Is íocaíocht glan é an Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh seo a thugtar do bhaintrí , baintrí fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil páistí cleithiúnacha acu. Is féidir an deontas seo a íoc i gcomhar leis an Deontas Méala de €850 do dhaoine a raibh árachas orthu.
Níl an deontas seo ar fáil ach do bhaintrí, baintrí fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil páiste cleithiúnach amháin nó níos mó ag maireachtáil in éineacht leo nó a saolaítear a leanbh laistigh de 10 mí o dha ta báis a céile nó páirtnéir sibhialta. Caithfidh tú bheith i dteideal ceann de na híocaíochtaí seo a leanas:
Is íocaíocht in aon chuid amháin é an deontas seo, agus suim de €6000 a bhíonn i gceist. Íoctar an Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh tríd sheic, iníoctha leis an baintreach, baintreach fir nó páirtnéir sibhialta.
Beidh sé eisithe gan moill tar éis cinnidh Oifigigh Cinnidh i gcomhair ceann de na híocaíochtaí thuas.
An Roinn Coimirce Sóisialaí
Oifig Sheirbhísí na bPinsean
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire
Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg Deontas Tuismitheora Baintrí a
sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe
daingnithe Deontas Tuismitheora Baintrí a úsáid.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.