Cuireann an Rogha Oideachais Páirtaimseartha ar do chumas do Liúntas Cuardaitheora Poist nó Sochar Cuardaitheora Poist a choinneáil agus freastal ar chúrsa oideachais nó oiliúna páirtaimseartha sa lá nó san oíche.
Ní mór duit leanúint ag comhlíonadh na gcoinníollacha i gcomhair Sochar Cuardaitheora Poist nó Liúntas Cuardaitheora Poist. Má fhaigheann tú tairiscint oibre agus tú ar an gcúrsa beifear ag súil go nglacfaidh tú leis an tairiscint sin.
Is scéim riaracháin í ROPA. Is féidir leat achomharc a dhéanamh ar chinneadh an Rogha Oideachais Páirtaimseartha a dhiúltú duit má tá an diúltú bunaithe ort a bheith ar fáil i gcomhair fostaíochta an t-am go léir.
Níl an Rogha Oideachais Páirtaimseartha mar an gcéanna leis an Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas ná an Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha.
Níl aon chritéir incháilitheachta ar leith ann don ROPA. Is féidir leat a bheith aois ar bith agus a bheith dífhostaithe ar feadh aon tréimhse sula dtosaíonn tú cúrsa oideachais páirtaimseartha.
Má tá tú ag fáil Liúntais Cuardaitheora Poist nó Sochair Cuardaitheora Poist is féidir leat an Rogha Oideachais Páirtaimseartha a ghlacadh agus leanúint ag fáil d’íocaíocht cuardaitheora poist. Ní mór dod’ Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh a bheith sásta gur dóigh go bhfeabhsóidh an cúrsa do sheans post a fháil.
Ní mór duit leanúint ag comhlíonadh na gcoinníollacha trína bheith ar fáil i gcomhair agus ag cuardach oibre. Má fhaigheann tú tairiscint oibre agus tú ar an gcúrsa beifear ag súil go nglacfaidh tú leis an tairiscint sin.
Is féidir leat páirt a ghlacadh i gcúrsa lae, cúrsa oíche nó cúrsa luath ar maidin páirtaimseartha, cúrsa cianoideachais nó cúrsa páirtaimseartha faoin Tionscnamh Filleadh ar Oideachas. I gcásanna áirithe, glacfar le cúrsaí páirtaimseartha a ritear i rith gnáth lá oibre, mar shampla, cúrsaí faoin Tionscnamh Filleadh ar Oideachas.
Tá rogha leathan ábhar ar fáil faoin Tionscnamh Filleadh ar Oideachas. Mar shampla:
Chun fáil amach faoi na cúrsaí atá ar fáil agus chun comhairle a fháil faoi conas áit a fháil ar do rogha cúrsa, ba chóir duit dul i dteagmháil le do CGO, scoil, coláiste nó leabharlann phoiblí áitiúil nó leis an Ionad Faisnéise do Shaoránaigh.
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.