Print Page Send to a Friend

Gnáthdheontas Méala

Eolas

Íocaíocht aon uair amháin í an Deontas Méala chun cabhrú le costais sochraide. Ní bhaineann an deontas seo le d'acmhainn íoc as an tsochraid. Tá sé bunaithe de ghnáth ar ranníocaíochtaí ÁSPC.

Íoctar an deontas freisin ar bhás dhuine a bhí ag fáil pinsean ranníocach nó ar bhás a gcéile, a bpáirtnéir sibhialta nó duine a mbeadh an pinsinéir ranníocach ag fáil méadú dhuine fásta incháilitheleanbh incháilthe ina leith.

Dá mbeadh pinsinéar ag fáil pinsean ranníocaíochta mar atá luaite thuas, ach gur shocraigh sé/sí pinsean neamhranníocaíochta a thóigeáil ag ráta níos airde, beidh sé/sí nó a c(h)éile, a p(h)áirtnéir sibhialta nó duine cleithiúnach fós i dteideal Dheontas Méala. Freisin, beidh duine a mbeadh an pinsinéir ag fáil méadú dhuine fásta cáilithe ach go raibh siad ag fáil íocaíocht neamh-ranníocaíochta ina gceart féin (m.sh. céile nó páirtnéir sibhialta phinsinéara ranníocaíochta atá ag fáil Liúntas Cúramóra, Pinsean Stáit (Neamh-Ranníocach) nó Pinsean Dall).

Liúntas Míchumais agus an Deontas Méala

Íocfar an Deontas Méala sa ghnáthchúrsa do neasghaol tar éis bás duine a bhí ag fáil Liúntas Míchumais agus a bhí idir 16 agus 22 bhliain d’aois.

Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) agus an Deontas Méala

Íoctar Deontas Méala freisin ar bhás dhílleachta a raibh Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) dhá íoc lena gcaomhnóir.

Rialacha

Chun a bheith i dteideal an deontais seo:

  • Caithfidh an duine básaithe a bheith taréis bháis ar nó taréis an 2ú Feabhra 1999
  • Caithfidh an iarrthóir a bheith faoi árachas nó a bheith pósta/i bpáirtnéireacht shibhialta le nó ina p(h)áiste cleithiúnach ag duine faoi árachas. (San áireamh anseo tá seirbhísí Poiblí agus Sibhialta (árachas Rannóg B agus Rannóg D), daoine féin-fhostaithe (Rannóg S) agus Ranníocóirí Deonacha).
  • Caithfidh méid áirithe ranníocaíochtaí a bheith íocaithe ag an té a cailleadh thar tréimhse ama atá leagtha síos (féach 'Conas a cháilítear trí úsáid do thaifead árachais shóisialaigh' thíos), nó a bheith ag fáil ceann de íocaíochtaí áirithe leasa shóisialta atá leagtha síos, nó a bheith ag fáil Liúntas Míchumais agus a bhí idir 16 agus 22 bhliain d’aois.

Conas a cháilítear trí úsáid do thaifead árachais shóisialaigh

Caithfidh tú na nithe seo a leanas a bheith agat anuas chun cáiliú o thaobh an Dheontais Méala go n-úsáidtear do ranníocaíochtaí árachais shóisialaigh:

  • 156 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat ó thosach do fhostaíochta inárachais

  • 26 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC ar a laghad a bheith íoctha agat ó thosach do fhostaíochta inárachais (féach Nóta thios)

Nóta:
Má tá 26 seachtaine de ranníocaíochtaí ÁSPC ar a laghad íoctha agat ó thosach do fhostaíochta inárachais, caithfidh tú an ní seo a leanas a bheith agat:

  • 39 seachtainí ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe sa bhliain chánach chuí

  • Meán bliantúil de 39 seachtainí ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe thar an 3 nó 5 bliana cánach roimh an bhliain chánach chuí

  • Meán bliantúil de 26 seachtainí ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe idir 1979 agus deireadh na bliana cánach roimh an mbás nó roimh a bhain sé/sí aois an phinsin amach (sin aois 66 faoi láthair).

  • Meán bliantúil de 26 seachtainí ÁSPC íoctha nó creidiúnaithe ón 1 Deireadh Fómhair 1970 (nó ó thosaigh an duine ag obair más ina dhiaidh sin é) agus deireadh na bliana cánach roimh an mbás nó roimh a bhain sé/sí aois an phinsin amach (sin aois 66 faoi láthair).

Rátaí

Íocaíocht aon-uaire is ea an Deontas Méala dar luach €850. Íoctar an deontas trí sheic chuig an duine atá freagrach as sonrasc na sochraide a íoc.

Conas iarratas a dhéanamh

Ba chóir duit an fhoirm iarratais BG1 (pdf) a íoslódáil agus a chomhlánú taobh istigh de 12 mhí ó dháta an bháis. Is féidir leat foirm iarratais a fháil ó d'oifig leasa shóisialaigh áitiúil freisin. Ní mór duit Uimhir PSP agus Teastas Báis an dhuine atá básaithe a sheoladh ar aghaidh in éineacht leis an bhfoirm. Beidh ort freisin bille na sochraide nó admháil íocaíochta a sheoladh ar aghaidh in éineacht le d'iarratas ar an deontas. (Ba chóir duit tabhairt faoi deara nach nglacfar le fótachóipeanna den teastas báis ná den bhille sochraide/admháil. Tá teastais báis chun críocha leasa shóisialaigh ar fáil ón gCláraitheoir Breitheanna, Póstaí agus Básanna.)

Is féidir le duine acu seo a leanas an íocaíocht a éileamh:

  • Ionadaí phearsanta (seiceadóir nó riarthóir) an té a cailleadh
  • Céile, páirtnéir sibhialta nó páistí an té a cailleadh
  • Fear nó bean céile nó páirtnéir sibhialta aon duine de na neasghaolta
  • Aon duine eile atá i dteideal.

Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas

Rannóg Dheontais Bháis

Oifig Sheirbhísí Leasa Shóisialaigh
Foirgnimh an Rialtais
Bóthar Bhéal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 92 77 70

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Éire

Teil:(071) 915 7100
Lóghlao:1890 500 000
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 8 February 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.