Print Page Send to a Friend

Deontais méala

Eolas

Tá trí chineál deontas ann a d'fhéadfadh bheith íoctha nuair a fhaigheann duine bás.

Íocaíocht aon uair amháin é Gnáthdheontas Méala a íoctar i dtaobh báis. Ní bhaineann teidlíocht an deontais seo le bheith in ann íoc as an tsochraid. Tá sé bunaithe ar ranníocaíochtaí ÁSPC - ceachtar iad atá agat nó atá ag an duine a fuair bás.

Chomh maith (ag brath ar do chúinsí) d’fhéadfadh sé go mbeadh tú in ann iarratais a dhéanamh ar íocaíochtaí eile leasa shóisialaigh., Mar shampla; Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh do bhaintreacha fir/mná nó páirtnéirí sibhialta marthanacha a bhfuil páistí cleithiúnacha acu. D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh tú i cáilithe (faoin scéim um Shochair Ghortaithe Saothair) Deontas Speisialta Sochraide.

Rataí

Íocaíocht de €850 é Deontas Méala. Íoctar an deontas go hiondúil leis an duine atá freagrach as bille na sochraide a íoc. (Mar shampla, is féidir an deontas a íoc le fear céile, bean chéile, páirtnéir sibhialta ionadaí pearsanta nó neasghaol an duine atá básaithe).

Chomh maith leis an Deontas Méala, d'fhéadfadh sé go mbeadh tú i dteideal an Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh de €6000 do bhaintreacha fir/mná nó páirtnéirí sibhialta marthanacha le páistí cleithiúnacha.

D'fhéadfadh sé freisin go mbeadh tú i dteideal (faoin scéim um Shochair Ghortaithe Saothair) Deontas Speisialta Sochraide.

Íoctar an deontas i seic.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 6 May 2011

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Sochair agus teidlíochta tar éis báis
    Soláthraíonn an doiciméad seo forbhreathnú ar na sochair leasa shóisialaigh atá ar fáil nuair a fhaigheann duine bás.
  • Deontas Speiseálta Sochraide
    An Deontas Speisealta Sochraide atá ar fáil faoin Scéim Gortuithe Ceirde od chleithiúnaithe dhuine a chailltear mar thoradh ar thimpist nó galar ceirde.
  • Scéim na Sochair Gortuithe Ceirde - Ginearálta
    Soláthraíonn an scéim Sochair Gortuithe Ceirde raon sochar d'fhostaithe má tá siad gortuithe nó neamhábalta chun na hoibre de bharr timpiste le linn na hoibre nó fad is a bhí siad ag taisteal chuig/ón obair. Liosta sochar sa scéim.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.