Is liúntas seachtainiúil é Liúntas Míchumais a íoctar le daoine le míchumas ó 16 bliain d’aois.
Má cheapann tusa gur diúltaíodh Liúntas Míchumais duit go héagórach, bíonn an rogha agat chun an chinneadh sin a achomhrac.
Má cháilíonn tú i gcomhair Liúntais Míchumais, d’fhéadfá freisin sochair leasa shóisialaigh bhreise le d’íocaíocht agus íocaíochtaí leasa forlíonacha a fháil.
Le bheith incháilithe le haghaidh Liúntais Míchumais, caithfidh tú:
Má tá tú ag fáil Liúntas Míchumais agus má théann tú i isteach san ospidéal faoi chúram cónaithe leanfar le d'íocaíocht chomh fada agus a shásaíonn tú na coinníollacha cáilithe.
Mura bhfuil tú ag fáil Liúntas Míchumais sula mbíonn tú faoi chúram cónaithe, d'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Míchumais chomh fada agus a shásaíonn tú na coinníollacha cáilithe.
Is í íocaíocht de réir tástála acmhainne í Liúntas Míchumais. Caithfidh iomlán d’acmhainní bheith faoi bhun méad áirithe chun an liúntas a fháil. Ar na rudaí is mó a áirítear mar acmhainní tá:
Má dhíolann tú do theach, is féidir neamhaird a dhéanamh de thorthaí dhíol an tí suas le €190,460.71 agus d’acmhainní á meas in imthosca áirithe agus má bhogann tú:
Má chónaíonn tú in áitreabh atá roinnte idir áit chónaithe agus áit ghnó ní tharscaoiltear ach an fáltas a bhaineann leis an áit chónaithe.
Is féidir leat a bheith páirteach i bhfostaíocht athshlánúcháin agus suas le €120 glan sa tseachtain a thuilleamh agus ní rachaidh sé i bhfeidhm ar d’íocaíocht. Séard is brí le tuillimh ghlana olltuillimh ÁSPC, ranníocaíochtaí pinsin agus dleachtanna ceardchumainn. Caithfidh tú cead a lorg ón Roinn Coimirce Sóisialaí sula ndeánann tú obair ar bith.
Ní ghlacfar 50% de thuillimh idir €120 agus €350 san áireamh i dtástáil acmhainne an Liúntais Mhíchumais.
Caithfidh aon tuillimh, áfach, de bhreis ar €350 a mheasúnú mar ioncam i dtástáil acmhainne.
Tá tuilleadh eolais ar fáil sa doiciméad faoi na híocaíochtaí míchumais agus obair.
Má tá tú pósta nó ag cónaí le duine mar fhear céile agus bean chéile, d'fhéadfá a bheith i dteideal liúntais dóibh mar do dhuine fásta cáilithe. Má tá leanaí cleithiúnacha agat, d'fhéadfá liúntas breise a fháil chomh maith.
Má tá leanaí ag cónaí leat agus go bhfuil tú singil, gur baintreach tú nó go bhfuil tú idirscartha, d'fhéadfá liúntas a fháil don duine atá ag tabhairt cúraim do do leanbh/leanaí, chomh fada agus go bhfuil an duine 16 bliana d'aois nó os a chionn ag cónaí leat agus á t(h)acú agat.
Má oibríonn do chéile/pháirtí, is féidir leis seo tionchar a bheith aige ar do Liúntas Míchumais.
Ón 26 Meán Fómhair 2007, tá tuillimh do chéile/pháirtí measúnaithe mar a leanas:
Is éard atá i dtuilleamh seachtainiúil ná an t-olltuilleamh lúide ÁSPC, aoisliúntas agus dleachtanna ceardchumainn.
Baintear €20 in aghaidh an lae (suas le huasmhéid €60) as meántuilleamh seachtainiúil do chéile/pháirtí agus déantar 60% den fhuílleach a mheasúnú mar acmhainní seachtainiúla. Déantar na hacmhainní seachtainiúla a asbhaint ansin ó chomhiomlán do ráta pearsanta Liúntais Míchumais (LM) agus an Méadú uasta do Dhuine Fásta Cáilithe.
Má bhí LM á fháil agat roimh 26 Meán Fómhair 2007 agus go bhfuil tú fós ag fáil íocaíochta ar an 26 Meán Fómhair, déanfar tuillimh do chéile/pháirtí a mheasúnú faoin measúnú maoine nua chun fáil amach an bhfuil tú níos fearr as. Má bhí níos mó LM á fháil agat ar an measúnú roimhe seo, leanfar leis an measúnú ag baint leasa as modh ríofa na n-acmhainní ó fhostaíocht roimhe seo.
Má tá acmhainní do chéile/pháirtí athraithe ar chúis ar bith ón 26 Meán Fómhair 2007, ní féidir leat iarratas a dhéanamh ar mhodh ríofa na n-acmhainní ó fhostaíocht roimhe seo.
Ba chóir gurb é do dhoctúir féin a chomhlánaíonn an tuairisc leighis,
atá mar chuid den fhoirm iarratais ar do riocht sláinte. Déanann ceann de
Mheasúnóirí Leighis na Ranna athbhreithniú deisce ar an tuairisc seo. Is
dochtúir cláraithe é an Measúnóir Leighis.
Ráta seachtainiúil (2013)
| Ráta Pearsanta | Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe | Méadú do gach Leanbh Incháilithe |
| €188 (uasráta) | €124.80 (uasráta) | €29.80 (ráta iomlán) €14.90 (leath-ráta) |
Má tá tú pósta nó má mhaireann tú in éineacht le duine faoi mar gurb eisean/ise d'fear nó do bhean chéile, agus má cháilíonn an bheirt agaibh i gcomhair Liúntas Míchumais, geobhaidh gach duine agaibh ráta pearsanta seachtainiúil den Liúntas Míchumais.
Má cháilíonn tusa nó do chéile nó do pháirtí i gcomhair Liúntas Míchumais agus má tá íocaíocht leasa shóisialaigh eile á fáil ag an té eile, geobhaidh gach duine agaibh an ráta pearsanta seachtainiúil dá (h)íocaíocht féin.
Is féidir leat an fhoirm iarratais do Liúntas Míchumais (pdf) a fháil ón Rannóg an Liúntas Míchumais - féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’ thíos. Is féidir leat an fhoirm iarratas ó d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil freisin.
Má dhéanann tú iarratas ar Liúntas Míchumais, d'fhéadfadh go gcaithfidh tú dul faoi scrúdú sláinte ag Measúnóir Leighis. Má iarrtar ort dul faoi scrúdú sláinte agus muna féidir leat teacht nó má bhíonn cúnamh uait maidir leis an scrúdú, ba chóir duit teagmháil a dhéanamh leis an Rannóg Athbhreithnithe agus Measúnaithe Leighis - féach ‘Cá háit a dhéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Mura dtéann tú faoi scrúdú sláinte, d'fhéadfadh nach bhfaigheann tú
do Liúntas Míchumais.
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Teach Oisín
212-213 Sráid an Phiarsaigh
Baile Átha Cliath 2
Éire
Teil:(01) 673 2482
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 8in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.