Liúntas Míchumais
- Cad is Liúntas Míchumais ann?
- Conas cáiliú do Liúntas Míchumais
- Rataí Liúntas Míchumais
- Conas iarratas a dhéanamh ar Liúntas Míchumais
- Cá háit a ndeánfaidh mé iarratasar Liúntas Míchumais?
Cad is Liúntas Míchumais ann?
Is Liúntas seachtainiúil é Liúntas Míchumais (LM) a íoctar le daoine faoi mhíchumas. Is féidir leat LM é a fháil ó aois 16 bliana. Is féidir leat Liúntas Míchumais a fháil fiú má tá tú ar scoil.
Má cháilítear thú do Liúntas Míchumais, is féidir leat sochair leasa shóisialaigh bhreise le d’íocaíocht agus íocaíochtaí leasa forlíontacha eile a fháil freisin.
Conas cáiliú do Liúntas Míchumais
Chun cáiliú do Liúntas Míchumais, caithfidh tú na critéir seo a leanas a shásamh:
- Caithfidh go bhfuil gortú nó galar ort nó caithfidh go bhfuil tú faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach a lean nó a bhfuil súil leis go leanfaidh sé ar feadh bliain amháin, ar a laghad
- Caithfidh go gcuirtear srian substainteach ort mar gheall ar do mhíchumas ó obair a dhéanamh a bheadh oiriúnach do dhuine atá ar comhaois leat agus a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí céanna acu
- Tá tú idir 16 agus 66 bliain d’aois
- Pas a bhaint amach i dtástáil mhaoine – caitear súil i dtástáil mhaoine ar aon ioncam atá agat – féach ‘Conas a mheasúnaítear d’ioncam do LM’ thíos
- Cónaí in Éirinn agus coinníoll an ghnáthchónaithe a shásamh.
Measúnú leighis
Caithfidh do dhochtúir tuairisc a líonadh ar do riocht sláinte mar chuid den fhoirm iarratais. Déanann duine de mheasúnóirí leighis an RCS an tuairisc seo a athbhreithniú.
Ceadóidh an tuairisc liachta don RCS a dheimhniú cibé acu:
- An bhfuil gortú nó galar ort nó an bhfuil tú faoi mhíchumas fisiciúil nó meabhrach a lean nó a bhfuil súil leis go leanfaidh sé ar feadh bliain amháin, ar a laghad
Agus
- An gcuirtear srian substainteach ort mar gheall ar do mhíchumas ó obair a dhéanamh a bheadh oiriúnach do dhuine atá ar comhaois leat agus a bhfuil an taithí agus na cáilíochtaí céanna acu
An féidir Liúntas Míchumais a fháil in ospidéal nó i gcúram cónaithe?
Is féidir leat Liúntas Míchumais a fháil fiú má tá tú in ospidéal nó i gcúram cónaithe.
Má tá Liúntas Míchumais á fháil agat cheana féin agus má théann tú isteach san ospidéal nó i gcúram cónaithe, leanfaidh tú le d’íocaíocht a fháil chomh fada agus a shásaíonn tú na coinníollacha cáilitheacha thuas.
Mura raibh LM á fháil agat sular thosaigh tú ag cónaí i gcúram cónaithe, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar LM.
Conas a mheasúnaítear d’ioncam do Liúntas Míchumais
Íocaíocht ar a ndéantar tástáil mhaoine é LM.
I dtástáil mhaoine, déanann an Roinn Coimirce Sóisialaí scrúdú ar na foinsí ioncaim go léir atá agat. Le LM a fháil, caithfidh go mbíonn d’ioncam faoi bhun méid áirithe.
Is iad na príomhrudaí a chuirtear san áireamh sa tástáil mhaoine:
- Ioncam airgid thirim a d’fhéadfadh bheith agat nó ag do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir. B’fhéidir nach gcuirfear roinnt ioncam airgid thirim san áireamh sa tástáil mhaoine.
- Caipiteal, mar shampla, luach coigiltis, infheistíochtaí, scaireanna nó aon réadmhaoin atá agat (seachas d’áit chónaithe féin). Ní chuirtear an chéad €50,000 de do chaipiteal san áireamh. Aimsigh níos mó eolais faoi chaipiteal nach gcuirtear san áireamh sa tástáil mhaoine.
- Cothabháil a íoctar leat. Tá eolas breise ar fáil inár gcáipéis faoi conas a mheasúnaítear cothabháil mar mhaoin
Cónaí le do thuismitheoir
Ní chuirtear ioncam do thuismitheora san áireamh nuair a dhéantar measúnú ort i dtaobh Liúntas Míchumais.
Ioncam ó d’áit chónaithe a dhíol
Ní chuirtear a mé €190,500 den airgead a fhaigheann tú má dhíolann tú d’áit chónaithe san áireamh sa tástáil mhaoine agus:
- Má bhogann tú go cóiríocht éagsúil (is féidir leat áit chónaithe a cheannach nó a fháil ar cíos)
- Má bhogann tú chun cónaí le duine a bhfuil aire á tabhairt acu duit agus a bhfuil íocaíocht cúramóra á fáil acu
- Má bhogann tú chuig scáth-thithíocht nó chuig tithíocht speisialta sna hearnálacha deonacha, comharchumainn, reachtúla nó phríobháideacha
- Má bhogann tú isteach i dteach altranais príobháideach cláraithe
Ioncam ón obair
Ní chuirtear roinnt de d’ioncam ón obair san áireamh. Áirítear obair fhéinfhostaithe leis seo.
Is féidir leat oibriú agus a mhéid le €165 sa tseachtain (i ndiaidh ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn a íoc) a thuilleamh gan difear a dhéanamh do do LM.
Má thuilleann tú breis agus €165 sa tseachtain, ní chuirtear 50% de do thuillimh idir €165 agus €375 san áireamh sa tástáil mhaoine do LM. Déantar measúnú iomlán ar aon tuilleamh níos mó ná €375.
Má thosaíonn tú obair, tá ort an Roinn Coimirce Sóisialaí (an RCS) a chur ar an eolas agus cruthúnas maidir le do thuilleamh a thabhairt dóibh. Is féidir duillín pá, do chonradh fostaíochta nó litir ó d’fhostóir a úsáid mar chruthúnas do thuillimh.
Is féidir leat níos mó a léamh inár gcáipéis faoi Conas a dhéanann obair difear d’íocaíochtaí míchumais.
Má oibríonn do pháirtnéir
Má oibríonn do chéile, do pháirtnéir sibhialta nó do chomháitritheoir, is féidir leis difear a dhéanamh do do Liúntas Míchumais. Ní chuirtear roinnt dá n-ioncam ón obair mar fhostaí san áireamh, ach déantar measúnú ar an ioncam go léir ón bhféinfhostaíocht sa tástáil mhaoine.
Déantar measúnú mar seo a leanas ar ghlantuilleamh seachtainiúil do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomháitritheora ón obair mar fhostaí:
1.Asbhaintear €20 sa lá (a mhéid le €60) ón obair ó mheán-ghlantuilleamh seachtainiúil do chéile, do pháirtnéara shibhialta nó do chomháitritheora, agus
2.Measúnaítear 60% den iarmhéid ansin mar mhaoin sheachtainiúil
Asbhaintear an mhaoin sheachtainiúil ansin ó do ráta Liúntas Míchumais (is é do ráta de LM an ráta pearsanta móide an Méadú uasta do Dhuine Fásta Cáilithe agus aon Mhéaduithe do Leanaí Cáilithe).
Is iad glantuilleamh d’olltuilleamh (nó do thuilleamh iomlán) lúide ÁSPC, aoisliúntas (ranníocaíochtaí pinsin) agus dleachtanna Ceardchumainn.
Ioncam ó scoláireacht PhD
Ní chuirtear scoláireacht PhD suas le €20,000 in aghaidh na bliana ar feadh suas le 4 bliana san áireamh nuair a dhéantar measúnú ort don Liúntas Míchumais.
Rataí Liúntas Míchumais
Uasráta seachtainiúil an Liúntais Mhíchumais 2024
Ráta pearsanta |
€232 |
Méadú do chleithiúnaí fásta |
€154 |
Leanbh faoi 12 blian d'aois |
€46 (ráta iomlán), €23 (leath-ráta) |
Leanbh 12 bliana d'aois agus níos sine |
€54 (ráta iomlán), €27 (leath-ráta) |
Má tá tú pósta nó má mhaireann tú in éineacht le duine faoi mar gurb eisean/ise d'fear nó do bhean chéile, agus má cháilíonn an bheirt agaibh i gcomhair Liúntas Míchumais, geobhaidh gach duine agaibh ráta pearsanta seachtainiúil den Liúntas Míchumais.
Má cháilíonn tusa nó do chéile nó do pháirtí i gcomhair Liúntas Míchumais agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil ag an té eile, geobhaidh gach duine agaibh an ráta pearsanta seachtainiúil dá (h)íocaíocht féin.
Íocaíochtaí do chleithiúnaithe
Má tá tú pósta, i bpáirtnéireacht shibhialta nó ag comhchónaí, is féidir leat Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe (MDFC) a fháil ar d’íocaíocht LM. Is féidir leat Méadú do Chleithiúnaí Linbh (MCL) a fháil freisin ar d’íocaíocht do chleithiúnaithe linbh.
Má tá leanaí ag cónaí leat agus má tá tuistiú leat féin á dhéanamh agat, is féidir leat MDFC a fháil do dhuine a bhfuil aire á tabhairt acu do do leanbh, má tá an duine 16 bliana d’aois nó níos sine, má chónaíonn siad leat agus má thugann tú tacaíocht dóibh. D’fhéadfadh duine de do leanaí eile a bheith sa duine seo.
Conas iarratas a dhéanamh ar Liúntas Míchumais
Is féidir leat an fhoirm iarratais do Liúntas Míchumais (pdf) a fháil
- Ionad Intreo nó Oifig Brainse Leasa Shóisialaigh
- Ionad um Fhaisnéis do Shaoránaigh
Má cheapann tú go ndearnadh LM a dhiúltú duit go héagórach, is féidir leat an cinneadh seo a achomharc.