D'fhéadfadh tacaíocht airgeadais a bheith uait tar éis méala. Soláthraíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí áirithe aon uair amháin chun cabhrú le teaghlaigh i rith na tréimhse deacra seo. Tá an t-ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí (a tugadh an tOifigeach Leasa Pobail air roimhe seo)ag deileáil leis araon na híocaíochtaí seo.
Caithfidh méid áirithe ranníocaíochtaí ÁSPC a bheith íoctha agat chun go mbeifeá i dteideal íocaíochtaí leasa shóisialaigh áirithe. D'fhéadfá a bheith i dteideal íocaíochtaí eile, lena n-áirítear íocaíochtaí atá láimhseáilte ag an t-ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí, má shásaíonn tú tástáil acmhainne nó má tá géarghá ort. Cuirtear teorainneacha ama i bhfeidhm, mar sin is ceart cur isteach air chomh luath agus is féidir.
Níltear ag súil go n-eagróidh tú gach rud láithreach bonn, ach más rud é go raibh an duine éagtha ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh nó go raibh tú ag éileamh mar chleithiúnaí ar a son nó go raibh tú ag fáil Liúntas Cúramóra chun aire a thabhairt dóibh, tá sé tábhachtach an bás chur in iúl don Roinn Coimirce Sóisialaí laistigh den chéad chúpla lá tar éis an bháis.
Ní stopfar an íocaíocht chomh luath agus a chuirtear an Roinn ar an eolas. Go minic, leanfar den sochar sin a íoc go ceann tréimhse 6 seachtaine tar éis dáta an bháis leis an gcéile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir nó tuismitheoir nó cúramaí.
Is féidir cúnamh a fháil chun íoc as costas na sochraide. Íocaíocht aon uair amháin is ea an Deontas Méala. Ní bhaineann an deontas seo le d'acmhainn íoc as an sochraid; tá sé bunaithe ar na ranníocaíochtaí ÁSPC. Is íocaíocht aon uair amháin é an Deontas Baintreachais nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh a íoctar le baintreacha, baintreacha fir nó páirtnéirí sibhialta marthanacha le leanaí cleithiúnacha. Tugadh Deontas Tuismitheora Baintrí/Baintrí Fir roimhe seo.
Má fhaigheann duine bás mar gheall ar thimpiste sa láthair oibre, tá Deontas Sochraide ar fáil faoi Scéim na Sochar Gortuithe Ceirde. Íoctar an deontas speisialta sochraide seo in áit an Deontais Mhéala.
Pé acu, má tá tú nó mura bhfuil tú i dteideal deontas thuas, tá seans ann go bhfuil tú i dteideal na hÍocaíochta do Riachtanais Eisceachtúla chun cabhrú le híoc as costais na sochraide má tá tú ar ioncam íseal. Socraítear gach cás ar a thuillteanas. B'fhearr le d'ionadaí Roinne Coimirce Sóisialaí go gcuirfeá isteach air roimh an tsochraid, ach go hiondúil cuireann an formhór isteach air ina diaidh.
Go minic, níl íocaíocht nó deontas iníoctha go dtí go bhfaightear an cháipéisíocht iomchuí ar fad. Má tá tú ag éileamh an deontais, tusa atá freagrach as teastais, cáipéisí, nó aon fhaisnéis riachtanach a sholáthar, mar shampla,
Más rud é go raibh tú i do chónaí le nó go raibh tú mar chleithiúnaí an duine éagtha, tá seans ann go n-athróidh aon sochair nó íocaíochtaí a fhaigheann tú faoi láthair, nó go bhféadfaidh tú sochair bhreise a éileamh. Ag brath ar d'ioncam agus cúinsí, féadfaidh tú a bheith i dteideal íocaíochta leasa shóisialaigh as do cheart féin, mar shampla:
D'fhéadfá a bheith incháilithe don Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) agus do shochair leasa shóisialaigh a bhaineann leis má tá go leor ranníocaíochtaí ÁSPC agat nó ag do chéile éagtha. Tugadh Pinsean Ranníocach Baintrí/Baintrí Fir roimhe seo.
Íoctar an Pinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Neamh-Ranníocach) le daoine nach bhfuil incháilithe don phinsean ranníocach agus a shásaíonn tástáil acmhainne. Tugadh Pinsean Neamh-Ranníocach Baintrí/Baintrí Fir roimhe seo.
Íoctar Íocaíocht Chaomhnóra le caomhnóir an linbh go dtí go mbíonn 18 bliana slán ag an leanbh nó go dtí a 22ú breithlá má tá sé nó sí ar chúrsa oideachais lánaimseartha.
Féadfaidh tú a bheith incháilithe i gcomhair Íocaíochta do Theaghlach Aontuismitheora más tuismitheoir aonair tú mar thoradh ar bhás do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir. Má tá tú incháilithe do Phinsean Baintrí, Baintrí Fir nó Páirtnéara Shibhialta Mharthanaigh (Ranníocach) chomh maith, beidh ort socrú ar cé acu is mó tairbhe duit mar ní bhfaighidh tú an dá cheann.
Sa chás ina bhfuil tuismitheoir mar chleithiúnaí a pháiste, íoctar an Pinsean Tuismitheora Chleithiúnaigh le tuismitheoir má fhaigheann a pháiste bás mar thoradh ar ghalar nó timpiste a tharla mar gheall ar a chuid oibre.
Féadann deacrachtaí airgeadais teacht le méala. Cuireann an Scéim Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh tacaíocht airgeadais ar fáil do dhaoine ar ioncam íseal. Féadfaidh tú bheith i dteideal forlíonadh seachtainiúil a fháil faoin scéim chun riachtanais speisialta áirithe a shásamh, mar shampla, forlíonadh le cíos agus ús morgáiste, le haistí bia ar oideas agus le costais breosla. Ina theannta sin, féadfar íocaíochtaí i gcás riachtanais phráinneacha nó eisceachtúla a dhéanamh.
Tá rialacha faoi leith faoi chúrsaí cánach i mbliain an bháis, mar shampla, b'fhéidir go bhfuil aisíoc cánach le n-íoc. Tá creidmheasanna breise chomh maith do thuismitheoirí sna blianta i ndiaidh báis an chéile nó pháirtnéir sibhialta Tá tuilleadh eolais anseo faoi cháin i mbliain an bháis agus sna blianta i ndiaidh an bháis.
Chun do theidlíochtaí a sheiceáil, déan teagmháil leis an oifig áitiúil leasa shóisialaigh is gaire duit nó an t-Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit. Is féidir leat glaoch chomh maith ar an tSeirbhís Teileafóin um Fhaisnéis do Shaoránaigh ar lóghlao 1890 777 121.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.