36 lá (6 seachtaine). Baineann sé seo le gach tréimhse bhreoiteachta ar leith.

Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (lena n-áirítear pinsin ceirde baintrí/baintrí fir) agus Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, Liúntas/Sochar Banchéile Thréigthe nó Liúntas Banchéile Príosúnaigh

Má tá aon cheann de na híocaíochtaí seo á fháil agat ag an ráta iomlán, ní féidir leat Sochar Breoiteachta a fháil ag an am céanna. Mar sin féin, má tá ráta laghdaithe de cheann de na híocaíochtaí seo á fháil agat agus má éiríonn tú tinn, féadfaidh tú ráta laghdaithe Sochar Breoiteachta a fháil (ionas go dtabharfaidh an dá íocaíocht le chéile an ráta uasta den Sochar Breoiteachta a bhfuil tú i dteideal a fháil).
Liúntas Éadaí agus Coisbhirt don Scoilbhliain Nua (BSCFA) Is féidir BSCFA agus Sochar Breoiteachta a fháil ag an am céanna, má chomhlíonann tú na coinníollacha cáilitheacha don dá cheann.

Cé mhéid Sochar Breoiteachta a íocfar liom?

Braithfidh do ráta seachtainiúil de Shochar Breoiteachta ar do mheántuilleamh seachtainiúil sa bhliain chánach ábhartha.

Is ionann do mheántuilleamh seachtainiúil agus d’olltuilleamh (gan asbhaintí) sa bhliain chánach ábhartha roinnte faoin líon iarbhír seachtainí a d’oibrigh tú sa bhliain sin. Má thosaíonn d’éileamh ar Shochar Breoiteachta i 2024, is é 2022 an bhliain chánach ábhartha.

Mura raibh aon tuilleamh ón obair agat ach go bhfuair tú ÍDP i 2021, sásóidh tú an riachtanas meántuilleamh seachtainiúil agus gheobhaidh tú an t-uasráta Sochar Breoiteachta. Mar sin féin, má bhí tuilleamh ón obair agat i 2021, déanfar do mheántuilleamh seachtainiúil a ríomh trí d’olltuilleamh bliantúil a roinnt ar líon na ranníocaíochtaí íoctha.

Ní dhéantar aon íocaíocht de ghnáth do na chéad 3 lá breoiteachta.

Rátaí Íocaíocht Sochair Breoiteachta Sheachtainiúil i 2024
Tuilleamh Ráta Pearsanta Ráta do Dhaoine Fásta Incháilithe
€300 nó níos mó €232 €154.00
€220-€299.99 €181.70 €99.70
€150-€219.99 €149.60 €99.70
níos lú ná €150 €104.10 €99.70

Céilí, páirtnéirí agus leanaí

Is féidir leat méadú a fháil ar d’íocaíocht do chleithiúnaí fásta nó do cleithiúnaí linbh má shásaíonn tú coinníollacha áirithe.

Cáin a ghearradh ar Shochar Breoiteachta

Gearrtar cáin ar Shochar Breoiteachta, agus ar an ráta pearsanta agus ar Mhéadú do Dhuine Fásta Cáilithe. Ní ghearrtar cáin ar aon mhéaduithe do chleithiúnaithe linbh.

Íoctar Sochar Breoiteachta go díreach leat gan aon cháin a asbhaint. Gearrtar cáin air trí do chreidmheasanna cánach agus do bhanda ráta a laghdú. Cibé acu má tá tú fostaithe nó dífhostaithe, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim an méid Sochar Breoiteachta a íocadh leat san áireamh nuair a dhéanann siad do chreidmheasanna cánach a choigeartú nó nuair a dhéanann siad athbhreithniú ar an gcáin a ghearrtar ar do chéile nó do pháirtnéir sibhialta.

Aistriú ó Shochar Cúramóra nó ó Liúntas Cúramóra

Má aistríonn tú ó Shochar Breoiteachta go Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra agus ar ais ansin go Sochar Breoiteachta, ní íocfar do Shochar Breoiteachta ar ráta níos ísle ná an ráta a íocadh leat roimhe seo.

Conas iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta

Caithfidh tú iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta laistigh de 6 seachtaine tar éis gur tháinig breoiteacht ort.

Mura ndéanann tú iarratas laistigh de 6 seachtaine, b’fhéidir go gcaillfidh roinnt íocaíochta. Má bhíonn cúis mhaith le moill a bheith ar iarratas a dhéanamh, is féidir d’íocaíocht a shiardhátú.

Foirm iarratais páipéir

Caithfidh tú foirm éilimh ar Shochar Breoiteachta (IB1) agus teastas dochtúra ar a dtugtar ‘Deimhniú éagumais chun oibre’ a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh (DG). Líonann tú foirm IB1 agus seolann tú sa shaorphost í chuig an Roinn Coimirce Sóisialaí - féach an seoladh ‘Saorphoist' thíos.

Is féidir le do DG teastas dochtúra amháin a sholáthar chun fad do bhreoiteachta a chumhdach. Is féidir le roinnt DGanna an teastas dochtúra a líonadh ar líne. Mura féidir le do DG é a sheoladh ar líne, gheobhaidh tú teastas dochtúra páipéir nach mór duit do shonraí pearsanta a líonadh air agus é a sheoladh sa saorphost le d’fhoirm IB1 chuig an Roinn.

Ní íocann tú as ‘an Deimhniú éagumais chun oibre’ mar gheall go n-íocann an Roinn táille lena gcomhaontaítear leis an dochtúir. B’fhéidir go mbeidh ort íoc as an dochtúir, áfach, chun scrúdú a dhéanamh ort.

Teastais ospidéil: má tá tú nó má bhí tú i d’othar cónaitheach in ospidéal, ba cheart duit iarraidh ar dhochtúir ospidéil litir pro forma a thabhairt duit ar féidir leat í a thabhairt chuig do DG. Tabharfaidh an DG an fhoirm éilimh (IB1) agus teastas dochtúra (Deimhniú éagumais chun oibre) duit ansin gan aon táille a ghearradh ort. Má tá tú san ospidéal go fóill, is féidir le duine muinteartha an litir pro forma a thabhairt chuig do DG thar do cheann.

Is féidir leat eolas breise a fháil faoi iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta.

Saorphost

Ba cheart foirmeacha éilimh (IB1) agus teastais dochtúra (Deimhniú éagumais chun oibre) líonta a sheoladh sa Saorphoist chuig: Seirbhísí Leasa Shóisialaigh, Bosca Poist 1650, Baile Átha Cliath 1.

Iarratas ar líne

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Shochar Breoiteachta ar líne ag MyWelfare.ie má tá cuntas MyGovID fíoraithe agat agus má tá teastas leighis curtha ar fáil ag do dhochtúir teaghlaigh.

Má chomhlánaigh do dhochtúir teaghlaigh an teastas leighis ar líne, gheobhaidh tú cóip den deimhniú le haghaidh do thaifid.

Mura féidir le do dhochtúir teaghlaigh an teastas dochtúra a chomhlánú ar líne, féadfaidh tú an teastas a fháil ó do dhochtúir teaghlaigh agus é a sheoladh ar ríomhphost chuig illnessenquiry@welfare.ie nó é a phostáil – féach ‘Saorphost’ thuas.

Achomhairc

Má cheapann tú go ndearnadh Sochar Breoiteachta a dhiúltú duit go héagórach, is féidir leat an cinneadh a achomharc leis an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh. Ba cheart duit achomharc a dhéanamh laistigh de 21 lá i ndiaidh go ndearnadh an cinneadh.

Conas d’éileamh a dhúnadh

Ní mór duit d’éileamh a dhúnadh nuair atá tú aclaí chun filleadh ar an obair.

Ba cheart do do dhochtúir a mharcáil gurb é an deimhniú críochnaitheach ar do ‘Dheimhniú Éagumais chun Oibre’ is deireanaí roimh duit dul ar ais ag obair.

Más rud é nach féidir leat an deimhniú a mharcáil, ba cheart duit an rannán um Shochar Breoiteachta – Dún M’Éileamh a chur ar an eolas ag an seoladh thíos nó seol ríomh-phost chuig closemyibclaim@welfare.ie

Sonraí teagmhála don Sochar Breoiteachta

Sochar Breoiteachta

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Bosca Poist 1650
Baile Átha Cliath 1
Éire

Teil: (01) 704 3300 or 0818 928 400
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 5 Eanáir 2024