Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas

Cad é an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas?

Má tá tú dífhostaithe, i do thuismitheoir sa bhaile, nó faoi mhíchumas, agus má tá íocaíochtaí áirithe á bhfáil agat ón Roinn Coimirce Sóisialaí, is féidir leat freastal ar chúrsa oideachais dara nó tríú leibhéal agus an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA) a fháil. Beidh tú in ann oibriú go páirtaimseartha gan tionchar a imirt ar d’íocaíocht BTEA.

Más mian leat cúrsaí de chineálacha eile a dhéanamh nach gcuimsítear faoin BTEA, mar shampla, cúrsaí forbartha pearsanta nó cúrsaí oiliúna ginearálta, is féidir leat filleadh ar an oideachas faoin Rogha Oideachais, Oiliúna agus Forbartha; Rogha Oideachais pháirtaimseartha; nó faoin Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS).

Ní íoctar BTEA ach amháin ar chúrsaí ceadaithe a thosaíonn in Éirinn nó i dTuaisceart Éireann. Mar sin féin, is féidir BTEA a íoc leat ar feadh bliana thar lear (mar shampla, faoi scéim Erasmus) má tá an bhliain mar chuid lárnach nó éigeantach de do chúrsa. Ní mór do chláraitheoir nó oifig iontrála do choláiste é seo a fhíorú.

Is féidir leat tuilleadh faisnéise a fháil i dtreoirlínte oibriúcháin an Liúntais um Fhilleadh ar Oideachas.

Roghanna staidéir

Tá dhá rogha staidéir ar fáil faoin scéim seo:

  • Rogha dara leibhéal
  • Rogha tríú leibhéal

Ní mór go n-eascróidh creidiúnú Dhearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (QQI) as gach cúrsa (áirítear leo seo dámhachtainí FETAC nó HETAC) nó a gcomhionann. Anuas air sin, ní mór duit dul chun cinn a dhéanamh i gcáilíochtaí oideachais. Mar shampla, má tá cáilíocht Leibhéal 6 bainte amach agat ar an gCreat Náisiúnta Cáilíochtaí cheana féin, ní mór go mbeidh cáilíocht Leibhéal 7, ar a laghad, le baint amach sa chúrsa ar a bhfreastalaíonn tú. Maolaíodh an riail um dhul chun cinn seo i measc daoine a dhéanann iarratas ar chúrsaí dara leibhéal ar Leibhéal 5 agus 6 faoi chúinsí teoranta áirithe.

Má tá cáilíocht Leibhéal 5 nó 6 bainte amach cheana féin agat i limistéar nach bhfuil ag fás a thuilleadh, má d’oibrigh tú ar feadh 3 bliana, ar a laghad, in Éirinn agus má shásaíonn tú gach critéar eile den BTEA, b’fhéidir go mbeidh cead agat breis cúrsaí a dhéanamh ar cheachtar de na leibhéil seo – a fhad agus atá an cúrsaí ar an dara leibhéal, a fhad agus go gcuirfidh an cúrsa ar do chumas do ghairm a chur chun cinn, a fhad agus nach maireann sé ar feadh breis agus dhá bhliain (24 mí) agus go gcomhlíonann sé riachtanais scileanna amach anseo nó éileamh áitiúil. Ní mór do d’Oifigeach Cáis de chuid na RCS an cúrsa a mholadh, chomh maith.

Rogha dara leibhéal

Féadfaidh tú freastal ar chúrsa oideachais dara leibhéal ag aon mheánscoil, pobalscoil, scoil chuimsitheach nó gairmscoil. Ní mór gur cúrsa lánaimseartha atá sa chúrsa agus ní mór go n-eascróidh teastas as a aithníonn an Roinn Oideachais agus Scileanna nó a fhaomhann Dearbhú Cáilíochta agus Cáilíochtaí Éireann (DCCÉ), mar shampla, an Teastas Sóisearach, an Ardteistiméireacht, cúrsa Iar-Ardteistiméireachta nó Teastas City and Guilds. Ní mheastar gurb ionann cúrsa Rochtana nó Bonnleibhéil agus cúrsa dara leibhéal ar mhaithe le cuspóirí LFAO.

Rogha tríú leibhéal

Féadfaidh tú freastal ar aon chúrsa tríú leibhéal oideachas in institiúid tríú leibhéal (ollscoil, institiúid oideachais nó coláiste tríú leibhéal). Ní mór gur cúrsa lánaimseartha lae atá sa chúrsa agus ní mór go mbíonn sé faofa don Scéim Deontas Mac Léinn nó a bheith faofa ag Comhairle na nDámhachtainí Ardoideachais agus Oiliúna (HETAC). Tabhair faoi deara nach bhfuil gach cúrsa de chuid HETAC faofa don LFAO.

Cúrsaí fochéime

Caithfidh do chúrsa tríú leibhéal a bheith á thosú agat, go ginearálta, ag bliain a haon. B’fhéidir go mbeidh tú incháilithe do LFAO sna cásanna seo a leanas, áfach:

  • Tá tú díolmhaithe ó chuid de do chúrsa mar gheall ar cháilíocht a fuair tú in iarchúrsa. Mar shampla, tá ardteastas bainte amach agat i gcúrsa agus tá sé ar intinn anois agat tabhairt faoi chúrsa den chineál sin ar leibhéal céime.
  • Má chríochnaigh tú bliain amháin (nó níos mó) de do chúrsa mar mhac léinn páirtaimseartha
  • Má chríochnaigh tú blianta níos luaithe sula raibh tú dífhostaithe nó sula ndearnadh iomarcach go reachtúil thú
  • Má cheadaíonn do scoil nó coláiste duit leanúint ar aghaidh chuig an gcéad bhliain eile i gcúrsa tar éis gur éirigh tú as an gcúrsa nó gur chuir tú an cúrsa siar (mar gheall ar chúinsí maolaithe)
  • Má bhí Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora (ÍTA) á fáil agat fad a bhí tú ag tabhairt faoi oideachas lánaimseartha agus má rinne athruithe a bhaineann le haois a tháinig ar an ÍTA difear duit. Is féidir daoine sa chás seo a cheadú bheith rannpháirteach in LFAO i lár an chúrsa.

Cúrsaí iarchéime

Má tá gnáthchéim Leibhéal 7 agat, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar chéim onóracha bliana breise a d’fhéadfadh a bheith i ndisciplín difriúil. Ní féidir leat LFAO a fháil do chúrsa céime Leibhéal 8 nua.

Is féidir leat an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a fháil i dtaobh cúrsa staidéir iarchéime óna n-eascraíonn cáilíocht Ard-Dioplóma (H.Dip.) i ndisciplín ar bith nó a n-eascraíonn Máistreacht Ghairmiúil san Oideachas (múinteoireacht iar-bhunscoile) as.

Ní aithnítear saghsanna eile de cháilíochtaí iarchéime, go ginearálta, don LFAO. Is í an t-aon eisceacht leis seo ná nuair a lig coláiste do dhuine gan cáilíocht tríú leibhéal isteach ar chúrsa Máistir de bharr taithí ábhartha saoil. Sna cásanna seo, d’fhéadfadh an duine bheith i dteideal LFAO a fháil.

Ní bhfaighidh tú an LFAO má tá agat cheana cáilíocht iarchéime, murach gur cúrsa Springboard é.

Deontais mhac léinn

Roinnfear an Scéim Deontais do Mhic Léinn in 2 chomhábhar – deontais chothabhála agus deontais táillí. Ní féidir leat an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA) agus an comhábhar cothabhála de dheontas mac léinn a fháil le chéile.

Cé nach bhfuil tú i dteideal an comhábhar cothabhála de dheontas mac léinn a fháil, ní mór duit foirm iarratais ar dheontas mac léinn a chur ar aghaidh go ndéanfar í a mheasúnú do dheontas táillí chun íoc as do Ranníocaíocht Mac Léinn (ar ar tugadh an muirear seirbhísí mac léinn roimhe seo), as costais turas allamuigh agus as táillí teagaisc (más iníoctha).

Má tá Íocaíocht Teaghlach Aontuismitheora nó íocaíocht mhíchumais (Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte nó Sochar Breoiteachta) á fáil agat, is féidir leat roghnú le leanúint agus d’íocaíocht reatha leasa shóisialaigh a fháil agus cur isteach ar dheontas mac léinn nó is féidir leat roghnú chun aistriú chuig an BTEA. Go ginearálta, níl daoine a bhfuil staidéar lánaimseartha á dhéanamh acu i dteideal Forlíonadh Cíosa a fháil mura bhfuil LFAO á fháil acu.

Léigh níos mó faoi inár gcáipéisíocht ar íocaíochtaí leasa shóisialaigh agus ar dheontais mhac léinn.

Cáiliú don BTEA

Go ginearálta, ní mór duit bheith níos sine ná 21 bliain d’aois nó níos sine ná 24 bliain d’aois maidir le cúrsaí iarchéime (féach freisin ‘Aoisteorainneacha’ thíos) agus ní mór go raibh íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat. Ní mór gur glacadh leat i gcónaí ar chúrsa cáilitheach.

Íocaíochtaí cáilitheacha leasa shóisialaigh

Ó 2015, más iarratasóir nua thú ar an LFAO agus má bhí íocaíocht chuardaitheora poist, Cúnamh Feirme, Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora nó Íocaíocht Idirthréimhseach Chuardaitheora Poist á fáil agat, caithfidh tú do theidlíocht do bhuníocaíocht a athdheimhniú chun go leanfaidh tú de bheith i dteideal LFAO a fháil don dara bliain staidéir nó do bhlianta ina dhiaidh sin.

Ón 1 Eanáir 2015, ní cháilítear thú a thuilleadh don LFAO nuair a chríochnaítear do Shochar Cuardaitheora Poist deireadh – i ndiaidh 6 nó 9 mí. Caithfidh tú cáiliú d’íocaíocht eile go leanfaidh tú leis an LFAO a fháil. Is féidir le daoine a cháiligh don LFAO nuair a bhí Sochar Cuardaitheora Poist á fháil acu roimh an 1 Eanáir 2015 leanúint leis an LFAO a fháil go dtí deireadh a gcúrsa agus má bheidh siad ag leanúint ar aghaidh go dtí cúrsa nua faofa.

Tréimhse cháilithe

I dtaobh cúrsaí dara leibhéal, ní mór go raibh íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat (féach thuas) ar feadh 3 mhí (78 lá dífhostaíochta) ar a laghad díreach sula dtosaíonn tú an cúrsa.

I dtaobh cúrsaí tríú leibhéal, ní mór go raibh íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat (féach thuas) ar feadh 9 mí (234 lá dífhostaíochta) ar a laghad díreach sula dtosaíonn tú an cúrsa. Le haghaidh Dioplóma Iarchéime in Oideachas, ní mór go raibh íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh á fáil agat ar feadh 12 mhí (312 lá)

Don bhliain acadúil 2022/23, má bhog tú ó PUP go híocaíocht cuardaitheora poist agus má d’fhan tú ar an íocaíocht cuardaitheora poist measfar go bhfuil an tréimhse cháilitheacháin don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas comhlíonta agat.

An tréimhse cháilithe a shásamh

Ní gá go raibh d’íocaíocht cháilitheach á fáil agat go leanúnach. Is féidir tréimhsí ina raibh íocaíochtaí eile cáilitheacha leasa shóisialaigh á bhfáil (nó creidmheasanna á bhfáil) nach bhfuil sos breis agus 12 mhí (52 seachtain) eatarthu a úsáid lena dheimhniú cibé acu an sásaíonn nó nach sásaíonn tú critéir na tréimhse cáilithe. Ní mór go bhfuil íocaíocht cháilitheach á bhfáil agat díreach sula dtosaíonn tú do chúrsa.

D’fhéadfadh go gcuirfí am a chaitear ar an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (BTEA), an Scéim Deiseanna Oiliúna Gairmoideachais (VTOS), cúrsaí lánaimseartha oiliúna de chuid FET, FIT, scéimeanna Fostaíocht Pobail, an Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha, an Clár Seirbhísí Pobail, an Scéim Shóisialta Tuaithe, TÚS, an Scéim Náisiúnta Intéirneachta, an Scéim Socrúchán Oibre (CSO), an Liúntas Fiontraíochta um Fhilleadh ar Obair, JobPath, an Liúntas Fiontraíochta Gearrthréimseach, Tionscnamh Poist FÁS, Postchúnamh Ioncaim san áireamh i dtreo na tréimhse cáilitheachta. Ní bhíonn sé seo i gceist ach amháin má chruthaíonn tú teidlíocht i leith íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh díreach sula dtosaíonn tú do chúrsa ceadaithe staidéir.

Is féidir am a caiteadh ar Youthreach a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilitheachta a fhad agus a chruthaíonn tú teidlíocht i leith íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh sula gcríochnaíonn tú an clár Youthreach nó i ndiaidh duit é a chríochnú.

Is féidir am a caiteadh sa phríosún a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilitheachta a fhad agus a chruthaíonn tú teidlíocht i leith íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh.

Is féidir am a caitheadh ar an Liúntas Forlíontach Leasa Shóisialaigh (LFLS) nó ar sholáthar díreach a chur san áireamh i dtreo na tréimhse cáilitheachta don BTEA. Ní bhíonn sé seo i gceist ach amháin má chruthaíonn tú teidlíocht i leith íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh díreach sula dtosaíonn tú do chúrsa ceadaithe staidéir.

Má bronnadh iomarcaíocht reachtúil ort agus má tá tú i dteideal íocaíocht cháilitheach leasa shóisialaigh a fháil díreach sula dtosaíonn tú an cúrsa, is féidir leat rochtain láithreach a fháil ar an BTEA gan aon tréimhse feithimh. Ní mór duit páirt a ghlacadh i scéim an BTEA laistigh de bhliain amháin ó iomarcaíocht reachúil a fháil.

Aoisteorainneacha

Chun cáiliú don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, ní mór duit bheith 21 bliain d’aois ar a laghad. Ní mór duit bheith 24 bliain d’aois chun cáiliú do chúrsa iarchéime tríú leibhéal.

Má tá Liúntas Cuardaitheora PoistSochar Cuardaitheora Poist a fáil agat, áfach, don tréimhse riachtanach (3 nó 9 mí), má tá tú idir 18 agus 20 bliain d’aois agus má tá an córas oideachais foirmiúil fágtha agat ar feadh 2 bhliain ar a laghad, d’fhéadfá cáiliú.

Má tá tú 18 mbliana d’aois nó níos sine (níos sine ná 24 bliain d’aois don rogha iarchéime) agus má tá Pinsean na nDall, Liúntas Míchumais, Pinsean Easláinte, Forlíonadh ÉagumaisÍocaíocht Teaghlach Aontuismitheora á fháil agat don tréimhse riachtanach (3 mí/78 lá nó 9 mí/234 lá) d’fhéadfá cáiliú.

Creidmheasanna dífhostaíochta nó breoiteachta

Má tá tú ag síniú le haghaidh creidmheasanna dífhostaíochta nó má tá teastais leighis á gcur ar aghaidh agat do chreidmheasanna breoiteachta, don tréimhse riachtanach ama (cibé acu 3 nó 9 mí ag brath ar do chúrsa), d’fhéadfá cáiliú chun páirt a ghlacadh i scéim an BTEA ar bhonn neamhíocaíochta. Ciallaíonn seo nach bhfaigheann tú Liúntas seachtainiúil um Fhilleadh ar Oideachas. Leanann tú le ranníocaíochtaí creidiúnaithe a fháil fad atá páirt á glacadh agat i scéim an BTEA.

Má tá páirt á glacadh agat i scéim an BTEA ar bhonn neamhíocaíochta, is féidir leat cur isteach, freisin, ar dheontas mac léinn go ndéanfaí measúnú ort don chomhábhar táillí agus cothabhála den deontas.

Má chuireann tú siar bliain staidéir, meastar gur iontrálaí nua thú nuair téann tú ar ais ar do chúrsa.

Daoine eile ar féidir leo cáiliú don BTEA

Ón 2 Meitheamh 2015, beidh ar dhaoine fásta cáilithe teidlíocht d’íocaíocht cháilitheach a dheimhniú ina gceart féin sular féidir iad a fhaomhadh do LFAO. Bunaítear an ráta atá iníoctha ar a dteidlíocht. Féadfaidh tú am caite mar dhuine fásta cáilithe a úsáid chun an tréimhse cáilithe a shásamh.

Roimh an 2 Meitheamh 2015, d’fhéadfadh daoine ar dhuine fásta cáilithe iad le duine ar féidir leis/lei LFAO a éileamh, cáiliú do LFAO ina gceart féin.

Féadfaidh an bheirt pháirtnéirí LFAO a fháil agus iad ag tabhairt faoi chúrsa faofa.

Socruithe monatóireachta

Ní mór duit deimhniú a sholáthar ón scoil/gcoláiste a dheimhníonn do chlárú, do thosú agus d’fhreastal ar an gcúrsa. Ní mór duit an fhaisnéis seo a sholáthar sular féidir tús a chur le híocaíocht. Le linn na bliana acadúla, d’fhéadfadh go n-iarrfar ort dearbhú a sholáthar go bhfuil páirt fós á glacadh agat sa chúrsa.

Má aistríonn tú ó íocaíocht chuardaitheora poist chuig an BTEA, ní gá duit síniú ag d’Oifig Áitiúil Leasa Shóisialaigh fad atá an BTEA á fháil agat.

Má thagann athrú ar do chúinsí, mar shampla, má stopann tú ag freastal ar do chúrsa nó má thosaíonn tú ag oibriú go páirtaimseartha, caithfidh tú an Roinn a chur ar an eolas láithreach bonn mar gheall go bhféadfadh na hathruithe siúd tionchar a imirt ar do theidlíocht do d’íocaíocht cháilitheach nó do luach d’íocaíochta LFAO.

An BTEA agus íocaíochtaí eile

Níl daoine a bhfuil Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas á fháil acu i dteideal tabhairt faoi Fhostaíocht Pobail, Clár an Gheilleagair Shóisialta, Tús, Scéim Shóisialta Tuaithe, aon chláir oiliúna FET (FÁS roimhe seo) nó Fháilte Éireann, Clár Socrúchán Oibre, JobBridge nó Scéim Dreasachta Poist Pháirtaimseartha.

Níl daoine a bhfuil Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas á fháil acu i dteideal Forlíonadh Ioncam Teaghlaigh (FIT) a fháil.

An BTEA agus obair pháirtaimseartha

Déanfar measúnú ar dhaoine a bhfuil an LFAO á fháil acu agus a ghlacann le hobair i rith na bliana acadúla faoi na rialacha (an tástáil mhaoine san áireamh) a bhaineann lena mbuníocaíocht - is é sin, an íocaíocht ónar cháiligh tú don LFAO. Ní bhíonn seo i gceist ach ó bhliain acadúil 2016/2017 i gcás iarratasóirí nua nó daoine a fhilleann ar an LFAO i ndiaidh sosa. Roimhe seo, ní dhearna obair pháirtaimseartha i rith na bliana acadúla difear don ráta LFAO a íocadh.

Má cháilítear thú don LFAO ó íocaíocht chuardaitheora poist, is féidir leat aon líon laethanta a oibriú gach seachtain i rith na bliana acadúla. Caithfidh tú coinníollacha eile do bhuníocaíochta a shásamh, áfach, mar shampla, caithfidh tú an tástáil mhaoine a shásamh i gcás Liúntas Cuardaitheora Poist.

Tréimhse an tsamhraidh idir blianta acadúla

Má bhí íocaíocht chuardaitheora poist á fáil agat sular fhill tú ar oideachas, ní íoctar do BTEA i gcaitheamh thréimhse mhíonna an tsamhraidh idir na blianta acadúla. (Íocfar é ó thús na bliana nua acadúla a fhad agus a leanann tú leis na critéir cháilitheachta a shásamh).

Murar féidir leat obair a aimsiú i gcaitheamh thréimhse an tsamhraidh, b’fhéidir go bhfuil tú i dteideal Sochar Cuardaitheora PoistLiúntas Cuardaitheora Poist a fháil. Ní mór duit na coinníollacha go léir a chomhlíonadh, lena n-áirítear bheith in ann obair a dhéanamh, fáil a bheith ort chun obair a dhéanamh agus fíor-iarracht a bheith á déanamh agat chun obair a chuardach. Má éilíonn tú Liúntas Cuardaitheora Poist (LCP) agus má oibríonn tú go páirtaimseartha, measúnaítear do thuillimh i leith do LCP.

Má stopann tú ag oibriú nó má thagann athrú ar do phatrún oibre, ba cheart duit d’ionad Intreo a chur ar an eolas ionas gur féidir athmheasúnú a dhéanamh ar do chás.

Rátaí don BTEA

Is ionann a bheidh do ráta seachtainiúil den LFAO agus méid d’iaríocaíochta coimirce sóisialaí (an íocaíocht a cháiligh thú chun páirt a ghlacadh sa scéim). B’fhéidir go gcáileoidh tú do mhéadaithe freisin do dhuine fásta cáilithe agus leanaí cáilithe. Caithfidh gur dheimhnigh tú go bhfuil tú i dteideal íocaíocht cháilitheach a fháil díreach sula dtosaíonn tú leis an LFAO a fháil, fiú má bhí tú rannpháirteach roimhe seo i scéim fostaíochta nó oiliúna. Bunaítear an ráta den LFAO ar an íocaíocht cháilitheach seo.

Má tá tú níos óige ná 25 bliain d’aois agus má tá íocaíocht laghdaithe Liúntas Cuardaitheora Poist á fáil agat mar gheall ar d’aois, méadófar d’íocaíocht go dtí €232. Bainfear aon mhaoin atá agat ón ráta seo.

Is féidir do Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas a íoc go díreach le do chuntas bainc. Íoctar é ar feadh fhad an chúrsa. Má bhí íocaíocht chuardaitheora poist á fáil agat roimhe seo, ní bhfaighidh tú an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas i rith an tsamhraidh idir blianta acadúla. Déanfaidh d’Ionad Intreo teagmháil leat i Márta nó Aibreán leis an dáta deireanach freastail don bhliain acadúil reatha a fhiafraí díot agus ní íocfar LFAO leat tar éis an dáta seo. Is féidir leat an LFAO a fháil, áfach, i rith an tsamhraidh má tá tú ar shocrúchán oibre nó i dtaithí oibre atá mar chuid bhunriachtanach de do chúrsa.

Má chuireann tú bliain staidéir siar, caitear leat mar iontrálaí nuair nuair a fhilleann tú ar do chúrsa.

Liúntas Costas Oideachais

Ó Mheanfómhair 2017, gheobhaidh tú Liúntas Costas Oideachais bliantúil de €500 ná tá BTEA á fháil agat agus go bhfuil leanbh cleithiúnach agat.

Do chuid sochair thánaisteacha a choimeád

Má cháilítear thú don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas, is féidir leat do theidlíocht i leith aon sochar tánaisteach atá agat cheana féin a choimeád, mar shampla, Liúntas Breosla, Forlíonadh Cíosa agus Forlíonadh Ús Morgáiste. D’fhéadfadh aon mhéadú ar ioncam tionchar a imirt ar do theidlíocht i leith Forlíonadh Cíosa/Ús Morgáiste nó an méid den fhorlíonadh a fhaigheann tú, áfach. Mar shampla, d’fhéadfadh seo tarlú má bhogann tú ó íocaíocht laghdaithe leasa shóisialaigh chuig an ráta caighdeánach den BTEA.

Conas iarratas a dhéanamh

Ní mór duit, nuair a ghlactar ar chúrsa tú, an Roinn Coimirce Sóisialaí agus Coimirce Sóisialaí a chuir ar an eolas trí foirm iarratais don Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas (pdf) a íoschóipeáil, a líonadh isteach agus a sheoladh chucu. Tá an fhoirm le fáil ó do Oifig Leasa Shóisialaigh áitiúil chomh maith.

Ní mór duit dearbhú i scríbhinn a fháil go bhfuil tú cláraithe mar mhac léinn lae lánaimseartha ó oifigeach iontrála nó ó chláraitheoir an choláiste. Ní bhfaighidh tú íocaíocht den Liúntas um Fhilleadh ar an Oideachas go dtí go dtabharfaidh tú an litir dhearbhaithe seo don Roinn Coimirce Sóisialaí agus Coimirce Sóisialaí.

Ní mór duit cur isteach ar LFO roimh duit tosú ar chúrsa ceadaithe. Glacfar le hiarratas deireanach má tá cúis mhaith leis a bheith deireanach agus má fhaigheann an rannóg cuí den Roinn é taobh istigh de 30 lá ó thús an chúrsa.

Seol d’fhoirm iarratais chuig an rannóg sa Roinn Coimirce Sóisialaí agus Coimirce Sóisialaí a láimhseálann d’íocaíochtaí - féach ‘Cá háit a ndéanfaidh mé iarratas’ thíos.

Athbhreithniú agus achomhairc

Scéim neamhreachtúil is ea an Liúntas um Fhilleadh ar Oideachas. Ciallaíonn seo nach féidir cinntí a achomharc leis an Oifig Achomharc Leasa Shóisialaigh. Mura bhfuil tú sásta le cinneadh, is féidir leat a iarraidh (i scríbhinn) laistigh de 21 lá go ndéanfaidh oifigeach den Oifig ábhartha Áitiúil Leasa Shóisialaigh nó an Rannóg ábhartha den Roinn, athreithniú trí aon fhianaise nua a thacaíonn leis an athbhreithniú a chur faoi iamh.

Cá háit a ndéanfaidh méiarratas

Má fhaigheann tú íocaíocht cuardaitheora poist, caithfidh tú do fhoirm iarratas a sheol chuig le d'ionad Intreo nó d’oifig leasa shóisialaigh áitiúil (pdf)

Má fhaigheann tú Sochar Breoiteachta, teigh i dteagmháil le:

Scéimeanna um Fhilleadh ar Oideachas

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Tithe an Rialtais
Grianán na Sionna
Cora Droma Rúisc
Carrick-on-Shannon
Liatrom
Éire

Teil: (071) 967 2616 or 0818 927 999

Ma fhaigheann tú Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora, íocaíocht do mhná céile tréigthe, Pinsean Neamh-ranníocach do Bhaintreach nó do Bhaintreach Fir Pinsean Ranníocach do Bhaintreach nó do Bhaintreach Fir nó Pinsean na nDall, teigh i dteagmháil le:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Bóthar an Choláiste
Sligeach F91 T384
Éire

Uaireanta Oscailte: Ní thairgeann an oifig seo seirbhís do chuairteoirí pearsanta. Caithfidh gach ceist a bheith cur isteach tríd an fhoirm fiosraithe ar líne a úsáid, tríd an teileafón nó i scríbhinn.
Teil: (071) 915 7100 or 0818 200 400

Má fhaigheann tú Liúntas Míchumas, Pinsean Éasláinte, Forlíonadh Éagumais nó Liúntas Cúramóra, teigh i dteagmháil le:

An Roinn Coimirce Sóisialaí

Oifig na Seirbhísí Leasa Shóisialaigh
Tithe an Rialtais
Bóthar Béal Átha na Lao
An Longfort
Éire

Teil: (043) 334 0000 or 0818 927 770
Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Eanáir 2024