Is íocaíocht de réir tástála acmhainne í Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) iníoctha le baintreach, le baintreach fir nó le páirtnéir sibhialta marthanach nach bhfuil incháilithe d’Íochaíocht Bhaintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Rannaíoch). Tugadh an Pinsean Baintrí/Baintrí Fir (Neamh-Ranníocach) ar an íocaíocht seo roimhe seo.
Is íocaíocht í Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) do bhaintreacha, do bhaintreacha fir nó do pháirtnéirí sibhialta marthanacha nach bhfuil leanaí cleithiúnacha acu. Ba cheart do dhaoine a bhfuil páistí cleithiúnacha acu cur isteach ar an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora.
Nuair beidh tú 66 bliana d'aois aistrífear é go Pinsean Stáit (Neamh-Rannaíocach). Tá an pinsean seo inchánach ach má tá tú gan aon ioncam eile, ní miste cáin a ghearradh air.
Chun cáiliú ní mór duit a bheith i do bhaintreach, do bhaintreach fir nó do pháirtnéir sibhialta a mhaireann, agus ní féidir leat a bheith in aontíos le duine eile. Coinníonn tú do theidlíocht an pinsean seo a fháil má tá tú colscartha nó má tá do pháirtíocht sibhialta tar éis díscaoileadh, agus dá mbeadh tú i dteideal an phinsean a fháil dá bhfanfá pósta nó sa pháirtíocht shibhialta.
Beidh tú i dteideal:
Is ionann do chuid acmhainní agus ioncam nó réadmhaoin ar bith atá agat (seachas do theach féin) nó sócmhainn ar bith a d'fhéadfadh airgead a thabhairt isteach nó ioncam a sholáthar duit.
Meastar acmhainní de réir rialacha sonracha faoi na cinnteidil a leanas:
Déantar measúnú sa scrúdú maoine ar gach ioncam i bhfoirm airgid atá agat. I measc na míreanna d’ioncam airgid a dhéantar a mheasúnú tá aon ioncam ó phinsean slándála sóisialaí ó thír eile.
Tá míreanna áirithe den ioncam airgid nach gcuirtear san áireamh, áfach. Ní chuirtear san áireamh, mar shampla, airgead suas go €100 in aghaidh na seachtaine a thuilltear de thoradh fostaíochta (ach ní de thoradh féinfhostaíochta). Is mar mhaoin a áirítear gach ioncaim os a chionn sin. Ní chuirtear íocaíochtaí a fhaightear faoin Scéim Scoir Feirmeoireachta san áireamh.
Ioncam Cúntóra Bhaile: Ó Eanáir 2012 cuirtear aon ioncam a fhaigheann tú ó obair mar chúntóir baile le FSS san áireamh don tástáil acmhainne.
Tá tuilleadh faoi conas measúnú a dhéanamh ar do chuid acmhainní ó airgead tirim.
Déantar measúnacht ar choigilteas, infheistíochtaí, airgead ar láimh agus réadmhaoin ar bith ar leat í (ach nach é do bhaile féin é) mar chaipiteal. Cuirtear do chuid caipitil ar fad ó fhoinsí éagsúla le cheile agus baintear úsáid as foirmle speisialta ansin le do chuid acmhainní seachtainiúla ó chaipiteal a aimsiú.
Áirítear leis an réadmhaoin agus na hinfheistíochtaí a bhféadfaí a mheas faoi réir na ceannscríbhinne seo coigilteas i gcuntas bainc (nó áit ar bith eile), teach atá ligthe amach ar cíos agat agus scaireanna. Is féidir go mbeidh tú ag fáil ioncaim ón réadmhaoin nó ón infheistíocht nó nach mbeidh. Ní dhéantar measúnacht ar ioncam ó réadmhaoin atá measúnaithe cheana féin ar a luach caipitil sa tástáil mhaoine - féach ioncam airgid thuas.
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir leis an dóigh a ndéantar réadmhaoin a mheas mar acmhainn.
Ní mheastar do theach cónaithe mura bhfuil ioncam á thuilleamh agat as. Mar shampla, tá seomra tí ligthe ar cíos agat, measfar an t-ioncam as sin. Ach, más i d'aonar a bheifeá ag cónaí murach an seomra sin a bheith ligthe, ní mheasfar an t-ioncam ar chor ar bith.
Suimítear d'acmhainní faoi na cinnteidil éagsúla chun méid aon phinsin ar féidir leat a fháil a mheas.
Ní bhíonn aon tionchar ar ráta an phinsin ag an gcéad €7.60 de mhaoin
in aghaidh na seachtaine faoi mar a dhéanann an Roinn Coimirce Sóisialaí
measúnú uirthi. Ina dhiaidh sin déantar laghdú €2.50 in aghaidh na
seachtaine ar an bpinsean in aghaidh gach €2.50 maoine.
Seo iad na rataí í 2012:
| Aois | Go seachtainiúil |
| Faoi 66 bliana | €188 |
Íoslódail agus
comhlánaigh foirm iarratais WP1 (pdf). Tá foirmeacha iarratais ar fáil
ag oifig an phoist.
Department of Social Protection
Oifig Sheirbhísí Pinsin
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Sligo
Ireland
Lóghlao:1890 500 000
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó
Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) a sheoladh tríd an fhoirm
fhiosraithe daingnithe Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) a úsáid.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.