Print Page Send to a Friend

Pinsean na nDall

Eolas

Íocaíocht le scrúdú maoine é Pinsean Daill a íoctar leis na daill agus le daoine atá faoi mhíchumas na súl a bhfuil gnáthchónaí in Éirinn orthu. An Roinn Coimirce Sóisialaí a dhéanann an íocaíocht. Le bheith i dteideal an phinsin ní mór scrúdú súl a fháil déanta ag lia oftailmeach (íocfaidh an Roinn as) ar mhaithe le míchumas na súl a chinntiú. D'fhéadfadh sé go mbeadh daoine áirid a bhfuil lagú amhairc orthu i dteideal an phinsin freisin.

Tá an íocaíocht a gheobhaidh tú déanta suas de ráta pearsanta duit féin agus suimeanna eile do dhuine fásta cáilithe agus aon pháistí cleithiúnacha (breathnaigh na rátaí thíos). Má fhaigheann tú Pinsean Daill d’fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas Leasa na nDall a fháil freisin. Gheobhaidh tú Pas Saor Thaistil agus Pas Saor Thaistil Chompánaigh. (Pas Saor Thaistil a thugann deis duit taisteal ar sheirbhísí iompair phoiblí an Stáit saor in aisce. Tugann Pas Saor Thaistil Chompánaigh deis do chompánach atá 16 bliana nó ós a chionn taisteal in éineacht leat in aisce). D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh tú i dteideal liúntas eile, Liúntas Cónaithe i d'Aonair agus an Scéim Liúntas don Líon Tí.

Má cheapann tú go raibh cinneadh a tógadh gan Pinsean Daill a thabhairt duit mícheart, nó má tá tú míshásta maidir le cinneadh a thóg Oifigeach Leasa Shóisialaigh maidir lena bhfuil tú ina theideal, tá an rogha agat achomharc a lorg ar an gcinneadh seo.

Rialacha

Más duine dall thú nó má tá tú faoi mhíchumas dona amhairc roimh duit ocht mbliana déag a bhaint amach ba cheart duit éileamh a dhéanamh ar an bPinsean seo 4 mhí roimh d'ochtú breithlá déag. (Má tá tú idir 16-18, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann Liúntas Míchumais) a fháil.

Más i ndiaidh duit ocht mbliana déag a bhaint amach a thagann daille nó míchumas amhairc ort, ba cheart duit iarratas a dhéanamh chomh luath agus a tharlaíonn sé. Tá sé seo tábhachtach mar ní féidir íocaíocht a thabhairt ach ón lá a thagann an t-iarratas isteach. Má theastaíonn cúram lánaimseartha uait d'fhéadfadh sé go mbeadh an cúramaí i dteideal ceann de na híocaíochtaí seo a leanas - Liúntas CúramaíSochar Cúramaí.

Is féidir leat 120 euro sa tseachtain a shaothrú ón bhfostaíocht athshlánaithe roimh don ioncam sin a bheith curtha san áireamh don scrúdú maoine. Má bhíonn Pinsean Daill ar fáil agat ar feadh dhá mhí déag ar a laghad, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal Liúntas Ar Ais chuig an Obair.

Má bhíonn tú i bhfostaíocht athshlánaithe le tuarastal idir €120 agus €350 in aghaidh na seachtaine, déanfar ráta aisbhaintí barrchaolaithe 50% a chur i bhfeidhm.

An Scrúdú maoine

I measc na bpríomhnithe a chuirtear san áireamh mar mhaoin tá:

  • Aon ioncam airgid thirim atá agat nó ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir
  • Luach aon choigiltis, infheistíochtaí, scaireanna, talún, & rl
  • Aon áitreabh atá agat
  • Íocaíocht chothabhála a fhaigheann tú má tá tú tréigthe, scartha nó páirtnéir sibhialta nach bhfuil ina c(h)ónaí leis an bpáirtnéir sibhialta eile

Ní chuirtear na nithe seo san áireamh mar mhaoin:

  • Do theach cónaithe féin
  • Íocaíocht ón Roinn seo atá dhá fháil ag ball eile den líon tí
  • Luach an chéad €20,000 de shócmhainní caipitiúla (mar shampla coigiltis)
  • Airgead a fuair tú ó eagraíocht aitheanta carthanachta (gan údarás poiblí nó áitiúil a bheith san áireamh)
  • An chuid chothabhála de dheontas ard aoideachais a íoctar ar do shon, ar son duine fhásta cháilithe nó ar son leanaí cleithiúnacha i leith cúrsaí faoi leith
  • Ioncam go huasteorainn faoi leith ón bhfostaíocht athshlánaithe
  • Ioncam ó thraenáil athshlánaithe
  • Liúntas Cúraim Bhaile a íoctar ar son leanaí cleithiúnacha
  • Sochar Leanaí, Liúntas Breise Leasa ná liúntais a íocann na boird sláinte i dtaobh leanaí atá faoi chúram altrama nó gaolta
  • Liúntas Soghluaisteachta ón Roinn Sláinte.

Ioncam ón bhfostaíocht ócáideach leis an mbord sláinte mar chúramaí baile.

Achomharc a dhéanamh maidir le d'éileamh

Má tá tú míshásta le cinneadh a bhaineann le d'éileamh ar Phinsean na nDall is féidir leat achomharc a dhéanamh. Léigh tuilleadh maidir le córas achomhairc leasa shóisialaigh anseo.

Rátaí

Seo iad na rátaí ó Eanáir 2010

Ráta pearsanta €196
Duine Fásta Cáilithe €130.10
Cleithiúnach is leanbh €29.80 (liomlán-ráta) €14.90 (leath-ráta)

Conas iarratas a dhéanamh

Is féidir foirm iarratais (BP1) do Phinsean na nDall a íoschóipeáil anseo (pdf). Tá leagan i gcló braille agus ar chaiséad fuaime den fhoirm iarratais seo ar fáil freisin ó Chomhairle Náisiúnta do na Daill in Éirinn. Tá an fhoirm iarratais seo ar fáil freisin ón oifig áitiúil leasa shóisialaigh. Beidh cúnamh ar fáil duit ón bhfoireann san oifig áitiúil leasa shóisialaigh leis an bhfoirm seo a chomhlánú agus is féidir leo aon cheisteanna atá agat a fhreagairt. Tá sonraí teagmhála do na hoifigí leasa shóisialaigh ar fad in Éirinn ar fáil anseo.

Ní mór duit na cáipéisí seo a leanas a chur in éineacht le d'éileamh ar Phinsean na nDall (déantar é seo le moill sa chóras próiseála a sheachaint):

  • Leagan fada de do theastas breithe
  • Do theastas pósta (más cuí)
  • Teastais bhreithe aon pháistí cleithiúnacha (má tá liúntas dhá éileamh agat ar a son agus muna bhfuil Sochar Leanaí dhá fháil agat ar a son).

Is féidir cóipéanna de na teastais seo a fháil ó Chláraitheoir na mBreitheanna, na bPóstaí agus mBásanna. (Ní ghlactar le fótachóipeanna de na bunteastais).

Cá háit a dheánfaidh mé iarratas?

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Pinsean na nDall a sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe daingnithe Pinsean na nDall a úsáid.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 7 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Liúntas Leasa na nDall
    Íocaíocht bhreise de réir tástála acmhainne atá i gceist a íoctar do dhaoine áirithe atá dall nó a bhfuil míchumas súl orthu.
  • Saor Thaisteal
    Tá gach uile dhuine aois 66 agus os cionn atá ina chónaí in Éirinn i dteideal taisteal ar iompar poiblí saor in aisce. Tá daoine eile atá ag fáil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh i dteideal freisin. Faigh amach tuilleadh faoi shaorthaisteal in Éirinn agus faoin SmartPass Sinsearach a cheadaíonn duit taisteal ar iompar poiblí i dTuaisceart Éireann saor in aisce.
  • Pinsean Easláinte
    Is éard Pinsean Easláinte íocaíocht leasa shóisialaigh a íoctar le daoine mura raibh siad i riocht oibre agus go raibh siad ag fáil Sochar Breoiteachta ar feadh 12 mhí ar a laghad roimh dháta d'iarratas.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.