Má tá tú ag filleadh ar an oideachas agus má bhí íocaíocht leasa shóisialaigh á fail agat, d’fhéadfá cáiliú don Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas nó don scéim deontas mac léinn ag brath ar do chuid cúinsí. Ní féidir (i dtromlach na gcásanna) an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas agus deontas iomlán mac léinn a fháil i gcomhthráth.
Má tá Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora, Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta, á fáil agat, beidh ort a dheimhniú an mbeidh sé níos fiúntaí duit aistriú chuig an LFO nuair a fhilleann tú ar an oideachas nó fanacht ar d’íocaíocht reatha agus iarratas a dhéanamh ar dheontas mac léinn. Má tá Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, ní mór duit aistriú chuig an LFO más mian leat íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád nuair a fhilleann tú ar an oideachas.
Tugtar breac-chuntas sa cháipéis seo ar do chuid roghanna.
Cabhraíonn an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (LFO) le daoine ag a bhfuil íocaíochtaí áirithe leasa shóisialaigh á bhfáil chun íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil fad a bhíonn siad rannpháirteach i gcúrsaí ceadaithe lánaimseartha sa bhreisoideachas agus san ardoideachas. Íoctar liúntas seachtainiúil le daoine atá rannpháirteach sa scéim LFO atá den luach céanna agus an t-uasráta caighdeánach den íocaíocht leasa shóisialaigh a bhí á fáil acu sular thosaigh siad a gcúrsa. Ina theannta sin, tá rannpháirtithe i dteideal Liúntas bliantúil Costais Oideachais (ar a dtugtar deontas leabhar chomh maith) €500 a íoctar ag tús gach bliana acadúla. Fógraíodh athruithe i mBuiséad 2012 ar an Liúntas Costais Oideachais. Tiocfaidh laghdú ar an Liúntas Costais Oideachais ó €500 go dtí €300 in 2012.
Is féidir le mic léinn atá ag tabhairt faoi chúrsaí fochéime/iarchéime oideachais lánaimseartha agus faoi Chúrsaí Teastas Iar-Ardteistiméireachta (PLCanna) tacaíocht airgeadais a fháil tríd an Scéim Deontas Mac Léinn a ndéantar tástáil mhaoine ina leith. Is athraitheach do rátaí an deontais do mhic léinn incháilithe de réir líon tosca, lena n-áirítear ioncam teaghlaigh, méid an teaghlaigh agus cibé acu an bhfuil coláiste an mhic léinn i ngar dá (h)áit chónaithe nó nach bhfuil.
Tá dhá chomhábhar sa scéim – deontas cothabhála agus deontas táillí. Ranníocaíocht i dtreo costais mhaireachtála an mhic léinn is ea an deontas cothabhála, agus is féidir leis an deontas táillí íoc as aon cheann de na 3 ghné a leanas: táillí teagaisc, ranníocaíocht na mac léinn agus costas turais ríthábhachtacha allamuigh.
Go ginearálta, má cháilítear thú do dheontas cothabhála, beidh tú incháiltihe freisin do pé gnéithe de dheontas táillí a bhaineann le do chás.
Ó bhliain acadúil 2010/2011 ar aghaidh, ní féidir leat deontas cothabhála agus LFO nó liúntas SDOG a fháil le chéile.
Eisceachtaí: Má bhí an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas á fháil agat agus an deontas cothabhála mac léinn ag tús bhliain acadúil 2010, leanfaidh tú de bheith incháilithe don dá íocaíocht d’fhad iomlán do chúrsa reatha.
Má chríochnaigh tú cúrsa agus más mian leat anois dul ar aghaidh chun cúrsa ar leibhéal níos airde a dhéanamh, is féidir leat leanúint agus d'íocaíocht LFO a choimeád (go ginearálta a fhad le leibhéal 8 agus é sin san áireamh ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí). Ní bheidh tú i dteideal an comhábhar cothabhála den deontas a fháil a thuilleadh, áfach. Is féidir leat iarratas a dhéanamh faoin scéim deontais go n-íocfar an ranníocaíocht mac léinn agus aon táillí mac leinn/chostais turas allamuigh ar do shon faoin gcomhábhar saor den deontas mac léin (má cháilítear thú).
Is ann d’eisceacht amháin den chur chuige ginearálta: má tá LFO agus cothabháil araon á bhfáil agat, agus más mian leat dul ar aghaidh, gan sos a thógáil den staidéar, ó Ghnáthchéim Leibhéal 7 chuig Céim Onórach bhreise Leibhéal 8, is féidir leat leanúint agus LFO agus deontas cothabhála araon a fháil don bhliain breise.
Má tá LFO á fháil agat, ní cháilítear thú don chomhábhar cothabhála den deontas mac léinn, ach is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas táillí le híoc as an ranníocaíocht mhac léinn agus as aon táillí teagasc cúrsa nár íocadh cheana faoin Scéim Táillí In Aisce. Ina theannta sin, is féidir íoc as costais tuaras ríthábhachtach allamuigh faoi dheontas táillí.
Tabhair faoi deara, le do thoil, seans nach gcáileofaí daoine ag a bhfuil LFO á fháil d'íocaíocht deontas táillí - mura sásáíonn siad téarmaí agus coinníollacha na scéime deontas mac léinn. Má tá LFO á fháil agat, agus más mian leat iarratas a dhéanamh go n-íocfaí as na táillí seo le deontas táillí, ba cheart duit foirm iarratais ar dheontas a chomhlánú chomh luath agus is féidir agus í a chur faoi bhráid d'údaráis áitiúil nó do Choiste Gairmoideachais (VEC).
Má tá cúrsa Iar-Ardteistiméireachta (PLC) á dhéanamh agat agus má tá LFO nó Liúntas SDOG á fháil agat, tá tú díolmhaithe ón muirear nua rannpháirtíocht mhac léinn (€200). B'fhéidir go mbeidh ort íoc as muirear cúrsa do leabhair, as táillí scrúduithe agus as costais eile.
Má tá Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora nó íocaíocht mhíchumais (Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta) á fáil agat, is féidir leat a roghnú chun fanacht agus d’íocaíocht reatha leasa shóisialaigh á fáil agat agus iarratas a dhéanamh ar dheontas cothabhála mac léinn nó is féidir leat a roghnú chun aistriú chuig an LFO. Beidh gá ort a dheimhniú an mbeidh sé níos tairbhiúla duit aistriú chuig an LFO nuair a fhilleann tú ar an oideachas nó fanacht le d'íocaíocht reatha a fháil agus iarratas a dhéanamh ar dheontas mac léinn. Tá tuilleadh faisnéise ar an dá rogha seo ar fáil thíos.
Ma tá Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat, ní shásóidh tú coinníollacha d’íocaíochta a thuilleadh má fhilleann tú ar an oideachas (ós rud é gur gá duit fáil bheith ort le hoibriú agus bheith ag lorg oibre). Ciallaíonn seo nach mór duit aistriú chuig an LFO más mian leat íocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád nuair a fhilleann tú ar an oideachas – féach ‘Daoine a fhaigheann Liúntas nó Sochar Cuardaitheora Poist’ thíos.
Má aistríonn tú chuig LFO:
Má tá cárta leighis agat, beidh tú i dteideal é a choimeád fad atá LFO á fháil agat.
Má leanann tú ar aghaidh agus d'Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora, Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta á fháil:
Má tá cárta leighis agat, tá tú i dteideal é a choimeád ar feadh tréimhse 3 bliana ón dáta iontrála isteach in oideachas lán-aimseartha, agus déanfar athmheasúnú ort dá éis sin.
Má tá an Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora á fáil agat, d’fhéadfadh athruithe ar do chúinsí teaghlaigh difear a dhéanamh do do theidlíocht don íocaíocht (mar shampla, mura gcónaíonn leanbh leat a thuilleadh nó má ghabhann an leanbh thar an aoisteorainn). Má aistríonn tú chuig LFO, beidh d’íocaíocht faoi ráthaíocht ar feadh fhad do chúrsa. Ba cheart duit aon athruithe dá samhail sin a chur san áireamh agus do thacaíocht ioncaim á pleanáil agat le linn do chúrsa.
Má tá Liúntas Cuardaitheora Poistobseeker's (LCP) nó Sochar Cuardaitheora Poist (SCP) á fháil agat, ní mór duit aistriú chuig LFO le híocaíocht leasa shóisialaigh a choimeád (lena n-áirítear sochair thánaisteacha) le linn oideachas lánaimseartha. Is í an chúis atá leis seo nach féidir leat fáil dhílis bheith ort d’obair nó chun fostaíocht a lorg agus tú ag tabhairt faoi oideachas lánaimseartha.
Má cháilítear thú don Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas, is féidir leat do theidlíocht a chomeád i leith aon sochair thánaisteacha atá agat cheana féin, mar shampla, Liúntas Breosla, Forlíonadh Cíosa agus Forlíonadh Ús Mórgáiste. Ní dhéanfaidh obair íoctha aon difear do d’íocaíocht LFO ach d’fhéadfadh aon ioncam breise difear a dhéanamh do do shochair thánaisteacha.
A luaithe a aistríonn tú ó LCP no SCP chuig an LFO, níl tú i dteideal an comhábhar cothabhála den deontas mac léinn a fháil ach is féidir leat iarratas a dhéanamh ar dheontas táillí – a íocfaidh as ranníocaíocht an mhic léinn, as turas allamuigh agus as táillí (más iníoctha dóibh) agus leas a bhaint as an bhfoirm iarratais ar an deontas mac léinn. Ba cheart é seo a dhéanamh a luaithe is féidir.
Sa mhullach air sin, is féidir leat Liúntas Costais Oideachais a fháil do gach bliain acadúil de do chlár.
Leagadh amach na cás-staidéir seo a leanas chun léiriú níos fearr a thabhairt ar na roghanna atá ar fáil do dhaoine atá ar chineálacha éagsúla íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le gach rogha díobh.
A: Tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agam agus táim ag tosú ar chúrsa lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais:
Ní féidir leat Liúntas Cuardaitheora Poist a fháil agus tú ag freastal go lánaimseartha ar oideachas. Má tá Liúntas Cuardaitheora Poist á fháil agat ba cheart duit cur isteach ar an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (LFO). Má tá tú incháilithe gheobhaidh tú LFO ar an ráta céanna agus uasráta an Liúntais Chuardaitheora Poist agus féadfaidh tú aon sochair thánaisteacha a bhíodh agat a choinneáil. Má athraíonn tú ó ráta laghdaithe Liúntais Chuardaitheora Poist go ráta uasta an Liúntais sin d’fhéadfadh sé tionchar a bheith aige ar an bhForlíonadh Cíosa nó ar an bhForlíonadh Ús Morgáiste atá á fháil agat. Ní bhfaighidh tú deontas cothaithe mar aon le LFO ach bheadh tú níos fearr as ó thaobh airgid de an LFO a fháil ná mar a bheifeá ag fáil an deontais chothaithe amháin. Gheobhaidh tú Liúntas Costais Oideachais, ar a dtugtar an deontas leabhar, gach bliain. Ní chuirfidh ioncam a thuilleann tú de thoradh fostaíochta le pá isteach ar do LFO ná ar do sochair thánaisteacha ach amháin i gcás Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste.
Beidh ort iarratas a dhéanamh fós chuig d’údarás áitiúil nó do Choiste Gairmoideachais le go ndéanfar measúnú ort i gcomhair na táille seirbhísí mac léinn agus na dtáillí teagaisc. Ba chóir duit d’iarratas a chur isteach láithreach.
B: Tá Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora á fháil agam agus táim ag tosú ar chúrsa lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais:
Tá dhá rogha agat má tá Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora á fháil agat agus caithfidh tú a dhéanamh amach cé acu a thabharfaidh an t-ioncam is airde duit.
1. Feadfaidh tú an Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora atá á fháil agat a choinneáil agus cur isteach ar dheontas cothaithe. Má thograíonn tú é sin a dhéanamh leanfaidh tú ort ag fáil na hÍocaíochta do Theaghlach Aon-Tuismitheora ar do ráta reatha agus d’fheadfá a bheith incháilithe chun deontas cothaithe a fháil. Caillfidh tú aon sochar tánaisteach atá á fháil agat, áfach, mar Fhorlíonadh Cíosa nó Fhorlíonadh Ús Morgáiste.
Más rud é go bhfuil tú ag teacht go deireadh do theidlíochta i leith na hÍocaíochta do Theaghlach Aon-Tuismitheora ba thairbhí duit LFO a bheith agat toisc go n-íocfar é sin ar feadh tréimhse an chúrsa.
2. D’fhéadfá aistriú ón Íocaíocht do Theaghlach Aon-Tuismitheora go dtí an LFO. Má thograíonn tú é sin a dhéanamh agus má tá tú incháilithe chun an LFO a fháil ní bhfaighidh tú aon deontas cothaithe ach gheobhaidh tú Liúntas Costais Oideachais (ar a dtugtar an deontas leabhar). Gheobhaidh tú an LFO ar an ráta céanna agus uasráta na hÍocaíochta do Theaghlach Aon-Tuismitheora agus féadfaidh tú aon sochar tánaisteach atá á fháil agat a choinneáil. Má athraíonn tú ó ráta laghdaithe Íocaíochta Teaghlaigh Aontuismitheora go dtí an ráta uasta d’fhéadfadh sé sin tionchar a bheith aige ar Fhorlíonadh Cíosa nó ar Fhorlíonadh Ús Morgáiste. Ní chuirfidh ioncam a thuilleann tú de thoradh fostaíochta le pá isteach ar do LFO ná ar do sochair thánaisteacha ach amháin i gcás Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste.
Beidh ort an fhoirm iarratas i gcomhair deontais chothaithe a úsáid chun iarratas a dhéanamh chuig d’údarás áitiúil nó chuig do Choiste Gairmoideachais chun go ndéanfar measúnú ort ó thaobh na táille seirbhísí mac léinn agus na dtáillí teagaisc. Ba chóir duit d’iarratas a chur isteach láithreach.
C: Tá Liúntas Míchumais á fháil agam agus táim ag tosú ar chúrsa lánaimseartha breisoideachais nó ardoideachais:
Tá dhá rogha agat má tá Liúntas Míchumais á fháil agat agus caithfidh tú a dhéanamh amach cé acu a chuirfidh an t-ioncam is airde ar fáil duit.
1. Feadfaidh tú an Liúntas Míchumais atá á fháil agat a choinneáil agus cur isteach ar dheontas cothaithe. Má thograíonn tú é sin a dhéanamh leanfaidh tú ort ag fáil an Liúntais Mhíchumais ar an ráta reatha. Caillfidh tú aon sochar tánaisteach atá á fháil agat, áfach, mar Fhorlíonadh Cíosa nó Fhorlíonadh Ús Morgáiste. D’fhéadfadh tionchar a bheith ag ioncam do thuismitheoirí ar méid an deontais chothaithe a gheobhaidh tú má tá tú i do chónaí sa bhaile. D’fhéadfá deontas cothaithe laghdaithe a fháil dá bharr, nó gan ach an Táille Sheirbhísí Mac Léinn a fháil, nó d’fhéadfá gan ceachtar acu a fháil ar chor ar bith.
2. Féadfaidh tú aistriú ón Liúntas Míchumais atá á fháil agat go dtí an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas (LFO). Má thograíonn tú é sin a dhéanamh agus má tá tú incháilithe chun an LFO a fháil ní bhfaighidh tú deontas cothaithe ach gheobhaidh tú Liúntas Costais Oideachais (ar a dtugtar an deontas leabhar). Gheobhaidh tú an LFO ar an ráta céanna agus uasráta an Liúntais Mhíchumais agus féadfaidh tú aon sochar tánaisteach atá á fháil agat a bheith agat i gcónaí. Má athraíonn tú ó ráta laghdaithe go ráta uasta an Liúntais Mhíchumais d’fhéadfadh sé sin tionchar a bheith aige ar an bhForlíonadh Cíosa nó ar an bhForlíonadh Ús Morgáiste. Ní chuirfidh ioncam a thuilleann tú de thoradh fostaíochta le pá isteach ar do LFO ná ar do shochair thánaisteacha ach amháin i gcás Forlíonadh Cíosa nó Forlíonadh Ús Morgáiste.
Beidh ort iarratas a dhéanamh fós chuig d’údarás áitiúil nó chuig do Choiste Gairmoideachais le go ndéanfar measúnú ort i gcomhair na táille seirbhísí mac léinn agus, nuair is cuí sin, i gcomhair na dtáillí teagaisc. Ba chóir duit d’iarratas a chur isteach láithreach.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.