Anseo atá tú: Baile > Leas Sóisialach > Íocaíochtaí Leasa Shóisialaigh > Filleadh ar Oideachas > Clár ar ais chun Oideachais

Print Page Send to a Friend

Clár ar ais chun Oideachais

Féadfaidh an Clár ar Ais Chun Oideachais tacaíocht a thabhairt duit páirt a ghlacadh i gcúrsaí um fhorbairt phearsanta agus oideachasúil chun chuidiú leat fostaíocht a fháil.

Liúntas Ar Ais Chun Oideachais

Féadfaidh Clár Ar Ais Chun Oideachais cabhrú le daoine atá ag fáil íocaíocht leasa shóisialaigh le rochtain ar oideachas dara agus tríú leibhéal.

Rogha Oideachais Páirtaimseartha

Má tá tú dífhostaithe, ceadaíonn Rogha Oideachais Páirtaimseartha duit do Liúntas do Lucht Cuardaigh Fostaíochta nó Sochar do Lucht Cuardaigh Fostaíochta a choinneáil agus freastal ar chúrsa páirtaimseartha lae/tráthnóna sa dóigh go mbeidh seans níos fearr agat le post a fháil.

Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha

Ma tá tú ag fáil Liúntais nó Sochair do Lucht Cuardaigh Fostaíochta is féidir leat freastal ar chúrsa nach bhfuil clúdaithe ag gnáth Liúntas Ar Ais Chun Oideachais, ar nós cúrsa forbartha pearsanta, cúrsa oideachais bunúsaigh (mar shampla, ranganna litearthachta), cúrsa oiliúna ginearálta agus jabscileanna éagsúla. Léigh tuilleadh faoi na critéir cáilithe le haghaidh Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 31 August 2010

Teanga

English

Ábhar Gaolmhar

  • Rogha Oideachais Páirtaimseartha
    Is féidir leat d’íocaíocht cuardaitheora poist a choinneáil agus páirt a ghlacadh i gcúrsa páirtaimseartha chun feabhas a chur ar do sheans post a fháil. Faigh tuilleadh eolais.
  • Áiteanna tríú-leibhéil agus athoiliúna do chuardaitheoirí poist
    Scéimeanna a chuireann áiteanna ar fáil ar chúrsaí oideachais agus oiliúna do dhaoine ag a bhfuil íocaíocht chuardaitheora poist á fáil acu. Chuir clár Lingchláir áiteanna ardoideachais pháirtaimseartha ar fáil in 2011.
  • Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas
    Tá an Scéim Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas dírithe orthu atá dífhostaithe, ag fáil Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó tá míchumas orthu chun cúrsaí dara nó tríú leibhéil ceadaithe a dhéanamh.

Téigh i dteagmháil linn

Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.