Córas leasa shóisialaigh in Éirinn

Faisnéis

Is tacaíócht airgeadais Stáit é an córas leasa shóisialach do dhaoine a bhféadfadh cúnamh a bheith ag teastáil uathu mar gheall ar staideanna éagsúla saoil. D'fhéadfadh go n-aireofaí leis seo daoine atá dífhostaithe, breoite, faoi mhíchumas, ar scor, nó atá ag tógáil leo féin.

Cineálacha íocaíochta leasa shóisialaigh

Tá an córas leasa shóisialaigh in Éirinn roinnte i 3 phríomhchineál íocaíochta. Is iad sin:

  • Íocaíochtaí árachais shóisialaigh
  • Íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh (ar a dtugtar íocaíochtaí de réir tástála acmhainne freisin)
  • Íocaíochtaí uilíocha

Is féidir leat míniú a fháil ar gach cineál thíos.

Le gach íocaíocht leasa shóisialaigh, ní mór duit imthosca sonracha a chomhlíonadh chun cáiliú don íocaíocht. Mar shampla, chun an Íocaíocht Teaghlaigh Aontuismitheora a éileamh, ní mór duit a bheith i do thuismitheoir aonair agus gan a bheith ag comhchónaí le do chéile nó do pháirtí.

Tá raon scéimeanna fostaíochta agus tacaíochtaí eile ann freisin a spreagann daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach filleadh ar an obair.

Ní mór duit a bheith i do ghnáthchónaí chun cáíliú le haghaidh íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh.

 

Cineál íocaíóchta

Sonraí

Mar shampla

Íocaíochtaí árachais shóisialaigh

Féadfaidh tú íocaíocht árachais shóisialaigh a éileamh má:

· Go leor ranníocaíochtaí árachais (coinníollacha Áspc) a bheith agat

· Na coinníollacha sonracha a chomhlíonadh

Athraíonn na coinníollacha seo, ag brath ar an íocaíocht a dhéanann tú iarratas.

Féadfaidh tú achroime ar na coinníollacha ranníocaíochta ÁSPC do gach íocaíocht a léamh ar shuíomh Gréasáin na Roinne Coimirce Sóisialaí

Sochar Cuardaitheora Poist

Sochar Breoiteachta

Sochar Máithreachais

Pinsean Easláine

Sochar Cúramóra

Pinsean Stáit (Ranníocach)

Íocaíochtaí de réir tástála acmhainne

(ar a dtugtar freisin íocaíochtaí cúnaimh shóisialaigh)

Gheobhaidh tú íocaíocht de réir tástála acmhainne mura bhfuil dóthain ranníocaíochtaí ÁSPC agat chun cáiliú do na híocaíochtaí coibhéiseacha atá bunaithe ar árachas sóisialta.

Is éard is tástáil acmhainne ann nuair a scrúdaíonn an Roinn Coimirce Sóisialaí d'ioncam go léir féachaint an bhfuil se faoi leibhéal áirithe.

Braitheann an chaoi a ndéantar d'achmhainn a thástáil ar an íocaíocht.

D'fhéadfadh go gceadófar duit roinnt ioncaim nó coigiltis sula gcuirfear isteach ar do theidlíocht ar íocaíocht. Tugtar namhaird ioncaim air seo.

 

Mura bhfuil dóthain ranníocaíóchtaí árachais shóisialaigh agat chun iarratas a dhéanamh ar Shochar Cuardaitheora Poist, féadfaidh tú iarratas a dhéanamh ar Liúnta Cuardaitheora Poist.

Íocaíochtaí uilíocha

Is féidir leat íocaíocht uilíoch a fháil beag beann ar d'ioncam nó do thaifead árachais shóisialaigh.

Chun cailiú, ní mór duit imthosca pearsanta ar leith a chomhlíonadh.

Sochar Linbh

 

 

 

Cas iad na rialacha a rialaíonn íocaíochtaí?

Tá na rialacha a rialaíonn íocaíochtaí leasa shóisialaigh leagtha amach sa reachtaíocht agus sna Treorlínte Oibriúcháin.

Tá an cuid is mó de na Treoirlínte Oibriúcháin mionsonraithe a rialaíonn íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar fáil ar gov.ie

Cé a chineann an féidr liom íocaíocht a fháil?

I gcás fhormhór na n-íocaíochtaí árachais shóisialaigh agus cúnaimh shóisialaigh, cinneann Oifigigh Bhreithiúnachta an bhfuil tú i dteideal na híocaíochta. Is oifigigh leasa shóisialaigh iad na hOifigigh Chinnidh a cheaptar faoin reachtaíocht leasa shóisialaigh.

Déanann oifigigh eile laistigh den Roinn Coimirce Sóisialaí íocaíochtaí eile mar iad siúd faoin Scéim Liúntais Leasa Fhorlíontaigh agus scéimeanna riaracháin áirithe.

Níl roinnt íocaíochtaí bunaithe sa reachtaíocht ach tá siad bunaithe ar chinntí rialtais agus ar threoirlínte riaracháin. Mar shampla:

An féidir lioim achomharc a dhéanamh in aghaidh chinneadh gan íocaíocht a dheonú dom?

Mura bhfuil tú sasta le cinneadh, féadfaidh tú achomharc a dhéanamh ar chinntí ar íocaíochtaí atá bunaithe sa reachtaíocht.

Más éileamh calaoiseach é

Má dhéanann duine ráiteas bréagach nó míthreorach chun íocaíocht leasa shóisialaigh a fháil dóibh féin nó do dhuine ar bith eile, d'fhéadfadh sé go ngearrfar fíneálacha móra nó príosúnachta ar feadh suas le 3 bliana orthu.

Compliance and Fraud Strategy ag an Roinn Coimirce Sóisialaí a bhfuil sé mar aidhm aici caolaois leasa shóisialaigh a laghdú.

Féadfaidh tú cásanna féideartha calaoise a thuairisciú don Roinn.

Cad iad na rátaí íocaíochta?

Rátaí íocaíochta leasa shóisialaigh ann

Tá 2 chineál íocaíochta leasa shóisialaigh ann.

  • Íocaíochtaí don éilitheoir (thusa), ar a dtugtar an ráta pearsanta íocaíochta
  • Íocaíochtaí d'aon chleithiúnaí aosaithe agus linbh

Is féidir leat na sonraí a léamh sa Leabhrán Rátaí Íocaíochta SW 19 a dhéanann an Roinn a nuashonrú gach bliain.

Cleithiúnach aosach

Tugtar duine fásta cáilithe ar chleithiúnaí aosaithe éilitheoira.

Féadfar íocaíocht do dhuine fásta cáilithe a íoc le haghaidh duine atá á chothabháil go hiomlán nó go príomha ag an éiloitheoir agus atá:

  • Céile, páirtnéir sibhialta nó comhchónaitheoir

  • Duine os cionn 16 bliana d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh cleithiúnaí an éilitheora

Foghlaim tuilleadh faoi éileamh a dhéanamh do chleithiúnaí aosaithe.

Leanbh cleithiúnaí

Tagraítear do leanbh cleithiúnaí mar leanbh cáilithe.

Ní mór do leanbh cáilithe:

  • Cónaí sa Stát
  • Gan iad a choinneáil i scoil leasaithe nó thionsclaíoch
  • Na coinníollacha aoise

Breathnaítear ar leanaí faoi 18 mbliana mar leanaí cáilithe. Déantar íocaíochaí do leanaí cleithiúnacha do leanaí os cionn 18 i gcásanna áirithe.

Foghlaim tuilleadh faoi éileamh a dhéanamh ar son cleithiúaí linbh.

Conas iarratas a dhéanamh ar chárta leasa shóisialaigh

Beidh ort foirm iarratais a chur isteach chun iarratas a dhéanamh ar íocaíocht leasa shóisialaigh.

Is féidir leat iarratas a dhéanamh ar roinnt íocaíochtaí leasa shóisialaigh ar líne. Teastaíonn cuntas MyGovID fíoraithe uait chun iarratas a dhéanamh ar roinnt íocaíochtaí.

Is féidir leat freisin:

Cárta seirbhísí poiblí

Nuair a dhéanann tú iarratas ar íocaíocht leasa shóisialaigh, beidh ort Cárta Seirbhísí Poiblí a sholáthar nó a chlárú. 1Seans go mbeidh d'uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (PSP) ag teastáil uait freisin.

Dáta an Leasaithe Deireanaigh: 9 Lúnasa 2023