Liúntas Cúramóra leath-ráta

Réamhrá

Má fhaigheann tú íocaíochtaí leasa sóisialta áirithe agus tá cúram lán-aimseartha á sholáthar agat do dhuine eile, is féidir leat do phríomhíocaíocht leasa sóisialta a choinneáil agus Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil chomh maith.

Ma tá tú i gceann de na staideanna a leanas féadtar go mbéifeá incháilthe anois do Liúntas Cúramóra leath-ráta:

  • Faigheann tú Liúntas Cúramóra cheana féin ach comhlíonann tú na critéir cháilithe d'íocaíocht leasa sóisialta eile.
  • D'athraigh tú ó íocaíocht leasa sóisialta eile go Liúntas Cúramóra
  • Tá cúram á thabhairt agat do dhuine éigin agus tá éileamh á dhéanamh ar do shon ag céile/páirtnéir sibhialta/comhchónaitheoir
  • Tá íocaíocht leasa sóisialta á fáil agat seachas Liúntas Cúramóra agus tá cúram á thabhairt agat do dhuine éigin

Má fhaigheann tú Liúntas Cúramóra cheana féin

Ma fhaigheann tú Liúntas Cúramóra agus comhlíonann tú na critéir cháilithe fosta maidir le híocaíocht leasa sóisialta eile (mar shampla Pinsean Stáit) ba chóir duit iarratas a chur isteach ar an íocaíocht eile. Ma tá tú incháilithe don íocaíocht eile íocfar duit ina iomláine í agus coinneoidh tú leath do Liúntais Cúramóra chomh maith. (Chun liosta íocaíochtaí leasa sóisialta atá iníoctha le Liúntas Cúramóra -feach 'Rialacha' thíos.)

Ma fhaigheann tú Liúntas Cúramóra faoi láthair agus tá íocaíocht leasa sóisialta eile á éileamh ag do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir (mar shampla, Liúntas Cuardaitheora Poist), is féidir le do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir méadú ina íocaíocht leasa sóisialta a éileamh ar do shonsa mar dhuine fásta cáilithe agus déanfar do Liúntas Cúramóra á laghdú faoi 50%. Ní féidir seo a dhéanamh ach amháin le do comhthoil ach féadtar go ndéanfadh sé d'ioncam teaghlaigh iomlán a mhéadú.

Más rud é gur athraigh tú ó íocaíocht leasa sóisialta eile go Liúntas Cúramóra

Más rud é go raibh tú ar íocaíocht leasa sóisialta eile roimh Liúntas Cúramóra a éileamh, féadtar go n-athchuirfear do bhuníocaíocht agus go bhfaighfidh tú Liúntas Cúramóra leath-ráta, má leanann tú coinníollacha don dá scéim a chomhlíonadh. (Chun liosta íocaíochtaí leasa sóisialta atá iníoctha le Liúntas Cúramóra - féach 'Rialacha' thíos)

Más rud é go bhfuil cúram á thabhairt agat do dhuine éigin agus tá éileamh á dhéanamh ar do shon mar dhuine fásta atá ag brath ar íocaíocht leasa sóisialta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir

Má tá éileamh á dhéanamh ar do shon mar dhuine fásta cáilithe ar íocaíocht leasa sóisialta do chéile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaitheoir agus tá cúram lán-aimseartha á thabhairt agat do dhuine eile, is féidir leat iarratas a chur isteach ar Liúntas Cúramóra anois agus do Mhéadú le haghaidh Duine Fásta Cáilithe a choinneáil ina iomláine.

Má tá íocaíocht leasa sóisialta á fáil agat (seachas Liúntas Cúramóra) agus tá cúram á thabhairt agat do dhuine éigin

Má tá ceann de na íocaíochtaí leasa sóisialta á fháil agat atá iníoctha anois le Liúntas Cúramóra (féach 'Rialacha' thíos) agus tá cúram á thabhairt agat do dhuine éigin, is féidir leat d'íocaíocht leasa sóisialta a choinneáil agus a bheith incháilthe do Liúntas Cúramóra leath-ráta.

Rialacha

Caithfidh tú critéir cháilithe do Liúntas Cúramóra a chomhlíonadh. Mar shampla, caithfidh an duine dá bhfuil cúram á thabhairt a bheith chomh éagumasaithe ná go bhfuil cúram agus aird lán-aimseartha riachtanach agus caithfidh tú tástáil mhaoine a chomhlíonadh. Léigh anseo chun tuilleadh eolais a fháil faoi na critéir cháilithe do Liúntas Cúramóra.

Má chomhlíonann tú na critéir do Liúntas Cúramóra dámhfar é ag 50% den ráta a bheadh infheidhmithe muna mbeadh aon íocaíocht eile á fáil agat. Beidh tú incháilithe fosta don Deontas Tacaíochta do Chúramóirí, Pacáiste Sochar Teaghlaigh agus Pas Saorthaistil.

Déantar neamhaird den Liúntas Cúramóra ar leathráta sa tástáil acmhainne don Liúntas Breosla.

Is féidir leat Liúntas Cúramóra a fháil chomh maith leis na híocaíochtaí leasa sóisialta seachtainiúla a leanas:

Ní féidir leat Liúntas Cúramóra a fháil leis na híocaíochtaí leasa sóisialta seachtainiúla a leanas:

Ní féidir leat Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) nó Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) agus Liúntas Cúramóra leath-ráta a fháil mar caithfidh tú a bheith ag cuardach fostaíochta go gníomhach agus a bheith ábalta fostaíocht a ghlacadh le bheith incháilithe do SCP agus LCP. Féadtar go mbéifeá incháilithe do Líuntas Cúramóra leath-rata má tá SCP nó LCP á fháil ag do cheile/pháirtnéir sibhialta/chomhchónaithe agus tá éileamh á dhéanamh ar do shon mar chleithiúnaí fásta cáilithe.

Rátaí

Má chomhlíonann tú na critéir do Liúntas Cúramóra dámhfar é ag 50% den ráta a bheadh infheidhmithe muna mbeadh aon íocaíocht eile á fáil agat.

Íocfar aon mhéadú lena mbeidh tú i dteideal, mar shampla méadú do pháiste spleách, as bheith i do chónaí i d'aonair nó ar oileán amach ón chósta, le do phríomhíocaíocht leasa sóisialta agus ní íocfar leis an Liúntas Cúramóra leath-ráta é.

Rataí uasmhéid Liúntas Cúramóra leath-ráta 2024

Liúntas Cúramóra leath-ráta

Faoi 66 bliana d'aois

66 bliana d'aois agus níos sine

Ag tabhairt cúraim do dhuine amháin

€124

€143

Ag tabhairt cúraim do bheirt nó níos mó

€186

€214.50

Íocfar aon mhéadú lena mbeidh tú i dteideal, mar shampla méadú do pháiste spleách, as bheith i do chónaí i d'aonair nó ar oileán amach ón chósta, le do phríomhíocaíocht leasa sóisialta agus ní íocfar leis an Liúntas Cúramóra leath-ráta é.

Athrú imthosca

Leanann Liúntas Cúramóra Leathráta ar aghaidh ar feadh tréimhse 12 sheachtain má ghluaiseann an duine atá faoi chúram go cúramach i gcúram cónaithe nó teach altranais. Ní mór duit dul i dteagmháil le Rannóg an Liúntais Chúramóra le dáta an aistrithe buan.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní scéim nua an Liúntas Cúramóra Leath-ráta Cuirtear iarratas isteach ar an fhoirm chaighdeánach Liúntais Cúramóra

Íoslódáil foirm iarratais do Liúntas Cúramóra (pdf) nó déan teagmháil le d'oifig Leasa Sóisialta áitiúil chun cóip den fhoirm seo a fháil.

Seol an fhoirm chomhlánta leis na teastais ábhartha chuig Rannóg an Liúntais Chúramóra ag an Roinn Coimirce Sóisialaí - féach an seoladh thíos.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Rannóg an Liúntais Cúramóra

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil: (043) 334 0000 or 0818 927 770
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 10 Eanáir 2024