Is eard atá sa Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach), ná íocaíocht seachtainiúil don fhear céile, don bhean chéile nó do pháirtneir sibhialta de dhuine éagtha. Tugadh an Pinsean Baintrí/Baintrí Fir (Ranníocach) ar an íocaíocht seo roimhe seo. Ní mór duit nó do chéile/do pháirtnéir sibhialta éagtha dóthain ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh (ÁSPC) a bheith aige/aici.
Chun cáiliú ní mór duit a bheith i do bhaintreach, do bhaintreach fir nó do pháirtnéir sibhialta a mhaireann, agus ní féidir leat a bheith in aontíos le duine eile.
Má tá tú colscartha agus dá mbeifeá i dteideal Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh(Ranníocach) dá bhfanfá pósta, coimeádann tú do theidlíocht Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil.
Má tá do chomhpháirtíocht sibhialta tar éis díscaoileadh agus dá mbeifeá i dteideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil dá bhfanfá sa pháirtíocht sibhialta, coimeádann tú do theidlíocht Pinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach) a fháil.
Íoctar an pinsean seo is cuma cén t-ioncam eile atá agat.
Béidh tú cáilithe le haghaidh Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) má bhí do chéile/pháirtnéir sibhialta básaithe ag fáil ceachtar den dá phinsean seo Pinsean Stáit (Idirthréimhse) nó Pinsin Stáit (Ranníocach), agus íocaíocht don chéile/pháirtnéir sibhialta cleithiúnach san áireamh (nó bheadh an íocaíocht sin i gceist ach amháin go raibh an céile/páirtnéir sibhialta ag fáil Pinsean Stáit (Neamh-ranníocach), Pinsean na nDall nó Liúntas Cúramóra).
Muna raibh do chás amhlaidh, ní mór duit ansin dóthain íocaíochtaí ÁSPC a bheith agat.
Le bheith ina theideal Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) ní mór duit nó do do chéile/páirtnéir sibhialta básaithe méid áirid ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith agaibh. Is ar íocaíochtaí ÁSPC duine amháin a dhéantar an méid áirid sin a chomhaireamh - ní féidir ranníocaíochtaí na beirte a chur le chéile leis an líon ceart a dhéanamh suas. Ní mór na ranníocaíochtaí ar fad a bheith déanta roimh bhás an chéile/páirtnéara sibhialta.
Comhraíonn nach mór chuile ranníocaíocht ÁSPC don phinsean seo, ranníocaíochtaí a dhéanann seirbhísigh poiblí agus daoine atá féin-fhostaithe fiú.
Ní mór duit nó do chéile/páirtnéir sibhialta
Agus
Nó
Má bhí tú ar fostú inárachaithe roimhe i dtír atá clúdaithe faoi Rialacháin an AE nó i dtír lena bhfuil Comhaontú Déthaobhach Leasa Shóisialaigh ag Éire agus d’íoc tú ranníocaíocht amháin ráta iomlán ÁSPC ar a laghad in Éirinn, is féidir leat do thaifead árachais sa tír sin a chur le do chuid ranníocaíochtaí ÁSPC Éireannacha chun cabhrú leat cáiliú le haghaidh Phinsean Baintrí, Baintrí Fir, nó Páirtnéara Shibialta Marthanaigh (Ranníocach).
Tá tuilleadh eolais ar fáil inár ndoiciméad maidir le do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh ó thar lear a chur le chéile.
Ós rud é gur pinsean ranníocach atá i gceist anseo is féidir leat ioncam eile a bheith agat ó fhoinse ar bith eile agus fós a bheith i dteideal an phinsin seo. Ioncam incháinithe atá ann. Muna bhfuil d'ioncam agat ach é ní dóigh go mbeidh aon dliteanas cánach ort.
Ní féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil ag an am céanna le Pinsin Stáit (Ranníocach). Má tá tú i dteideal dhá íocaíocht a fháil, is féidir leat an ceann is fearr a íocfaidh thú a roghnú. Féadfaidh tú Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil, áfach, mar aon le leath an ráta pearsanta de Sochar Cuardaitheora Poist, Sochar Breoiteachta, Sochar Díobhálacha Ceirde, Sochar Máithreachais, Sochar Sláinte agus Sábháilteachta nó Sochar Uchtála má tá tú incháilithe le haghaidh ceann de na híocaíochtaí seo freisin.
Má tá Pinsean Easláinte á fháil agat agus má shásaíonn tú na coinníollocha maidir le Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a fháil, féadfaidh tú leath an ráta pearsanta de Shochar Breoiteachta a fháil ar feadh tamaill theoranta áirithe in áit Pinsean Easláinte agus féadfaidh tú Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a éileamh.
Is féidir an pinsean a fháil an fhad agus atá tú i do bhaintreach (fir nó mná) nó páirtnéir sibhialta marthanach. Má athphósann tú, má dhéanann tú páirtnéireacht shibhialta nua nó má bhíonn tú i do chónaí le páirtí mar fhear agus bean, níl tú i dteideal an phinsin níos mó.
Is féidir méadú a fháil ar leanbh cáilithe mar chuid den phinsean - íoctar méadú an fhad agus atá páiste faoi 18 agus suas go sroicheann sé/sí 22 má tá sé/sí ag freastal ar oideachas lán-aimseartha.
Faoin Scéim Gortaithe Ceirde is féidir Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a íoc má bhásaigh an céile de bharr timpiste nó galair cheirde.
Daoine a bhfuil Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) dhá fháil acu tá siad i dteideal seirbhísí breise ar nós Liúntas Leictreachas má shásaíonn siad na gnáthchoinníollacha. Daoine atá 60 nó ós a cionn, nuair a chailltear an céile/páirtnéir sibhialta atá ag fáil na seirbhísí in aisce coinníonn siad na seirbhísí sin fiú muna bhfuileadar ag sásamh an ghnáthriail aoise.
Seo a leanas na rátaí íocaíochta i 2012
| Aois | Ratai |
| faoi 66 | €193.50 |
| 66-79 | €230.30 |
| 80+ | €240.30 |
| Méadú do Leanbh Cáilithe | €29.80 |
D'fhéadfadh sé gur ráta laghduithe a bheadh le n-íoc leat muna bhfuil na ranníocaíochtaí ar fad a theastaíonn agat.
Baineann cuid de na pinsin pro-rata leis an bPinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) - féach an mír Pinsin Stáit (Ranníocach) freisin.
Ba chóir duit an fhoirm iarratais Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a íoslódáil agus a chomhlánú. Tá foirmeacha iarratais ar fáil ó oifigí an phoist.
Department of Social Protection
Oifig Sheirbhísí Pinsin
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Sligo
Ireland
Lóghlao:1890 500 000
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó
Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a sheoladh tríd an fhoirm
fhiosraithe daingnithe Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara
Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) a úsáid.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.