Is féidir le híocadh Árachais shóisialta cuidiú leat bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialaigh, ar nós An Pinsean Stáit (Ranníocaíochta). Más fostaí thú, gearrtar asbhaintí Árachas Sóisialach Pá-Choibhneasta (ÁSPC) ó do phá gach aon seachtain.
Mura fostaí tú a thuilleadh nó má tá tú féinfhostaithe agus gan ranníocaíochtaí (ÁSPC) a dhéanamh, thig leat ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh.
Is féidir le ranníocaíochtaí deonacha do thaifead árachais shóisialta a chothabháil agus cuidiú leat bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialaigh sa todhchaí.
Más duine thú a d’éirigh as an obair chun dul i gcúram linbh faoi 12 bliana d’aois nó i gcúram duine éagumasach/ linbh éagumasach thig le Scéim um Chúramaí Baile bheith ina rogha níos fearr duit ná ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh.
Chun cáiliú le ranníocaíochtaí deonacha a dhéanamh ní mór duit:
Agus
Ní féidir ranníocaíochtaí atá íoctha de réir Aicme ÁSPC J a úsáid chun na coinníollacha seo a chomhlíonadh. Is féidir leat, áfach, ÁSPC ag Aicme J agus ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an am céanna.
Stadann tú ag íoc ranníocaíochtaí deonacha ceachtar nuair a bhíonn tú 66 bliana d’aois nó nuair a thosaíonn tú ag íoc ÁSPC arís.
Má fhaigheann tú Pinsean Stáit Leasa Shóisialaigh (Aistriú) ag 65 bliana níl ort ranníocaíochtaí deonacha sa bhreis a íoc.
Tá trí ráta éagsúil do ranníocaíochtaí deonacha ann. Is ionann an ráta ranníocaíocht deonach a íocann tú agus an ranníocaíocht ÁSPC is déanaí a d’íoc tú nó atá creidiúnaithe agat. Léigh tuilleadh eolais faoi íocadh árachais shóisialaigh.
Má d’íoc tú ÁSPC ag Aicme A, E, nó H, íocann tú ardráta ranníocaíochta de 6.6% ar d’ioncam inríofta sa bhliain cánach roimhe sin faoi réir íos-táille de €317. Is féidir bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialta le ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an ráta seo mar a leanas :
Má d’íoc tú ÁSPC ag Aicme B, C, nó D íocann tú íosráta ranníocaíochta de 2.6% ar d’ioncam inríofa sa bhliain chánach roimhe sin faoi réir íostáille de €126. Socraítear an t-uastáille de réir na huasteorann ÁSPC atá i bhfeidhm i ngach bliain ranníocaíochta. Is féidir bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialta le ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an ráta seo mar a leanas:
Má d’íoc tú ÁSPC ag Aicme S íocann tú bunráta de €235. Is féidir bheith i dteideal íocaíochtaí árachais shóisialta le ranníocaíochtaí deonacha a íoc ag an ráta seo mar a leanas :
Is féidir ranníocaíochtaí a íoc le seic, Dréacht Bainc nó Dochar Díreach. Is féidir leat do ranníocaíochtaí deonacha a íoc le cnapshuim roimh dheireadh na bliana ranníocaíochta nó le tráthchodanna gach trí nó se mhí le linn na bliana ranníocaíochta.
Le bheith i do ranníocóir deonach ní mór duit an fhoirm VC 1 a íoslódáil agus a líonadh (pdf).
Is féidir leat an fhoirm seo a fháil ó d’ oifig áitiúil leasa shóisialaigh.
Roinn Coimirce Sóisialaí
Bóthar Chorcaí
Port Láirge
Éire
Teil:(051) 356 000
Lóghlao:1890 690 690
Facs:(051) 877 838
Láithreán Gréasáin: http://www.welfare.ie/
R-phost: volcons@welfare.ie
Má tá ceist agat a bhaineann leis an ábhar seo, is féidir leat glao a chur ar an tSeirbhís Ghutháin um Fhaisnéis do Shaoránaigh 0761 07 4000 (Luan go hAoine idir 9rn agus 9in) no trí bhualadh isteach san Ionad Faisnéise do Shaoránaigh is gaire duit.