Má bhí tú ag brath ar do pháiste go hiomlan nó don chuid is mó i gcomhair tacaíocht airgeadais, d'fhéadfá a bheith i dteideal Pinsin Thuismitheora Cleithiúnach má chailltear do pháiste mar thoradh ar thimpiste nó eile ag baint leis an obair nó agus é/í ag fáil Pinsean Míthreorach. D'fhéadfadh an pinsean seo a bheith laghdaithe go mór má bhí do pháiste pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta.
D'fhéadfá freisin a bheith i dteideal sochair eile nó Deontas Báis. D'fhéadfá a bheith i dteideal Liúntas Breosla. Má tá tú 66 bliana d'aois nó níos mó beidh tú i dteideal Saor Thaisteal. D'fhéadfá a bheith i dteideal Pacáiste Sochar Teaghlaigh nó cárta leighis (ó do FSS áitiúil).
D'fhéadfadh tuismitheoir nó tuismitheoirí dhuine básaithe a bheith i dteideal Pinsin Thuismitheora Cleithiúnach má bhí sé/ sí nó iad á gcothú go hiomlán nó don chuid is mó ag an té a cailleadh agus gur cailleadh an té sin mar thoradh ar:
Rátaí í 2012
Muna raibh an té a cailleadh pósta ná i bpáirtnéireacht shibhialta
An chéad tuismitheoir (faoi 66 bliana d'aois): €218.50
An chéad tuismitheoir (ós cionn 66 bliana d'aois): €234.70
An chéad tuismitheoir (80 bliana d'aois nó níos sine ná sin): €244.70
Braitheann méid an phinsin ar stádas singil, pósta nó i bpáirtnéireacht shibhialta an té a cailleadh.
Ba chóir duit éileamh ar aon íocaíocht faoin Scéim Sochair Báis a dhéanamh laistigh de 3 mhí tar éis dáta an bháis. Mura ndéanfá, d'fhéadfá roinnt sochair a chailleadh.
Comhlánaigh an fhoirm iarratais OB61 (pdf) atá ar fáil ag gach oifig an phoist. Seol an fhoirm comhlánaithe chuig an Rannóg Sochar Míthreorach thíos.
Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire
Teil:(043) 334 0000
Lóghlao:1890 927 770
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.