Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Sochair a Bhaineann le Bás > Íocaíochtaí leasa shóisialaigh tar éis bás duine

Print Page Send to a Friend

Íocaíochtaí leasa shóisialaigh tar éis bás duine

Eolas

Bás duine atá ag éileamh íocaíochta leasa shóisialaigh

Leanann roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh tar éis do dhuine bás a fháil. Is é sin, i gcás bás duine a bhí ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh ar leith, d’fhéadfadh sé go bhfaigheadh a gcéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir 6 seachtaine den íocaíocht seo tar éis an bháis. Íocfar an íocaíocht 6 seachtaine seo ag an ráta céanna a bhí á fháil ag do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir básaithe. B’fhéidir go bhfaighidh tú an íocaíocht 6 seachtaine má bhí do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir ag fáil ceann de na híocaíochtaí seo a leanas agus má bhí íocaíocht (Méadú le haghaidh Duine Fásta Cáilithe) san áireamh inti duitse:

Má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá liostaithe thuas agus má fuair do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir marbh ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá liostaithe thuas ina cheart féin, is féidir leat lean ag fáil íocaíocht do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir ar feadh 6 sheachtain i ndiaidh an bháis de bhreis ar d'íocaíocht féin.

Má tá tú ag fáil ceann de na híocaíochtaí leasa shóisialaigh atá liostaithe thuas agus má fuair do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir Sochar Cúramóra nó Liúntas Cúramóra, is féidir leat lean ag fáil íocaíocht do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir ar feadh 6 sheachtain i ndiaidh an bháis de bhreis ar d'íocaíocht féin.

Bás duine fásta cáilithe

Má tá tú ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh a chuimsigh íocaíocht (Méadú do Dhuine Fásta Cáilithe) dod’ chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir nach maireann, leanfaidh tú ag fáil an ráta céanna íocaíochta ar feadh 6 seachtaine tar éis a b(h)áis.

Bás cleithiúnaí linbh

Má fhaigheann do leanbh bás, is hiondúil go leanfaidh an íocaíocht Méadú do Leanbh Cáilithe ar feadh 6 seachtaine, má bhí an leanbh cuimsithe i d’íocaíocht. Téigh i dteagmháil leis an rannóg den Roinn Coimirce Sóisialaí atá freagrach as d’íocaíocht.

Ba chóir duit an Rannóg Sochar Leanaí den Roinn a chur ar an eolas freisin faoi bhás an linbh.

Nuair a fhaigheann an duine a raibh cúram á dhéanamh dó/di bás

Sa chás go bhfuil tú ag fáil Liúntais CúramóraSochair Cúramóra agus go bhfaigheann an duine a bhfuil cúram á dhéanamh agat dó/di bás:

Más é/í do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir an té a raibh tú ag déanamh cúraim dó/di agus má bhí sé/sí ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh, stopfaidh do Shochar/Liúntas Cúramóra ó dháta a b(h)áis. Íocfar íocaíocht leasa shóisialaigh do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir nach maireann leat ag an ráta pósta ar feadh 6 seachtaine tar éis a b(h)áis, áfach.

Mura raibh do chéile ag fáil íocaíochta leasa shóisialaigh, leanfaidh tú ag fáil Sochair/Liúntais Cúramóra ar feadh 6 seachtaine tar éis a b(h)áis.

Murar é/í do chéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir an té a raibh tú ag déanamh cúraim dó/di, leanfar ag íoc Sochair/Liúntais Cúramóra ar feadh 6 seachtaine tar éis a b(h)áis.

Conas iarratas a dhéanamh

Chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht tar éis bás duine, ba chóir duit dul i dteagmháil leis an rannóg cuí sa Roinn Coimirce Sóisialaí, chomh luath agus is féidir tar éis an bháis. (Braitheann an rannóg a mbeidh teagmháil le déanamh agat leo, ar an gcineál íocaíochta a fuair an duine nach maireann. Mar shampla, má bhí an duine nach maireann ag fáil Pinsin Scoir, beidh ort dul i dteagmháil leis an Rannóg Pinsin den Roinn, srl.). Is féidir leis an bhfoireann oibre i d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil comhairle a chur ort mura bhfuil tú cinnte cén áit is fearr duit teagmháil a dhéanamh léi.

Cuir faoi iamh an deimhniú báis (má tá fáil air) nó fógra báis ó nuachtán le d’iarratas. Ní mór duit an leabhar/ na leabhair íocaíochta nó an seic, má tá a leithéid agat, a bheith iniata freisin. Ná sóinseáil seiceanna nó dearbháin ón leabhar pinsin atá agat cheana féin. Seolfar seic i gcomhair na híocaíochta 6 seachtaine. Coinnigh do thaifead féin den uimhir thagartha / éilimh pinsin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 January 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sochair agus teidlíochta tar éis báis
    Soláthraíonn an doiciméad seo forbhreathnú ar na sochair leasa shóisialaigh atá ar fáil nuair a fhaigheann duine bás.
  • Liúntas Cúramóra leath-ráta
    Ó 27 Meán Fómhair 2007, beidh Liúntas Cúramóra leath-ráta iníoctha le híocaíochtaí leasa sóisialta áirithe eile. Ar an choinníoll go gcomhlíonann tú na critéir cháilithe Faigh tuilleadh eolais maidir le conas bheith incháilithe do Liúntas Cúramóra leath-ráta.
  • Sceim Sochair Coireala
    Is scéim í an Scéim um Shochar Cóireála a reáchtálann an Roinn Coimirce Sóisialaí agus a chuireann seirbhísí fiaclóireachta, súl agus cluas ar fáil do dhaoine atá an méid riachtanach ranníocaíochtaí ÁSPC acu.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.