Na híocaíochtaí do chúramóirí

Eolas

D'fhéadfadh go mbeadh cúramóirí i dteideal tacaíochtaí éagsúla a fháil ón Roinn Coimirce Sóisialaí. Má dhéanann tú cúram baile de dhuine fásta nó leanbh atá faoi mhíchumas, d'fhéadfá cáiliú chun íocaíocht cúramóra a fháil. Tá dhá phríomhíocaíocht leasa shóisialaigh ann do chúramóirí atá ag tabhairt aire lánaimseartha do dhuine agus is iad sin Liúntas Cúramóra agus Sochar Cúramóra. D'fhéadfá a bheith i dteideal an Deontas Cúraim Faoisimh bliantúil a fháil chomh maith.

Is íocaíocht ghearrtéarmach é an Sochar Cúramaí. Íoctar é ar feadh suas le 24 mí le daoine a fhágann an fórsa saothair chun cúram lánaimseartha a dhéanamh de dhuine a bhfuil cúnamh agus aire lánaimseartha de dhíth air/uirthi. Tar éis bliain amháin oibre, tá sé de rogha ag fostaithe Saoire Chúramóra gan pá a thógáil chun cúram lánaimseartha a thabhairt do dhuine atá i ngátar cúraim agus d'fhéadfadh sé/sí bheith i dteideal an Sochar Cúramóra a fháil i rith na tréimhse seo. Íoctar Sochar Cúramóra do gach duine a bhfuil tú ag tabhairt aire dóibh. Mura gcáilíonn tú le haghaidh Sochar Cúramóra, d'fhéadfá cáiliú chun Liúntas Cúramóra a fháil.

Is íocaíocht é an Liúntas Cúramóra do dhaoine a dhéanann cúram ar bhonn lánaimseartha de dhuine atá i ngátar cúraim agus a bheidh i ngátar cúraim ar feadh 12 mhí ar a laghad. Ní mór duit tástáil acmhainne agus an coinníoll gháthchónaí a shásamh. Má fhaigheann tú íocaíochtaí leasa sóisialta áirithe agus tá cúram lán-aimseartha á sholáthar agat do dhuine eile, is féidir leat do phríomhíocaíocht leasa sóisialta a choinneáil agus Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil chomh maith.

Nuair atá an duine atá faoi chúram faoi 16 bliana d'aois caithfidh go bhfuil Liúntas Cúram Baile á íoc ar a shon/son sula mbeidh sé/sí incháilithe do Liúntas Cúramóra. Má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra tá tú i dteideal Pas Saorthaistil a fháil.

Íocaíocht mhíosúil é Liúntas Cúram Baile a dhéantar le cúramóir linbh a bhfuil míchumas trom air agus a bhfuil ina chónaí sa bhaile. Nuair a bheidh an 16 bliana slán ag do pháiste, féadann sé/sí a bheith incháilithe do Liúntas Míchumais. Má tá tú ag tabhairt cúraim agus aire ar bhonn lánaimseartha dó/di leanfar den íocaíocht cúramóra a íoc leat.

Is íocaíocht bhliantúil é an Deontas Cúraim Faoisimh. Íoctar é le cúramóirí atá 16 bliana d'aois nó mó agus a thugann aire ar bhonn lánaimseartha ar feadh 6 mhí ar a laghad in aghaidh na bliana. Ní mór an chéad Déardaoin i Meitheamh a chur san áireamh sa tréimhse seo áfach. Tá sé de rogha agat dul i mbun fostaíochta lasmuigh den teach ar feadh roinnt uaireanta in aghaidh na seachtaine. Íoctar an Deontas Cúraim Faoisimh do gach duine atá faoi chúram. Má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra nó Sochar Cúramóra, ní gá iarratas a chur isteach do Dheontas, íocfar é go huathoibríoch i Meitheamh. Má tá Liúntas Cúram Baile agat, íocann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte an deontas. Tugann Cúram Faoisimh seans don chúramóir saoire a ghabháil ón gcúram atá a thabhairt aige/aici.

Faoin Scéim Déantóirí Baile, má fhágann tú an fórsa saothair chun cúram lánaimseartha a thabhairt do leanbh faoi 12 bhliain d'aois, do leanbh míchumasaithe nó do dhuine fásta, féadfaidh tú a chur faoi deara go ndéanfar neamhshuim de na blianta sin nuair atá an meánlíon bliantúil á ríomh chun críche Pinsin Seanaoise (Ranníocach).

Má tá tú ag tabhairt aire do leanbh cleithiúnach féadann tú a bheith i dteideal Creidiúint Chánach Cúramóra Baile. Má fhostaíonn tú cúramóir, féadann tú a bheith i dteideal liúntas cánach i gcomhair cúramóir a fhostú do dhuine míchumasaithe.

Tuilleadh eolais

Cuireann roinnt eagraíochtaí tacaíocht agus comhairle ar fáil do chúramóirí.

Family Carers Ireland

Market Square
Tullamore
Offaly
Ireland

Teil: (057) 932 2920
Láithreán Gréasáin: http://www.familycarers.ie
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 14 Eanáir 2020