Má bhíonn tú páirteach sa Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha féadfaidh tú leanúint ar aghaidh ag fáil do Liúntas Cuardaitheora Poist nó do Sochar Cuardaitheora Poist fad is atá tú ag freastal ar chúrsaí áirithe oideachais, oiliúna nó forbartha.
Féadfaidh d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil socruithe speisialta saighneála a dhéanamh duit chun go bhféadfaidh tú freastal ar do chúrsa.
Scéim riaracháin is ea an Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha.
Ciallaíonn sé sin nach féidir leat achomharc a dhéanamh in
aghaidh cinnidh chuig an Oifig Achomhairc Leasa
Shóisialaigh má dhiúltaítear an rogha seo a thabhairt duit.
Le bheith incháilithe i gcomhair Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha agus do Liúntas Cuardaitheora Poist nó do Shochar Cuardaitheora Poist a choinneáil ní mór duit:
Agus
Is iad na cúrsaí atá clúdaithe sa Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha ná na cúrsaí sin nach gclúdaítear faoi scéim Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas. Caithfidh tú a thaispeáint go mbeidh deis níos fearr agat jab a fháil de bharr an chúrsa a dhéanamh. Áirítear cúrsaí mar seo a leanas mar chúrsaí a bhféadfá páirt a ghlacadh iontu:
Caithfidh éascaitheoir an cúrsa a fhaomhadh. Féadfaidh tú coinne a dhéanamh bualadh le héascaitheoir trí theagmháil a dhéanamh le d’Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.
Chun fáil amach faoi na cúrsaí atá ar fáil agus chun comhairle a fháil
faoi conas áit a fháil ar do rogha cúrsa, ba chóir duit dul i dteagmháil
le do
CGO, scoil, coláiste nó leabharlann phoiblí áitiúil nó leis an Ionad
Faisnéise do Shaoránaigh.
Gheobhaidh tú do Liúntas Cuardaitheora Poist nó do Shochar Cuardaitheora Poist gach seachtain i gcónaí agus aon sochair thánaisteacha ag an gnáthráta.
D’fhéadfadh rudaí mar seo a leanas a bheith san áireamh mar shochair thánaisteacha:
Má tá íocaíocht leasa shóisialaigh á fáil agat féadfaidh tú costais as póca suas go €32 in aghaidh na seachtaine a fháil. Is íocaíocht í seo le cabhrú leat íoc as na costais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ort de bharr do chúrsa, mar shampla, costais béilí agus taistil. Ceist riaracháin is ea costais as póca a íoc agus ní féidir leat achomharc a dhéanamh faoi chuig an Oifig Achomhairc Leasa Shóisialaigh.
Ní chuirtear an íocaíocht bhreise san áireamh mar mhaoin nuair atá Liúntas Cuardaitheora Poist á mheasúnú ach d’fhéadfadh tionchar a bheith aici, áfach, ar mhéid an Fhorlíonaidh Cíosa nó an Fhordheontais Ús Morgáiste atá á fháil agat.
Má bhí tú ag saighneáil i gcomhair creidmheasanna dífhostaíochta
leanfaidh tú ort ag fáil na gcreidmheasanna chomh fada is atá tú ag glacadh
páirte sa Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha.
Ba chóir gach iarratas le haghaidh an Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha a dhéanamh ar an bhfoirm BTE1. Iarrfar ort faisnéis a chur ar fáil faoi do chúrsa, mar shampla:
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.