Is féidir íocaíocht chaomhnóra a dhéanamh le duine a thugann cúram do dhílleachta. Ní gá duit a bheith ceaptha go dlíthiúil mar chaomhnóir. Tabharfar an íocaíocht chaomhnóra duit má chónaíonn an dílleachta leat agus más tusa atá freagrach as breathnú ina d(h)iaidh. Ní foláir nó go rachaidh an íocaíocht chun tairbhe an dílleachta.
Is leis an dílleachta féin a dhéanfar an íocaíocht más rud é go bhfuil sé nó sí ag freastal ar chúrsa lánaimseartha oideachais, go bhfuil sé nó sí idir 18 agus 22 bliana d'aois, agus nach bhfuil cónaí air nó uirthi leis an gcaomhnóir nó faoina c(h)úram.
Féadfaidh an íocaíocht seo a bheith ranníocach agus bunaithe ar na híocaíochtaí ÁSPC a rinne an tuismitheoir, nó féadfaidh siad a bheidh neamh-ranníocach agus ag braith ar thástáil acmhainne.
Ní féidir leat ach ceann amháin díobh seo a leanas a éileamh:
D'fhéadfá a bheith i dteideal Deontas Méala a fháil.
Ní féidir leat íocaíocht chaomhnóra agus liúntas cúraim altrama a fháil.
Glactar leis go bhfuil leanbh ina dhílleachta:
Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach)
Tá an dílleachta i dteideal Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) a
fháil má d'oibrigh ceachtar dá t(h)uismitheoir uair ar bith agus má tá
ranníocaíochtaí ÁSPC déanta aige nó aici ar feadh 26 seachtaine. Is
féidir é seo a íoc le dílleachta atá ina c(h)ónaí sa stát nó thar lear
agus níl aon tástáil acmhainne i gceist. Is leis an gcaomhnóir a dhéantar
an íocaíocht go dtí go mbíonn 18 bliana slán ag an leanbh nó go dtí a
22ú breithlá má tá sé nó sí ar chúrsa oideachais lán aimseartha.
Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach)
Is íocaíocht neamh-ranníocach é seo do leanaí nach bhfuil i dteideal
íocaíocht ranníocach a fháil. Is í acmhainn an linbh a thástáltar don
íocaíocht seo. Is leis an gcaomhnóir a dhéantar an íocaíocht go dtí go
mbíonn 18 bliana slán ag an leanbh nó go dtí a 22ú breithlá má tá sé
nó sí ar chúrsa oideachais lán aimseartha.
Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach) agus
gnáth-chónaí
Ó 1 Bealtaine 2004 i leith ní mór go mbeidh "gnáth-chónaí" ort in Éirinn
d'fhonn cáiliú d'Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach) Faigh amach
tuilleadh faoi ghnáth-chónaí.
Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach) agus Rialacha an
AE
Ó 5 Bealtaine 2005 sásóidh saoránaigh de chuid an AE atá fostaithe nó
féinfhostaithe in Éirinn critéir an ghnáth-chónaithe chun cáiliú don
Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach).
Pinsean Dílleachta faoi Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde
Is féidir pinsean dílleachtaí beagán níos airde a íoc faoi Scéim na
Sochar Gortuithe Ceirde más rud é:
Níl aon tástáil acmhainne i gceist maidir leis an sochar seo, agus níl aon riachtanas ann maidir le híocaíochtaí ÁSPC chomh fada is a rinneadh íocaíocht seachtaine amháin ÁSPC.
Is é €161 (ó Eanáir 2012) in aghaidh na seachtaine an Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach). Is é €161 (ó Eanáir 2012) in aghaidh na seachtaine an Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach) freisin ach ní mór tástáil acmhainne a dhéanamh le féachaint an bhfaighidh tú an méid iomlán.
Ó Eanáir 2012 i leith is é €164.80 an pinsean dílleachta atá
iníoctha faoin Scéim um Shochar Gortuithe Ceirde.
Íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais GP1(pdf). Féadfaidh tú foirm iarratais a fháil freisin i ngach oifig poist.
Department of Social Protection
Oifig Sheirbhísí Pinsin
Bóthar an Choláiste
Sligeach
Sligo
Ireland
Lóghlao:1890 500 000
Is féidir leat ríomhphost don Rannóg íocaíocht chaomhnóra a sheoladh tríd an fhoirm fhiosraithe daingnithe Íocaíocht Chaomhnóra (Ranníocach) nó fhoirm fhiosraithe daingnithe Íocaíocht Chaomhnóra (Neamh-Ranníocach) a úsáid.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.